Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fearacht
/f′arəxd/
Ainmfhocal
níl a fhios agam céard is innscin nó athrú tuisil dó, mar ní bhaintear leas as ar chaoi ar bith a thiúrfadh aon-leide dhuit faoi na rudaí sin
a.
dálta an … ; ní hé a dhálta sin etc.; cosúil le; ag dul i gcosúlacht le … ; a leath cheann; rud mar … ; a ionnúil de … ; ar nós; ionann leis …
+
Ní hé m'fhearacht T. J. Thapaigh sé sin a ghnatha. Sé a bhí deas air = ní hé mo leath-cheannsa é; níl sé ag dul i gcosúlacht liomsa
Ní hé t'fhearacht-sa S. chor ar bith. Tá áird aige sin ar a ghnatha
TUILLEADH (5) ▼
Sé t'fhearacht féin críochnaithe é. Scrábálaí eile mar thú fhéin é = sé t'fhearacht-sa críochnaithe é
Ní hé fearacht an fhir seo annseo Eón chor ar bith. Tá ciall ag Eón, rud nach bhfuil aige seo
M'anam nach hé fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé cho saor leat agus a chuaigh sé an uair dheireadh = leig mé uaim réidh go leór thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bhéas sé aríst
Dar sliabh ní hé fearacht an lá faoi dheireadh é, má thosaíonn tú ormsa aríst, go mbeidh scéal agad air. Ara nach thú an nathaíodóir againn! Ag ceapadh go n-éistfeadh duine ar bith leat!
Ní hé m'fhearacht-sa a rinne sé; gan tréas ar bith a chur ar fhear na móna. Dhá dtapaínnse mo ghnatha mar a rinne seisean agus gairm chúirte a chur ar fhear an leóraí, gheobhainn mo chuid airgid freisin. Ach níor thapaíos
+
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa annsiúd, agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
Ní raibh sé m'fhearacht-sa ariamh. Bhí sé indon imeacht. Tá sé de shonndacht annsin a chuid a iarraidh ar aon-nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chuthal
TUILLEADH (6) ▼
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
Ní call duit a bheith ro-dhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortach-sa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom in a bhog-eibhinn fhéin é ná é a bheith gan aon-domhainn ar nós na bportaigh atá againn anois
Níl sí fearacht ná mná seo thoir ag imeacht ag solár, agus ag tárlú léithi as 'chuile áit dhá bhfuighidh sí é. Bean chuibhiúil í
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon-cheo a changailt leis, mara mbeidh sé cho mion le snaoisín! Sé a bhfuil agadsa fiacail fhabhtach amháin.
Ní bheadh sí choichín fearacht a colceathar. Ba shin í an bhean!
+
Sin é a fhearacht aigesan é; sin é a fhearacht leis sean é = mar sin atá seisean; sin é a nós seisean etc.
Is mochóireach maith é siúd, ní hé sin a fhearacht agadsa é = ní hé t'fhearacht é
TUILLEADH (4) ▼
Cnuastóir ceart a bhí in a máthair agus sé a fhearacht sin léithise é freisin
Tá P. fiuntach ní hé a fhearacht sin ag (le) a dheárthair é
Má tá tusa fuar, sin é a fhearacht agamsa freisin é. Tá mé fhéin seacáilte
Bíonn slí agus seifte ag an muinntir sin soir chuile lá dhá n-eiríonn ar a súil, ní hé a fhearacht sin againne é
+
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thiúrfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grádh-diadha an uair sin ar chaoi ar bith
Seachain a ndéanfá fearacht cheana, (mar a rinne tú cheana) an mhéir a sciobadh dhíot fhéin, leis an scian sin
TUILLEADH (3) ▼
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deóir a fheicfeas aonduine go deó dhó (dhe) sin
Ní dhéanfaidh sé fearacht an deárthar ar chaoi ar bith: crapadh leis abhaile cho luath agus a íocfar a chuid airgid leis
Rinne sé fearacht an athar. 'Deile céard a dheánfadh sé. Nach cuid den mhuic an drioball?
+
D'imigh sé fearacht duine a bhuailfí treasna an bhéil = dalta
Ghlan leis as fearacht ceannaí a chaithfí amach = ar nós
TUILLEADH (6) ▼
Cultachaí dubha fearacht póilíos a bhí orra = ar nós cultachaí na bpóilíos
Bhí sé ag glamhaíl fearacht madadh (fearacht an mhadadh)
Tá cána ag imeacht aige anois fearacht duine uasail
Talamh fearacht na mbreaclachaí sin thiar agamsa atá aige. Ní bhfuightheá ann le cur ach corr-chluasóig
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air in a dheidh sin. Rud fada caol é
Níl teach aici fearacht an tí seo ar aon-nós, agus é in a mhoirt le salachar. Tá teach aici cho glan leis an gcriostal
+
Dhearg sé suas a fhearacht 's (fearacht's) dá mbeadh olc air = fearacht agus; ar nós agus dhá mbeadh olc air
Chuaigh sé amach go doras fearacht's dhá mbeadh rún aige a bhualadh, ach d'fhill sé aríst
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ag tarraint chloch le seachtain, fearacht's dhá mbeadh rún aige cró eile a dhéanamh annsiúd
Chlaon sé aríst, fearacht's dhá mba faitíos a bhuailfeadh é
Tá sé gabhtha gléasta, fearacht's dhá mba duine uasal é
Bhí a shúile dúinte aige a fhearacht's dhá mba 'na chodladh a bheadh sé, ach ba bheag dhá chuid cluanaíocht é sin, mo léan
Chonnaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht's dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Má sea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leádrán annseo níos fuide.
b.
ach an oiread le …
+
Bhí tuagh annseo agus fearacht an scéil ar ball, tháinig duine dhá hiarraidh, agus níor thug sé ar ais í = ar nós an scéil a hinnsíodh goirid ó shoin (roimhe sin san gcómhrá) faoi rud a imeacht agus gan é a theacht ar ais (is minic nach mbeadh a leithide i gceist roimhe sin chor ar bith, ach go n-abraíthear "fearacht an scéil ar ball" mar sheóraí chainte, ar nós an Bhéarla: no more than a thing", "no more than a story", ("ach an oiread le rud", "ach an oiread le scéal")
Níor chuibhe (chuí) dhó é a dhéanamh fearacht an scéil ar ball
TUILLEADH (1) ▼
Chuir mise fataí freisin, agus fearacht an scéil ar ball, ní dheachaidh a ndóthain leasú orra, agus tá a shliocht orra
+
Bhí cearc eile annseo agus a fhearacht siúd mharaigh muid í (fearacht an scéil ar ball) = ní raibh againn a marú; ba den dímheabhair dúinn a marú; dhá mbreathnaíodh muid romhainn ní mharódh muid í chor ar bith
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht san mbaile, agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní hanna d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
TUILLEADH (6) ▼
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd ba bheag an ghnatha a bhí aige dhó luath ná mall
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfádh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh, marach a chuid ealaoine. Nach raibh a ndóthain aca fhéin ann, má bhí fonn oibre orra
Chas bean an Ch. léithi é a fhearacht siúd nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga 'ar ndó'. 'Deile! Sílim muise nach ro-bhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraint uirri fhéin. Roinn sí an onóir léithi. Sí atá i riocht
Rinne sé muis. A fhearacht sin, b'fhearr dó gan bacadh leis (a fhearacht siúd) = b'fhearr gan a dhéanamh
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag tiacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann 'fhearacht sin (a fhearacht siúd) = ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
Tá tú báite go craiceann anois. Ba bheag a chiall thú agus fanacht amuigh faoin mbáistigh ' fhearacht siúd. ('fhearacht sin)

Fearacht in iontrálacha eile (50+)

 
focal
Tá láimh agus focal idir í fhéin agus S. Mo chreach mhaidne an láimh agus focal sin muis. "Gheall tú dhom agus rinne tú bréag liom go mbeitheá rómham ag cró na gcaerach". Sin é a fhearacht aice sin é. Ní fhanfadh sí dhá mhionóid leis dhá bhfaghadh sí a mhalrait
 
Shílfeá gur mór an dícéille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos annsin thíos aige ar chongar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
 
fág i
Fágfamuid in a dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon-uaim a rinne sé. Marab é fearacht an fhear fadó leis an ngáirleóig aige é: "ní do do ghoid atá mé a gháirleóg ach dot' árdú liom".
 
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fánaidh: sin é a fhearacht aigesan anois é. Ní shásódh tada é go dteigheadh sé in aghaidh an bhaile uiliog, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtuithe anois
 
Má tá an uair coimhightheach fhéin le fad[a], gheobhamuid tiormach dhá réir, as seo amach. 'Níl tuile dhá mhéad, nach gcaitheann sé an fhad eile a thrághadh', agus sin é fhearacht ag an aimsir é. Níor dhúin Dia ariamh bearna nach n-osclóchadh sé ceann eile.
 
Má's colgach, ní contabhairteach. Dheamhan ann, ach a' spadhar beag sin, a's ó thláth(óch)as sé aríst, ní fhanann aon-chuimne aige air; ní fearacht a's cuid mhaith eile é.
 
M'anam muise go bhfuair tú amach é, an teach a gcaithfí cumaoin leat! Tá'n teach sin 'fhearacht ag an áit a raibh an fear fadó: 'mara dtuga tú leat arán an lá 'mbeidh tú ann, beidh tú an lá sin i do throsca'.
 
'Sí M. Ph. nach bhfuil an chriotán ná'n chéithireacht uirre, ní hé t'fhearacht fhéin é.
+
Níor thug mise na bréaga abhaile liom chor a' bith, ní hé t'fhearacht fhéin é.
TUILLEADH (1) ▼
Níor thug mise an tsailigheacht abhaile liom, chor a' bith, ní hé sin 'fhearacht agadsa é, nar facthas léine ghlan ar do chraiceann ó'n lá'r rugadh thú
 
bannaí 1
Racha mise imbannaí, nach a' leaduidheacht a chaith siad sin a' lá, ní hé a bhfearacht fhéin é.
 
Is beag a' baoghal ar siúd a dhul imbealach a bhasctha, ní hé sin fhearacht ag tuille é.
 
'Ní féidir duine a's a cháilidheacht a scaradh ó chéile' adeir siad. Sin é 'fhearacht aige sin é. Tá'n bréagadóireacht chomh bealthuighthe isteach ann anois, a's go síleann sé fhéin gurb í an fhírinne í.
 
Má's cúlóg nó béalóg dhom, tá mé indon fanacht uirre (i.e ar a' gcapall) ní hé t'fhearacht féin é.
 
Má mhaireann di, is gairid go mbí sí in a cráisiléad fearacht a máthar. A's tá dáigéad óg atá ion-churtha síos le ceathrar aca(b).
 
Níl aon-truaighe le déanamh dhaoib, nar tháinic abhaile fearacht 'chuile dhuine eile. Nach raibh fhios agaibh, nach mbeadh an lá in araidheacht aon-bhuille a dhéanamh, ó thosuigh sé ar a' gcrámhar sin!
+
beo 1
Sin é an leath-rann atá acab sin igcomhnuidhe, go mbeidh saoghal maith ann, a' chéad bhliadhain [eile]. Tá siad 'fhearacht ag a' bhfear fadó adeireadh: 'fan beo a chapaill a's gheobha tú féar'.
TUILLEADH (2) ▼
Duine beo, bíodhgamhail é. Ní a' tuitim in a chodladh a bhío(nn)s sé, fearacht tuille.
Ní a' faghail bháis chor a' bith atá sí sin, ní hé t'fhearacht fhéin é. Cailín beo, bíodhgamhail í sin, deirimse leat.
 
bior
Níl bior-eanga ar a' mbean bhocht, ach is suarach a' t-iongnadh sin, a's lán a' tighe aice ar aon-chéill. Níor bhris cearc an áil a h-iogán (a h-eagán) ariamh, a's sin é 'fhearacht aice-se é. Is geall le dhul ar a muirghín, an saothrú beag sin atá aigéan a fear.
 
bocht 1
Nach bocht dó go deimhin a bheith as cionn a chuid oibre, a's an congnamh atá aige! B'fhéidir, dhá mbeadh sé aonraic, fearacht daoine eile, go mbeadh sé chomh mór 'un deire le 'chuile dhuine.
 
Ní de lucht a' bhrocháin mise chor a' bith, ní hé t'fhearacht féin é.
+
aer
Tá'n scéal sin fearacht le 'dhá dtuiteadh an t-aer ar a' talamh'.
TUILLEADH (2) ▼
Tá'n scéal sin a fhearacht ag an té a bhíodh a' rádh 'má thuiteann a' t-aer ar a' talamh'.
Sin é an fear agad, a thiubhras aer a' bhaile mhóir dhá bhean, ní (hé) fhearacht sin ag daoine eile é.
 
Bhuail sé a chleite fhéin isteach sa gcomhrádh, ionnann's dhá mbadh duine foghlumta é, fearacht a' chuid eile = bhuail sé a ladar fhéin ann.
 
buail
'Sé'n talamh atá 'fágáil na h-áite seo buailte. Dá bhfhéadtaí cruithneacht a's 'beet' a chur annseo, fearacht an Achréidh, ní bheadh ughdar clamhsáin a' bith ag na daoine.
 
ainm
Ná labhair in ainm amháin ar mo mhac-sa! — ní hí an láimhín bhradach atá aige, fearacht do chlánn-sa = ní bhfuighe tú cead a dhul a' díbliú ar mo mhac-sa. Tá sé cneasta, ní hé sin de do chlánnsa.
 
Tuige nach n-eireo(chth)á amach faoi'n tír, fearacht chuile fhear óg eile = tuige nach dtiocfá amach a' siubhal a's a' spaisteoireacht a's a' deanamh aeir dhuit fhéin, mar do leithide eile féin.
 
airde 2
Mara dteaga aon-cheo eile aoirde air, beidh sé ina staicín fearacht 'athar.
 
aníos
Ní de chineál chloigeann aníos mise chor a' bith, ní hé t'fhearacht fhéin é.
 
aranta
Níl sé sin arrannta ná anglánta chor a' bith, ní hé sin fhearacht agaibhse é.
+
Sé fearacht an fhir fadó agadsa é — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
TUILLEADH (1) ▼
Dubhairt sé nach raibh sé dhá iarraidh ach ar iasacht, ach níor tháinic sé ar ais ariamh leis. Tá sé fearacht fear na gáirleoige — 'ní do do ghoid atá mé 'gháirleog, ach do t'árdú liom'.
 
Níl aon-tsop ag gabhail leis ach feamainn aon-choise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a leigean suas in a fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuille
 
Bhíodar feidheartha maoilscríobach (gan éadach, gan éadáil) chuile lá ariamh. Ach má bhí fhéin, diabhal go mba ghleóite iad. Níor chuala aon-duine ariamh an béal bocht aca, ní hé a fhearacht agus tuilleadh é
 
Fionn 1
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na Bróga agus le sioc deireadh oíche a cheannuigh sé aríst iad. Sin é a fhearacht ag an oíche anocht é. Tiocfaidh sé in a bháistigh. Bhí glaisriú seaca caite aige anocht shul a ndeachaidh an ghrian faoi. Tá sé ar a táirm fós, ach m'anam gur ag sioc as smúit atá sé anois. Smúit bháistí í sin. Níl oiread agus an réalt ar an aer.
 
fonn
Gaibhtear fonn le fonn agus fonn le mí-fhonn, adéarfaidís. Ba shin é a fhearacht agamsa inniu é. Bhí mé ag obair, agus beagán dhá fhonn orm
 
Dar príosta is fascúil an bhráid atá aige sin anocht, ní hé m'fhearacht fhéin é
 
imigh
'Sé fearacht ghé an oileáin aige é.
 
Má d'ól mé féin é, d'iomchuir mé é, ní hé t'fhearacht-sa é = ní raibh mé ag glaodhmaireacht ná ag troid mar 'bhí tusa.
 
fonsa
Fonnsaí saille iad sin atá air. D'eireódh dhó. Is maith é a ghreim sin. Ní fataí agus "scadán caoch" a bhíos aige fearacht cuid eile de na daoine
 
daba
Tá an scoin-mhíol atá ar an mbaile sin mar bheadh mádraí ann. Má chaitheann tú daba ag madadh, leanfaidh sé i dtigh diabhail thú. Sin é a fhearacht aca sin é. Tugann M. corr-dhaba dhóib, agus tá sé ina dhia beag aca a mhic ó
 
daor 3
Déanfaidh sé fearacht Chéadtaigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneál seanchuis le poll do chluaise
 
Ó a thiocfas deachma na sláinte ar dhuine tá a chuid maitheasa ar iarraidh. Sin é a fhearacht agamsa anois é. Caithfidh siad cúis a dhéanamh dem uireasa. Ach tá neart aca fhéin ann anois go leige Dia slán na daoine
 
dearg 1
Is tú atá círíneach dearg bail ó Dhia ort, ach is beag an dochar duit. Is maith é do ghreim, ní hé a fhearacht sin againne é
 
Tá mé ag réabadh dearg-laoigh ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearg-laoch). Má tá féin, is furasta í a mhunláil, ní hé fearacht portach na bliana anuiridh é. Mise i mbannaí gur beag 'e leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubh-dhomhainn
 
Tá sé sin deas-lámhach 'mo choinsias. Ní fheicfidh tú aon-chuileóigín chlúmhaighe ag imeacht ar a chuid éadaighe ní hé m'fhearacht féin é
 
Mo léan géar, ní hé m'fhearacht féin é, ní hé baladh na deataighe a bhí uirre, th'éis an S. Meastú cá'il sí ag fáil a luach igcomhnaí. M'anam gurb ait atá sí ag cruthachtáil, gurb ait sin
 
Nach deas a shíl siad imirteas ort: gan ceachtar aca ag tabhairt saoradh ná séanadh dhuit faoi. Sin é a fearacht é ag: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deireadh