fearacht
—/f′arəxd/
—ainmfhocal
—níl a fhios agam céard is inscne nó athrú tuisil dó mar ní bhaintear leas as ar chaoi ar bith a thabharfadh aon leide dhuit faoi na rudaí sin
—
a.
dálta an … ; ní hé a dhálta sin srl.; cosúil le; ag dul i gcosúlacht le … ; a leathcheann; rud mar … ; a ionnúil de … ; ar nós; ionann leis …
+–
Ní hé m'fhearacht T. J. Thapaigh sé sin a ghnaithe. 'Sé a bhí deas air — ní hé mo leathcheannsa é; níl sé ag dul i gcosúlacht liomsa
Ní hé t'fhearachtsa S. chor ar bith. Tá aird aige sin ar a ghnaithe
TUILLEADH (5) ▼
'Sé t'fhearacht féin críochnaithe é. Scrábálaí eile mar thú fhéin é — sé t'fhearachtsa críochnaithe é
Ní hé fearacht an fhir seo anseo Eón chor ar bith. Tá ciall ag Eón, rud nach bhfuil aige seo
M'anam nach é fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé chomh saor leat agus a chuaigh sé an uair dheiridh — lig mé uaim réidh go leor thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bheas sé aríst
Dar sliabh, ní hé fearacht an lá faoi dheireadh é, má thosaíonn tú ormsa aríst, go mbeidh scéal agat air. Ara nach thú an nathaíodóir againn! Ag ceapadh go n-éistfeadh duine ar bith leat!
Ní hé m'fhearachtsa a rinne sé; gan tréas ar bith a chur ar fhear na móna. Dhá dtapaínnse mo ghnaithe mar a rinne seisean, agus gairm chúirte a chur ar fhear an leoraí, gheobhainn mo chuid airgid freisin. Ach níor thapaíos
+–
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa ansiúd agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
Ní raibh sé m'fhearachtsa ariamh. Bhí sé in ann imeacht. Tá sé de shonntacht ansin a chuid a iarraidh ar aon nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chúthail
TUILLEADH (6) ▼
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
Ní call duit a bheith ródhiomúch dhó chor ar bith. Níl sé fearacht mo phortachsa nach bhfuil tada ann ach an leic liath. B'fhearr liom ina bhogeimhin fhéin é ná é a bheith gan aon domhain ar nós na bportaigh atá againn anois
Níl sí fearacht ná mná seo thoir ag imeacht ag soláthar, agus ag tarlú léithe as chuile áit dhá bhfaighidh sí é. Bean chuibhiúil í
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon cheo a changailt leis mura mbeidh sé chomh mion le snaoisín! 'Sé a bhfuil agatsa fiacail fhabhtach amháin
Ní bheadh sí choíchin fearacht a col ceathar. Ba in í an bhean!
+–
Sin é a fhearacht aigesean é; sin é a fhearacht leisean é — mar sin atá seisean; sin é a nós seisean srl.
Is mochóireach maith é siúd, ní hé sin a fhearacht agatsa é — ní hé t'fhearacht é
TUILLEADH (4) ▼
Cnuastóir ceart a bhí ina máthair agus sé a fhearacht sin léithese é freisin
Tá P. fiúntach, ní hé a fhearacht sin ag (le) a dheartháir é
Má tá tusa fuar, sin é a fhearacht agamsa freisin é. Tá mé fhéin seacáilte
Bíonn slí agus seifte ag an muintir sin soir chuile lá dhá n-éiríonn ar a súil, ní hé a fhearacht sin againne é
+–
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar a rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thabharfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grá dia an uair sin ar chaoi ar bith
Seachain a ndéanfá fearacht cheana (mar a rinne tú cheana), an mhéir a sciobadh dhíot fhéin, leis an scian sin
TUILLEADH (3) ▼
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deoir a fheicfeas aon duine go deo dhó (dhe) sin
Ní dhéanfaidh sé fearacht an dearthár ar chaoi ar bith: crapadh leis abhaile chomh luath agus a íocfar a chuid airgid leis
Rinne sé fearacht an athar. Deile céard a dhéanfadh sé. Nach cuid den mhuic an drioball?
+–
D'imigh sé fearacht duine a bhuailfí trasna an bhéil — dálta
Ghlan leis as fearacht ceannaí a chaithfí amach — ar nós
TUILLEADH (6) ▼
Cultachaí dubha fearacht póilíos a bhí orthu — ar nós cultachaí na bpóilíos
Bhí sé ag glamhaíl fearacht madaidh (fearacht an mhadaidh)
Tá cána ag imeacht aige anois fearacht duine uasail
Talamh fearacht na mbreaclachaí sin thiar agamsa atá aige. Ní bhfaightheá ann le cur ach corrchluasóig
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air ina dhiaidh sin. Rud fada caol é
Níl teach aici fearacht an tí seo ar aon nós agus é ina mhoirt le salachar. Tá teach aici chomh glan leis an gcriostal
+–
Dhearg sé suas a fhearacht is (fearacht's) dá mbeadh olc air — fearacht agus; ar nós agus dhá mbeadh olc air
Chuaigh sé amach go doras fearacht is dhá mbeadh rún aige a bhualadh ach d'fhill sé aríst
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ag tarraingt chloch le seachtain, fearacht is dhá mbeadh rún aige cró eile a dhéanamh ansiúd
Chlaon sé aríst, fearacht is dhá mba faitíos a bhuailfeadh é
Tá sé gafa gléasta, fearacht is dhá mba duine uasal é
Bhí a shúile dúnta aige a fhearacht is dhá mba ina chodladh a bheadh sé, ach ba bheag dhá chuid cluanaíocht é sin, mo léan
Chonaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht is dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Más ea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leadrán anseo níos faide.
b.
ach an oiread le …
+–
Bhí tua anseo agus fearacht an scéil ar ball, tháinig duine dhá hiarraidh agus níor thug sé ar ais í — ar nós an scéil a hinsíodh gairid ó shin (roimhe sin sa gcómhrá) faoi rud a imeacht agus gan é a theacht ar ais. Is minic nach mbeadh a leithide i gceist roimhe sin chor ar bith, ach go n-abraítear fearacht an scéil ar ball mar sheoraí chainte, ar nós an Bhéarla: no more than a thing, no more than a story, (ach an oiread le rud, ach an oiread le scéal)
Níor chuí dhó é a dhéanamh fearacht an scéil ar ball
TUILLEADH (1) ▼
Chuir mise fataí freisin, agus fearacht an scéil ar ball, ní dheachaigh a ndóthain leasú orthu agus tá a shliocht orthu
+–
Bhí cearc eile anseo agus a fhearacht siúd, mharaigh muid í (fearacht an scéil ar ball) — ní raibh againn a marú; ba den dímheabhair dúinn a marú; dhá mbreathnaíodh muid romhainn ní mharódh muid í chor ar bith
A fhearacht siúd, bhí aige fanacht sa mbaile agus gan a dhul ann chor ar bith. Ní ann a d'fheil dó: fear pósta agus muirín air
TUILLEADH (6) ▼
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd, ba bheag an ghnaithe a bhí aige dhó luath ná mall
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfaigheadh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh murach a chuid ealaíne. Nach raibh a ndóthain acu fhéin ann, má bhí fonn oibre orthu
Chas bean an Ch. léithe é, a fhearacht siúd, nach mór a bhain bean an Ch. di. An iomarca fad a bheith ar a teanga ar ndóigh. Deile! Sílim muise nach róbhuíoch di fhéin atá sí as ucht bean an Ch. a tharraingt uirthi fhéin. Roinn sí an onóir léithe. 'Sí atá i riocht
Rinne sé muis. A fhearacht sin, b'fhearr dó gan bacadh leis (a fhearacht siúd) — b'fhearr gan a dhéanamh
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag teacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann, a fhearacht sin (a fhearacht siúd) — ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
Tá tú báite go craiceann anois. Ba bheag a chiall thú agus fanacht amuigh faoin mbáistigh, a fhearacht siúd (a fhearacht sin)
fearacht in iontrálacha eile (50+)
→
focal
Tá láimh agus focal idir í fhéin agus S. Mo chreach mhaidne an láimh agus focal sin muis. "Gheall tú dhom agus rinne tú bréag liom go mbeifeá romham ag cró na gcaorach". Sin é a fhearacht aici sin é. Ní fhanfadh sí dhá mhionóid leis dhá bhfaigheadh sí a mhalrait
→
fág gan
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fág i
Fágfaidh muid ina dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon uaim a rinne sé. Murab é fearacht an fhear fadó leis an ngairleoig aige é: "ní do do ghoid atá mé a ghairleog ach do t'ardú liom".
→
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fána: sin é a fhearacht aigesean anois é. Ní shásódh tada é go dtéadh sé in aghaidh an bhaile uileag, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtaithe anois
Má tá an uair coimhthíoch fhéin le fada, gheobhaidh muid triomach dhá réir as seo amach. Níl tuile dhá mhéad nach gcaitheann sé an fhad eile a thrá, agus sin é fhearacht ag an aimsir é. Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile.
→
colgach
Más colgach, ní contúirteach. Dheamhan ann ach an spadhar beag sin agus ó thláthas sé aríst, ní fhanann aon chuimhne aige air; ní fearacht is cuid mhaith eile é.
→
comaoin
M'anam muise go bhfuair tú amach é, an teach a gcaithfí comaoin leat! Tá an teach sin a fhearacht ag an áit a raibh an fear fadó: mara dtuga tú leat arán an lá a mbeidh tú ann, beidh tú an lá sin i do throscadh.
'Sí M. Ph. nach bhfuil an chreatán ná an chéithireacht uirthi, ní hé t'fhearacht fhéin é.
+
→
abhaile
Níor thug mise na bréaga abhaile liom chor ar bith, ní hé t'fhearacht fhéin é.
TUILLEADH (1) ▼
Níor thug mise an tsailíocht abhaile liom chor ar bith, ní hé sin a fhearacht agatsa é, nár facthas léine ghlan ar do chraiceann ón lá ar rugadh thú
→
bannaí 1
Rachaidh mise i mbannaí nach ag leadaíocht a chaith siad sin an lá, ní hé a bhfearacht fhéin é.
→
bealach
Is beag an baol air siúd a dhul i mbealach a bhasctha, ní hé sin a fhearacht ag tuilleadh é.
→
bealaigh
Ní féidir duine agus a cháilíocht a scaradh ó chéile, adeir siad. Sin é a fhearacht aige sin é. Tá an bréagadóireacht chomh bealaithe isteach ann anois agus go síleann sé fhéin gurb í an fhírinne í.
→
béalóg
Más cúlóg nó béalóg dhom, tá mé in ann fanacht uirthi (.i. ar an gcapall), ní hé t'fhearacht féin é.
Má mhaireann di, is gairid go mbí sí ina cráisiléad fearacht a máthar. Agus tá daigéad óg atá inchurtha síos le ceathrar acub.
→
crámhar
Níl aon trua le déanamh dhaoibh, nár tháinig abhaile fearacht chuile dhuine eile. Nach raibh a fhios agaibh nach mbeadh an lá in araíocht aon bhuille a dhéanamh ó thosaigh sé ar an gcrámhar sin!
+
→
beo 1
Sin é an leathrann atá acub sin i gcónaí, go mbeidh saol maith ann an chéad bhliain eile. Tá siad a fhearacht ag an bhfear fadó adeireadh: fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar.
TUILLEADH (2) ▼
Duine beo bíogúil é. Ní ag titim ina chodladh a bhíonns sé fearacht tuillidh.
Ní ag fáil bháis chor ar bith atá sí sin, ní hé t'fhearacht fhéin é. Cailín beo bíogúil í sin, deirimse leat.
→
bior
Níl bior eanga ar an mbean bhocht, ach is suarach an t-ionadh sin agus lán an tí aici ar aon chéill. Níor bhris cearc an áil a heagán ariamh, agus sin é a fhearacht aicese é. Is geall le dhul ar a muirín an saothrú beag sin atá ag a fear.
→
bocht 1
Nach bocht dó go deimhin a bheith os cionn a chuid oibre agus an cúnamh atá aige! B'fhéidir, dhá mbeadh sé aonraic fearacht daoine eile, go mbeadh sé chomh mór chun deiridh le chuile dhuine.
+
→
aer
Tá an scéal sin fearacht le dhá dtiteadh an t-aer ar an talamh.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an scéal sin a fhearacht ag an té a bhíodh ag rá má thiteann an t-aer ar an talamh.
Sin é an fear agat a thabharfas aer an bhaile mhóir dhá bhean, ní (hé) fhearacht sin ag daoine eile é
→
buail ar
Bhuail sé a chleite fhéin isteach sa gcomhrá, ionann is dhá mba duine foghlamtha é fearacht an chuid eile — bhuail sé a ladar fhéin ann
→
buail
'Sé an talamh atá ag fágáil na háite seo buailte. Dá bhféadtaí cruithneacht agus beet a chur anseo, fearacht an Achréidh, ní bheadh údar clamhsáin ar bith ag na daoine.
→
ainm
Ná labhair ina ainm amháin ar mo mhacsa! — ní hí an láimhín bhradach atá aige fearacht do chlannsa — ní bhfaighidh tú cead a dhul ag díbliú ar mo mhacsa. Tá sé cneasta, ní hé sin do do chlannsa.
Tuige nach n-eireofá amach faoin tír fearacht chuile fhear óg eile — tuige nach dtiocfá amach ag siúl agus ag spaisteoireacht agus ag déanamh aeir dhuit fhéin mar do leithide eile féin
+
Sé fearacht an fhir fadó agatsa é — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom.
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt sé nach raibh sé dhá iarraidh ach ar iasacht ach níor tháinig sé ar ais ariamh leis. Tá sé fearacht fear na gáirleoige — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom'.
→
feamainn
Níl aon tsop ag gabháil leis ach feamainn aonchoise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a ligean suas ina fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuillidh
Bhíodar feidheartha maolscríobach (gan éadach, gan éadáil) chuile lá ariamh. Ach má bhí fhéin, diabhal go mba ghleoite iad. Níor chuala aon duine ariamh an béal bocht acu, ní hé a fhearacht agus tuilleadh é
→
Fionn 1
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na bróga agus le sioc deireadh oíche a cheannaigh sé aríst iad. Sin é a fhearacht ag an oíche anocht é. Tiocfaidh sé ina bháistigh. Bhí glaisriú seaca caite aige anocht shula ndeachaigh an ghrian faoi. Tá sé ar a táirm fós, ach m'anam gur ag sioc as smúit atá sé anois. Smúit bháistí í sin. Níl oiread agus an réalt ar an aer.
→
fonn
Gabhtar fonn le fonn agus fonn le mífhonn, adéarfaidís. Ba in é a fhearacht agamsa inniu é. Bhí mé ag obair, agus beagán dhá fhonn orm
→
fonsa
Fonsaí saille iad sin atá air. D'éireodh dhó. Is maith é a ghreim sin. Ní fataí agus scadán caoch a bhíos aige fearacht cuid eile de na daoine
→
daba
Tá an sconmhíol atá ar an mbaile sin mar a bheadh madraí ann. Má chaitheann tú daba ag madadh, leanfaidh sé i dtigh diabhail thú. Sin é a fhearacht acu sin é. Tugann M. corrdhaba dhóibh, agus tá sé ina dhia beag acu a mhic ó
→
daor 3
Déanfaidh sé fearacht Chéataigh leat: ceangal na naoi ndaora go daor agus go dochrach a chur ort, nó go mbeidh laidhricín do choise ag coinneáil seanchais le poll do chluaise
→
deachma
Ó thiocfas deachma na sláinte ar dhuine tá a chuid maitheasa ar iarraidh. Sin é a fhearacht agamsa anois é. Caithfidh siad cúis a dhéanamh de m'uireasa. Ach tá neart acu fhéin ann anois go lige Dia slán na daoine
→
dearg 1
Is tú atá círíneach dearg bail ó Dhia ort, ach is beag an dochar duit. Is maith é do ghreim, ní hé a fhearacht sin againne é
Tá mé ag réabadh dearglaoich ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearglaoch). Má tá féin, is furasta í a mhúnláil, ní hé fearacht portach na bliana anuraidh é. Mise i mbannaí gur beag a leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubhdhomhain
Tá sé sin deaslámhach mo choinsias. Ní fheicfidh tú aon chuileoigín chlúmhaigh ag imeacht ar a chuid éadaí ní hé m'fhearacht féin é
→
deatach
Mo léan géar, ní hé m'fhearacht féin é, ní hé boladh na deataí a bhí uirthi théis an S. Meas tú cá'il sí ag fáil a luach i gcónaí. M'anam gurb ait atá sí ag cruthachtáil, gurb ait sin
Nach deas a shíl siad imeartas ort: gan ceachtar acu ag tabhairt saoradh ná séanadh dhuit faoi. Sin é a fearacht é ag: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deiridh
→
deis
Níl duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil an bealach céanna leis: ardnós agus onóir. Chuala mise ariamh é: putóig gan geir nó onóir gan deis. Sin é a fhearacht acu sin anois é. Is iomaí cor sa saol ón am a bhféadfaidís sin cis ar easair a dhéanamh den tír. Ní dhéanfaidh siad níos mó é, dar mo choinsias