ailím
1.
rud a théanns thríd dhath cóta; bíonn sí ina cnaprachaí móra, ar nós siúcra geal. Dhá ndiúlthá í, dhófadh sí do charbad. Is beag leas a baintear as an ailím anois.
+–
Seo dhuit é, idir ailím is mhádar — seo dhuit é fré chéile; seo dhuit é, idir chorr, chleite agus sciathán. (mádar = rud a chuirtí thríd an ailím le haghaidh datha)
Thug mé dhó é, idir ailím is mhádar.
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh aon sásamh aige ann nuair a fuair sé an chabhail (cabhail an chairr) go bhfaigheadh sé na rothaí, agus séard a rinne mé, é a chaitheamh aige idir ailím is mhádar — an carr a thabhairt dó ar fad.
Ní thaitneoidh leis mura bhfaighe sé idir ailím is mhádar é.
Is maith an rud dó a theacht lena chion agus gan a bheith dhá iarraidh idir ailím is mhádar.
Nach beag an náire a bhí air é a ardú leis mar sin, idir ailím ’is mhádar.
2.
(droch)éadáil; (droch)earra; (droch)áirge.
+–
Is olc an ailím í an cailín sin — is drochéadáil í; tá ruibh uirthi agus tá sí an-ghangaideach
Is olc an ailím é an mac sin le ceist ar bith a chur air
TUILLEADH (2) ▼
Is bundúnach an ailím í sin — duine a bheadh olc aranta le drannadh léithe
Is ábhailleach an ailím é an peata sin (gasúr)
+–
Is suarach an ailím le n-ól ag Críostaí ar bith an poitín céanna.
Is drochailím ag cosa daoine é an cladach.
TUILLEADH (13) ▼
Is bocht an ailím d'fhear oibre scadán caoch (fc. scadán)
Is tinn an ailím iad na daitheachaí.
Is gann an ailím iad na fataí an tráth seo bhliain.
Is meata an ailím do dhuine a bheith taobh le asailín lena chuid seanleasú a chur amach.
Is dainséarach an ailím do dhuine a dhul dhá fhliuchadh fhéin leis an gcarraigín céanna scáth a bhfuil de thairbhe air.
Is doiligh an ailím féar tirim a fháil amach an tráth seo bhliain.
Is daor dochrach an ailím é an plúr anois.
Ní ailím ar bith do dhuine a bheith ag plé le stoc ar an saol seo.
Sin í féin an ailím atá daor (feoil srl.)
Nach í an ailím í go deimhin! — nach í an éadáil í! Déarfaí é le rud nach mbeadh aon mheas ag duine air
Nach í an fheamainn chéanna an ailím aige!
Is fliuch an ailím a dhul 'na phortaigh inniu.
Is contúirteach an ailím a bheith ag lúitéis le madraí agus gan fhios agat nach breith ort a dhéanfaidís
ailím in iontrálacha eile (13)
→
folach 1
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol i nGaillimh ar thrí is sé pínne
→
bannaí 1
Tá ailp bainte as a mhéir, an áit ar rug gliomach air agus é ag cur bannaí air. Is olc an ailím greim ó ghliomach.
Bhí ailleog de spailpín as Conamara abhus anseo anuraidh agus ba holc an ailím é le cur chuige ná uaidh.
→
araoid
Ní hé an ribín réidh é an buachaill siúd le araoid ar bith a chur air; is olc an ailím é le araoid ar bith a chur air.
→
feoil
Tá carcaireacha den mhóin fheoil chapaill sa bportach siúd agus é ag déanamh uisce ar an darna barr. Is olc an ailím é le dhul ag plé leis.
→
foireann
Is daor an ailím foireann a cheannacht anois. Níl aon chulaith éadaigh le fáil thíos i nG. gan naoi bpunt airgid
→
feasta
Uair ar bith feasta dhá gcasfaidh sé leat, ná breathnaigh sa taobh a mbeidh sé. Ní dea-ailím ar bith é sin
→
daol
Is annamh a bhuaileas an phian é. Ina daolannaí (daola freisin) a thagas sí, ach is olc an ailím í an fhad is a mhaireas sí
+
→
daor 1
TUILLEADH (2) ▼
Tá siad chomh daor le uibheachaí seisiúin (nuair a bhíodh an seisiún ceathrúnach i nGaillimh, bhíodh uibheacha daor. Ach tugtar údar eile leis. fc. ubh); rud a bheadh an-daor; is daor an éadáil é (iad); is daor an ailím é; tá sé chomh daor le dhá uibh ar an bpínn; is daor an spóla (spóilín) é; tá sé chomh daor le daor; tá siad ina n-ór, tá siad chomh daor sin
Dar príosta muis, tá mé ag ceapadh gur daor an ailím a dhul ag ceannacht máilín móna i mBaile Átha Cliath, théis go bhfuil sí ar shladmhargadh anseo. Sin é é. Tá chuile dhuine agus a ailp féin aisti. Ach tá mé ag ceapadh nuair a théas sí chomh fada le na hocastóirí beaga a dhíolas libhse í, go mbíonn sí thrí lasadh ceart