Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

airíonn sé (50+)

 
Airíonn an giorria sin nach bhfuil aon chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na hIothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaoll ansin gan mórán achair muis má mhairimse.
 
Airíonn sé freagairt eicínt sa bpoll siúd thoir agus chomh taithithe agus atá sé ann le mí — fear ag suirí le cailín ag áit áirid
 
Feicim an-mháinneáil ag an gcat sin soir ag an gcró. Diabhal easna dhó, nó airíonn sé luch ann
 
Madadh sách colgach é má airíonn sé duine cuideáin, ach an té a mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi is thairis go brách mar nach gcuirfeadh sé aon araoid air.
 
Pléifidh sé siúd libh é má airíonn sé aon bhoigréis ionaibh.
 
Bollaire maith é sin san áit a n-airíonn sé na daoine go dona, ach a mhaiste, bheadh smideannaí beaga aige in aice chuid de na daoine mar bheadh a fhios aige nach n-éistfí leis.
 
Is beag an baol air siúd an chois a chothú aige, murach go n-airíonn sé brabach eicínt ina aice — ní bheadh sé i gcónaí ina theannta murach go bhfuil gnóthachtáil eicínt aige air
+
aice 2
Airíonn sé solamar eicínt ina n-aice nó ní thaobhódh sé iad chomh minic agus a thaobhaíonns — de bhrabach orthu; san áit a bhfuil siad
TUILLEADH (2) ▼
Airíonn sé an t-airgead ina haice — aici, nó le fáil mar spré óna muintir
Ní airíonn sé an brabach anois in m'aice, agus sin é an fáth nach dteagann sé
+
aire
Tabharfaidh sé siúd aire dhuit má airíonn sé (má fhaigheann sé) aon bhuille bog ionat — beidh sé in do chomhluadar má fheiceann sé go bhfuil tú frasach ná rabairneach ná gnaíúil.
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh sé go n-airíonn sé solamar eicínt siar faoi na locháin agus an aire atá sé a thabhairt dóibh le píosa.
+
airigh
Má airíonn sé an fuacht, dheamhan mórán dhá aithne air.
TUILLEADH (18) ▼
Cá n-airíonn sé an fabht?
Ní airíonn sé pian ná tinneas, agus níl sé ar fónamh ina dhiaidh sin
An airíonn sé traoitheadh ar bith ag an at.
Airíonn sé lag mise nó is beag an ghiolcadh a bheadh aige timpeall an tí seo — tá a fhios aige go bhfuil mise lag; murach sin, ní bheadh sé ag glaoch agus ag tabhairt údar achrainn uaidh timpeall mo thí.
Murach go n-airíonn sé go dona sibh, ní bheadh sibh ionsaithe aige i chuile áit.
Murach go n-airíonn sé gan gus sibh, ní bheadh sé ag déanamh dóighe (mhagaidh) dhaoibh os comhair a dhá súl.
Murach go n-airíonn sé dícéillí sibh, b'fhada uaidh sin comhluadar a thabhairt daoibh.
Airíonn sé gan an teannadh ar mo chúl agamsa — tá a fhios aige nach bhfuil aon chúnamh agam.
Murach go n-airíonn sé róshásta sibh, ba bheag an baol air a dhul ag brú isteach ar a (bhur) gcuid feamainne.
Murach go n-airíonn sé anó ormsa, ní bheadh baol ina chraiceann air achrann a tharraingt ar mo shráid — murach go bhfuil a fhios aige go bhfuil donacht nó lagar nó éalang ormsa, is fada go dtiocfadh sé i gcleithiúnas troid a chur ar siúl ar mo shráid.
Murach go n-airíonn sé cóir iad, ní thabharfadh sé an oiread aire dhóibh agus a thugann sé — tá a fhios aige go bhfuil siad gnaíúil agus sin é an fáth go dtéann sé go dtí iad chomh minic.
Caithfidh sé go n-airíonn sé ól ag imeacht ar sliobarna ann agus chomh taithithe agus atá sé ann le gairid — caithfidh sé go bhfuil a fhios aige go dtugtar ól do dhaoine in aisce ann; murach sin, ní bheadh a tharraingt agus a lonnú síoraí san áit.
Murach go n-airíonn sé solamar eicínt ina dtimpeall, ní bheadh sé dhá dtíolacan i chuile áit mar atá sé — murach go bhfaigheann sé brabach eicínt orthu, ní bheadh sé abuil iad agus ag déanamh treoraíochta dóibh i chuile áit.
Airíonn sé an t-airgead ina hascaill. Murach go n-airíonn, dheamhan a chos a phósfadh í.
Airíonn sé poitín i mbarr an bhaile ar an aimsir seo, mar níl sé ag déanamh cónaí ar bith ach ann.
Caithfidh sé go n-airíonn sé ciste (.i. ór folaithe) i ngarraí na hiothlann, mar is ann atá sé ó tháinig earrach.
Airíonn sé an capall ó dhíol sé í.
Ní airíonn muid uainn é (as an teach) ó imíonn sé go dtagann sé aríst — níl aon ghnaoi mór againn air. Sna leagain a mbíonn uainn, uait srl. iontu, cronaigh go mbíonn baint acu le teach nó a leithide agus go dtagann uireaspa gnaoi i gceist
 
Fainic an n-ardófá leat aon cheo dhá bhfuil ansin anois mar beidh sé siúd le buile má airíonn sé aon cheo dhíobh ar iarraidh.
 
Nuair a cuireadh isteach sa bpríosún é an uair sin faoi dhíol an phlúir, baineadh an pinsean dó. Ba chuma dhó aige ná uaidh é scáth chúig phunt sa mbliain, agus ina dhiaidh sin féin dhá bhfágadh duine bliain gan tarraingt é, thiocfadh sé chun suime. Ní airíonn duine foscadh na toime nó go mbaintear í
 
furú
Chuaigh sé soir agus furú faoi. M'anam muise go n-airíonn sé síol nua eicínt thoir agus an oiread sin furú a bheith air. Is beag an furú a bheadh air, mo léan, ag dul amach ag a gharraí
+
Murach go n-airíonn an fear isteach tiomsacht eicínt ann (istigh sa teach), ní taobhódh sé é (tiomsacht = solamar, beadaíocht, soláthar nó brabach eicínt fearacht óil ná eile)
TUILLEADH (1) ▼
Mise i mbannaí, nach mbrúfaidh sé isteach ar chuid duine ar bith eile ach ar a gcuid s'agaibhse, mar airíonn sé go dona sibh — níl sibh in ann a gceart a choinneáil agus é a ruaigeadh, agus dhá bh(r)íthin sin, tá sé ag glacadh binne ar bhur gcuid feamainne nó eile
 
fiata
D'éirigh mé leis an lá maidin an lá cheana agus chuaigh mé suas i nGarraí Th. Bhí sé breactha le coiníní ag ithe geamhair. Airíonn siad an geamhar óg siúd fiata — séimh, gan a bheith bríomhar
 
Tá an madadh ag cur fuarchruit air fhéin le sámhas. Airíonn sé go bhfuil a dhóthain ite aige anois
 
daol
Theangmhaigh daol eicínt leis agus é a chastáil in éindí le mo dhuine. Sin é an cheád uair le bliain a bhfaca mé abuil a chéile iad. Murach (muna mbeadh) go n-airíonn sé brabach eicínt air muis, a Thiarna Dé is fada amach uaidh a d'fhanfadh sé
 
Theastódh ó dhuine eicínt deatach a bhaint as ar scáth a bhfuil d'fhaitíos aige roimh an mbaile seo. Airíonn sé na daoine go dona: sin é atá air. Tá an strabhsachán sin thiar ag M. T. chomh dona leis chuile orlach
 
Má airíonn tú ag teacht in t'aghaidh é gabh amach go bhfaighe tú deoladh gaoithe. 'Sé do mhaith é
 
diaidh
Airíonn sé seo soir priocadh in áit eicínt. An bhfeiceann tú ag breathnú i ndiaidh a ghualann é.
 
Beidh an domhnaíocht sagairt agus daoine móra ar a shochraide sin. Airíonn siad rud aige. Is beag an baol go dtaobhódh siad C. Ph. Mh. (fear bocht) dhá mbeadh sé os cionn cláir, ní ag tabhairt gutha ar a bhás é an fear croí. Ach cá bhfios don té sin. B'fhéidir do Ch. Ph. Mh. a bheith ag imeacht ina chóiste cinn chomh maith leis an duine is fhearr acu shul má gheobhas sé féin bás. Agus go dtuga Dia dhó!
 
Ní féidir gur ag cothú achrainn atá an dreolán sin: i leaba a bhualadh isteach ar an straois agus luí fia a chur air go ceann leathbhliana. Airíonn sé go bhfuil na fir ar fónamh ar fad imithe
 
driog
Airíonn sé corrdhriog inti fós ach is beag an bhrí iad le hais an phian ghártha a bhí inti cheana. Ní fhaca mé aon fhear ariamh ab fhearr fulaingt ná é. Scaití ansin bhíodh sé ina lúib le pian ach dheamhan a n-éagnaíodh sé ina dhiaidh sin í. Is mór an fhoighid a bhíos ag cuid de na daoine thar a chéile
+
droim
Ag an mbaile seo againne a bhí bua troda ariamh, ach shílfeá go bhfuil muid de dhroim seoil le gairid ag an gC. Dh. Ní raibh sé amhlaidh scaitheamh muis. Ba bheag an sceaimhínteacht deirimse leat a bheadh ag an dream sin ag dul thar bhóthar an bhaile seo. Ach airíonn siad an líne atá suas anois ann cloíte
TUILLEADH (1) ▼
Meas tú an féidir droim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladta aige. Céard adeir tú leis a d'ardaigh leis cearc den tsráid ansin inné go deireanach, os comhair mó dhá shúl. Airíonn sé go bhfuil púdar gann. Murach sin is beag den tsirtheoireacht seo a bheadh air in aice na dtithe
 
déag
Ó bheas siad sna déaga chor ar bith (gasúir), ní airíonn na daoine ag scinneadh amach ina bhfir iad. Ach ní mar a chéile uileag iad sin féin. Cuid acu a mbíonn an-bhiseach fúthu, agus cuid eile nach ndéanann aon bhiseach chor ar bith. De réir mianach an duine a bhíos sé
 
Is beag an néal air sin! Tá sé ag déanamh suas le C. seo thiar, ach ní le C. atá sé ag déanamh suas ach lena cuid airgid. Airíonn sé sparán teann aice
 
Bhí a dhóthain mhór glaomaireachta aige ar chaoi ar bith. Is minic a chonaic mise fear agus gan leath an oiread aige agus ghabhfadh sé abhaile agus a smut briste. Airíonn cuid ar a chéile acu an dream atá sna bólaí seo rómhacánta. Murach sin ba bheag é a gcuid glaomaireachta