Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cúirialta
aidiacht
cúirialta, cúilialta, cúimhialta: tá na trí leagan ar an bhfocal. Ó Mhaigh Cuilinn an chéad leagan, agus 'sé thugaim, arae ní fhéadaim aon cheart a bhaint den phéire eile
moiglí, múinte, béasach, lách, socair.
+
Tá sé an-chúirialta.
Gearrchaile cúirialta í sin, agus gan araoid ná aighneas aici ar aon duine ach a bealach fhéin a dhéanamh.
TUILLEADH (10) ▼
Tá sí chomh cúirialta agat, agus go sílfeá nach mbeadh anachain ar bith inti. Ach nach breá go bhfuil ina dhiaidh sin.
M'anam muise gur maith é faoina chuid buillí, dhá chúilialta dhá bhfuil a ligean amach — 'sé an t-abhras a bhainfeá as a chuid cainte féin, go bhfuil sé lách socair, ach tá sé buailteach ina dhiaidh sin.
Tá sé sách cúirialta mar sin go gcuirtear air, ach an uair sin, níor mhaith dhuit a bheith in aon phasáiste leis.
Má tá fhéin, tá sí ag fáil fear cúirialta lách nach n-abróidh drúcht ná báisteach le aon duine muran ciontach é féin.
I nDomhnach muise, dá chúilialta agus dá mhúinte é, ní bheadh aon chur suas de bhean aige dá gcastaí ina bhealach í. Ach mar adeir an ceann eile, más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta — rachadh sé ag suirí le cailín, dá bhfaigheadh sé an dóigh srl.
Dar mo choinsias, is dochreidte an scéal é, scorach chomh cúirialta leis sin a bheith ag gabháil thart ar an gceird sin. Ach d'íosfadh na muca ciúine fhéin an triosc arsa tusa.
Ní casfaí fear chomh cúirialta leat in do shiúl ionsaí. Murach an ceann eile a bheith as bealach, agus as bealach go mór, dheamhan cos Sheáin a chuirfeadh chuige ná uaidh.
Tá sé cúirialta go leor mar sin, ach i nDomhnach, deir siad go bhfuil neart maistínteachta ann má bhaintear as é. Ach cé milleán air sin ach an oiread le scéal.
Dheamhan duine ba chúirialta ná é sin a d'fheicfeá in do shiúl lae, ach 'sí an bhean atá dhá shaighdeadh agus ag cur na drochmhúineadh ann.
Tá sé cúirialta go leor i gcosúlacht, ach téirigh sa gceann sin leis go bhfeice tú!

Féach freisin