Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ciseach
ainmfhocal, baininscneach; uimhir iolra ciseachaí
tuiseal ginideach aonta (ciall 1): cisí
ní thagann claochlú ar bith air sa tuiseal ginideach i gcéill 2.
is i gcéill 2 is minicí a cloistear é. Focal an-choitianta sa gcéill sin é
1.
cis; cosán a dhéanfaí de scrathachaí nó de chraobhrachaí thrí chaothachaí nó geadáin bhoga i gcriathrach nó i dtalamh (fc. cis). Ní tugtar ciseach air ach i gcorráit (Achréidh — áiteachaí dhe). Cis a bhíonns i gConamara i ngeall le ar fad.
2.
cis ar easair; drochbhail; as cumraíocht nó as cruth millte; taltaithe; gaibhte chun drabhláis; sáinnithe; i dteannta; sceadta; giotaithe.
+
Tá an slám féir sin thiar ina chiseach ag na caoirigh. Dheamhan pointe ar bith nach istigh ann a bhíonns siad.
Tá an teach ina chiseach agat ag tarraingt chuile shórt isteach ann.
TUILLEADH (9) ▼
Tá an bóithrín sin ina chiseach chríochnaithe anois. Níl sé in araíocht ag duine ná beithíoch é a shiúl.
Nach í an aimsir atá ina ciseach amach is amach!
Tá chuile rud ina chiseach ag an mbáistigh.
An cosamar fataí a d'fhága sibh in bhur ndiaidh thíos ansin thíos, tá siad ina gciseach anois de bharr na báistí.
Níl aon fhód móna ag gabháil liom nach bhfuil ina ciseach ag beithígh ag taltú uirthi. Spóirt a fhaigheanns na gasúir sin orthub. Dheamhan a mbacfaidís iad, dhá mbeidís ag breathnú orthub choíchin.
Má fhaigheann an féar sin thíos mórán eile amlú, beidh sé ina chiseach.
Tá an baile ina chiseach aige; chuile dhuine faoina chosa agus gan gair acub labhairt lena bhfuil de charaideachaí aige.
Má sheasann an sioc seo i bhfad, beidh cur ina chiseach. Tá an bharrann dóite ar fad aige — fata ar bith a bhí os cionn talún.
Tá an áit ina chiseach ag an mbratainn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan a fhios ag aon duine beo cén ábhailleacht atá iontub.
·
Dheamhan a bhfaca tú a leithide de chiseach déanta d'aon rud ariamh mar atá déanta den gharraí fataí sin thuas ag caoirigh Ch. Níl aon mhaith iad a fhuagairt di. Brath mór atá agam iad a thiomáilt (thiomáint) chuig an ngarraí gabhann.
An mbeadh an oiread den bhall séire ort agus go dtabharfá bhót (vote) dhóibh sin? Nach bhfeiceann tú go bhfuil ciseach déanta acub den tír. Ach is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan.
+
Nach é a rinne an chiseach dhó fhéin leis an ól? — nach é a chuir drochbhail ar fhéin, nó a d'fhága lúb síos ina ghnaithe, nó a macasamhail.
Scread mhaidne air, an cuimleacháinín, murab é a rinne an chiseach dhó fhéin!
TUILLEADH (4) ▼
Rinne siad ciseach dhóibh ar fad sa darna leathuair — rinne ceann de na comláin imeartha, drochbhail a chur ar an gcomlán eile sa dara ceann den chluiche. Sháraíodar iad gan stró ar bith.
Chuaigh mac Sh. P. Mh. ag carraíocht le C. L. inniu, agus dar príosta má chuaigh féin, rinne an ceann thiar ciseach dhe gan mórán stró ar bith.
Más leat ciseach a dhéanamh dhíot fhéin, téirigh amach inniu. Dheamhan an mbeadh a leathoiread súnáis oibre ort lá breá.
Dheamhan duine a thiocfas ar bhicycle ar an mbóthar sin siar nach ndéanfaidh sé ciseach dhe. Puiteach ar fad é. Sách rite a thiocfadh sé le duine é a shiúl fhéin, ní áirím a dhul ar bhicycle air.
+
Ní fhaca mé do leithide de chiseach ariamh nach gcuirfeá cuma eicínt ort fhéin uair eicínt, agus gan a bheith ag imeacht in do shraimleoig i gcónaí.
Tá mé in mo chiseach le fliuchán. Níl snáth thuas ar mo chraiceann nach bhfuil bog báite.
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé in mo chiseach ag an obair — millte; as cumraíocht, nó as cruth.
Ní raibh sé ina chiseach ariamh go dtí anois muis, má bhaintear an pinsean dhe. Ar ndóigh, dheamhan bonn bán air siúd. — tá sé i dteannta. Má bhaintear an pinsean de, beidh sé in anchaoi
Ní raibh na daoine ina gciseach ariamh go dtí anois, muis, má tá i ndán is go gcaithfidh siad, fanacht as an aicearra agus a dhul an timpeall.
3.
ceasach; sórt boilg, máilín, nó cineál cléibh. Ceasach is mó a tugtar air seo (fc. ceasach).

ciseach in iontrálacha eile (18)

 
Shíl mé gur dhúirt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile agus gan í a fhágáil ina ciseach mar sin! Ach is beag an mhaith rud ar bith a rá leat. Tá tú ró-neamhairdiúil ar fad.
 
colg
Má ghníonn sé báisteach, beidh an tsráid ina ciseach ag an gcolg sin. Breá nár chart sibh suas san iothlainn é as an mbealach.
 
Meas tú nuair a bhí mé ag ithe mo bhéile, nár thit cuilín shúí síos in mo chuid bainne. Tá an teach seo ina chiseach le súí
 
Dheamhan lá aiféala a chuirfeadh sé air dá ndéanadh sé ciseach (cis ar easair, béal in airde srl.) de do chuid fré chéile
 
Rinne siad ciseach dhe le ól ar feadh dhá lá agus bhuail siad an iníon air ar a chuid óil. Murach sin, dheamhan brat phósta a thiocfadh uirthi lena ló, ná a bhfaigheadh sí fear a hiarrta.
 
bunán
Tá cora bhunáin faoi mhéarachaí mo chos agus tá mé i mo chiseach acub — tá plá nó bulc de na bunáin faoi mhéarachaí mo chos agus tá mé thart nó craplaithe dhá mbarr
 
anuas
Thit sé anuas faoin mbóthar mar bhí sé ina chiseach críochnaithe le ól.
 
Níl ceart ar bith le baint dhe ar a mheisce. San am a n-ardaíonn an t-ól air, bíonn sé ina chiseach críochnaithe.
 
deis
Diabhal easna dhíot nach tú a chuir an deis siúd ar mo chuid féir aréir! B'fhurasta a aithinte dhom é dhá gcuimhnínn air. Tá an colbha thiar uileag ina chiseach de bharr na hoíche. Beirt eicínt a bhí ag cúirtéireacht ann. Ní hé do mhalrait féin a bhí ann ariamh
 
Má théann duine ná deoraí isteach ansin anois nó go gcrua sé sin, déanfaidh siad ciseach dhe aríst théis mo chuid anró. Mar sin tá mé ag cur aithne oraibh gan aon duine a ligean ina ghaire, nó má sheasann aon duine air fanfaidh lorg na gcos ann
 
Is diachta ghéar nár fhága sibh an seanbhosca ceoil sin san áit a bhfuair sibh é. Dá mba rud ar fónamh é, ní bheadh sí leath chomh spleodrach dá thabhairt daoibh. Dúnaigí suas anois é, nó dar brí an leabhair, déanfaidh mise rud leis: a bhualadh amuigh ansin in aghaidh an chlaí agus ciseach a dhéanamh dó (dhe) sa lusarnach ina dhiaidh sin
 
Tá sí ina ciseach le drúcht goiríní. Is gearr ó bhí easpaí uirthi, agus tháinig grís uirthi an bhliain cheana agus bhí sí chomh dona agus gur shíl muid go ngiorródh sí léithe. Droch-chraiceann nó drochfhuil nó rud eicínt
 
Rinne sé ciseach (cis ar easair srl.) dhe
 
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh ina glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon phínn go deo uirthi. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claí isteach sa gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, murach go raibh sí istigh ar a chuid talúna féin. Ach ní bhfaigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnódh sé siúd, ní dhá roinnt leis é, a dtáinig ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill
 
díle 1
Má ghníonn sé díle bháistí anocht, agus tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile nó déanfaidh, beidh an ghlaicín fhéir sin ina chiseach. Nach bhfuil sé chomh maith dhúinn é a bhualadh ar a chéile. Ní bheidh muid ala an chloig leis, má tá sé deireanach orainn féin
 
díon 1
Cheannaigh mé cóta mór — ceann báistí — thíos i nG. cupla bliain ó shin. Shín mé mo thrí phunt amach air. Dheamhan cianóg rua a fuair mé as. Chaith mé dhá uair ag margáil faoi, ach ní ligfeadh sé laglabhartha as na trí phunt é. Chroch mé liom abhaile é. Chuir mé orm lá báistí ag dul ar an bportach é. Bhí mé bog báite isteach le mo chraiceann ag teacht abhaile dhom. Rug mé air de thaghd agus rinne mé ciseach faoi mo chosa dhó
 
dúil
Ní féidir gur dúil atá aici an bóithrín a dhúnadh. Séard is fhearr a dhéanamh, a dhul roimpi in am. Mura dtéitear, déanfaidh sí ciseach de na daoine. Bhí cosán ansin ariamh sa saol
 
Ní raibh ag dul fúithi ná thairti ach sagart a dhéanamh den mhac sin, ach féacha an deis atá anois air: ina chiseach le ól i chuile áit. D'éireodh di croí dubh féin a bheith aici. Thóg sí é sin go muirneach — rómhuirneach b'fhéidir