Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ciseach
ainm-fhocal; baininscneach
uimhir iolraidh — ciseachaí
ciall 1 — tuiseal geineamhnach aonda — cisighe (ní thagann claochlódh ar bith air sa tuiseal geineamhnach i gcéill 2).
i gcéill 2 is minicí a cloistear é. Focal an-choitchiannta sa gcéill sin é
1.
cis; casán a dhéanfaí de scrathachaí nó de chraobhrachaí thrídh chaethachaí nó giodáin bhoga igcriathrach nó idtalamh (féach cis). Ní tugtar ciseach air ach i gcorr-áit (Achréidh — áiteachaí dhe). Cis a bhío(nn)s i gConamara ingeall le, ar fad.
2.
cis ar easair; droch-bhail; as cumraidheacht nó as cruth millte; talltuighthe; gaibhte 'un dreabhláis; sáinnighthe; idteannta; sceadtha; giotuighthe.
+
Tá'n slám féir sin thiar in a chiseach ag na caoirigh. Dheamhan puínnte a' bith nach istigh ann a bhío(nn)s siad.
Tá'n teach in a chiseach agad, a' tarraingt 'chuile shórt isteach ann.
TUILLEADH (9) ▼
Tá'n bóithrín sin in a chiseach chríochnuighthe anois. Níl sé in araidheacht ag duine ná beithidheach é 'shiubhal.
Nach hí an aimsir atá in a ciseach amach a's amach!
Tá 'chuile rud in a chiseach ag a' mbáistigh.
An cosamar fataí a d'fhága sib in ur (bhar) ndiaidh thíos annsin thíos, tá siad in a gciseach anois, de bharr na báistighe.
Níl aon-fhód móna a' gabhail liom nach bhfuil in a ciseach ag beithidhigh a' talltú uirre. Spóirt 'fhagha(nn)s na gasúir sin orra(b). Dheamhan a mbacfaidís iad, dhá mbeidís a' breathnú orra(b) choidhchin.
Má fhaghann a' féar sin thíos mórán eile amlú, beidh sé 'na chiseach.
Tá'n baile in a chiseach aige; 'chuile dhuine faoi na chosa, a's gan goir aca(b) labhairt, le na bhfuil de charaideachaí aige.
Má sheasann a' sioc seo i bhfad, beidh cur in a chiseach. Tá'n bharrann dóighte ar fad aige — fata a' bith a bhí as cíonn talmhan.
Tá'n áit in a chiseach ag a' mbrothtuinn ghasúr sin as Baile Átha Cliath. Dheamhan fhios ag aonduine beo, cé'n ámhuilleacht atá ionnta(b).
·
Dheamhan a bhfaca tú a leithide de chiseach déanta d'aon-rud ariamh mar tá déanta de'n gharrdha fataí sin thuas ag caoirigh Ch. Níl aon-mhaith iad 'fhuagairt di. Brath mór atá agham iad a thiomáilt (thiomáint) chuig an ngarrdha gabhann.
A' mbeadh an oiread de'n bhallséire ort a's go dtiubharfá bhót (vote) dhóib sin? Nach bhfeiceann tú go bhfuil ciseach déanta aca(b) de'n tír. Ach is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan.
+
Nach hé a rinne an chiseach dhó fhéin leis an ól? = nach hé a chuir droch-bhail ar fhéin, nó a d'fhága lúb síos in a ghnaithe, nó a macsamhail.
Scread mhaidne air, an cimleacháinín marab é a rinne an chiseach dhó fhéin!
TUILLEADH (4) ▼
Rinne siad ciseach dhóib ar fad, sa dárna leath-uair. = rinne ceann de na comláin imeartha, droch-bhail a chuir ar a' gcomlán eile 'sa dara ceann de'n chluiche. Sháruigheadar iad gan stró a' bith.
Chuaidh mac Sh. P. Mh. a' carruidheacht le C. L. indiu, a's dar príosta má chuaidh féin, rinne an ceann thiar ciseach dhe, gan mórán stró a' bith.
Má's leat ciseach a dhéanamh dhíot fhéin, teirigh amach indiu. Dheamhan a' mbeadh a leath-oiread súnáis oibre ort lá breagh.
Dheamhan duine a thiocfas ar 'bhicycle' ar a' mbóthar sin siar, nach ndéanfa sé ciseach dhe. Puiteach ar fad é. Sáthach righte a thiocfadh sé le duine é 'shiubhal fhéin, ní áirmhighim a dhul ar 'bhicycle' air.
+
Ní fhaca mé do leithide de chiseach ariamh, nach gcuirfeá cuma eicínt ort fhéin uair eicínt, a's gan a bheith ag imtheacht in do shraimleoig i gcomhnuidhe.
Tá mé in mo chiseach le fliuchán. Níl snáth thuas ar mo chraiceann nach bhfuil bog, báithte.
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé in mo chiseach ag an obair = millte; as cumraidheacht, nó as cruth.
Ní raibh sé in a chiseach ariamh go dtí anois muis, má bhaintear an pinsean dhe. Ar ndóigh, dheamhan bonn bán air siúd. = tá sé idteannta. Má bhaintear an pinsean de, beidh sé in an-chaoi.
Ní raibh na daoine ina gciseach ariamh go dtí anois, muis, má ta indán's go gcaithfe siad, fanacht as an aithgiorra, a's a dhul a' timcheall.
3.
ceasach; sórt builg, máilín, nó cineál cléibh. Ceasach is mó a tugtar air seo (féach ceasach).

Ciseach in iontrálacha eile (18)

 
Shíl mé gur dhubhairt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile, a's gan í a fhágáil in a ciseach mar sin! Ach is beag a' mhaith rud a' bith a rádh leat. Tá tú ro-neamh-áirdeamhail ar fad.
 
colg
Má ghníonn sé báisteach, beidh an tsráid in a ciseach ag an gcolg sin. Breagh nar chart sib suas 'san iothlainn é, as a' mbealach.
 
'Meastú nuair a bhí mé ag ithe mo bhéile, nar thuit cuilín shúighe síos in mo chuid bainne. Tá'n teach seo in a chiseach le súighe
 
Dheamhan lá aithmhéala a chuirfeadh sé air, dá ndéanadh sé ciseach (cis ar easair, béal in áirde etc) de do chuid, fré chéile.
 
Rinne siad ciseach dhe le ól ar feadh dhá lá, a's bhuail siad an inghean air, ar a chuid óil. Marach sin, dheamhan brat phósta a thiocfadh uirre le na ló, ná a bhfuigheadh sí fear a h-iarrta.
 
bunán
Tá carra bhunáin faoi mhéarachaí mo chos, a's tá mé 'mo chiseach aca(b) = tá pláigh nó bulc de na bunáin faoi mhéarachaí mo chos, a's tá mé thart nó creaiplighthe dhá mbarr.
 
anuas
Thuit sé anuas faoi'n mbóthar, mar bhí sé 'na chiseach críochnuighthe le ól.
 
Níl ceart a' bith le baint dhe ar a mheisce. 'San am a n-árduigheann a' t-ól air, bíonn sé 'na chiseach críochnuighthe.
 
deis
Diabhal asna dhíot nach tú a chuir an deis siúd ar mo chuid féir aréir! B'fhurasta 'aithinte dhom é dhá gcuimhnighinn air. Tá an colbh thiar uiliog in a chiseach de bharr na h-oíche. Beirt eicínt a bhí ag cúirtéaracht ann. Ní hé do mhalrait féin a bhí ann ariamh
 
Má theigheann duine ná deoruidhe isteach annsin anois nó go gcruadhuighidh sé sin, déanfaidh siad ciseach dhe aríst th'éis mo chuid anró. Mar sin tá mé ag cur aithne oraibh gan aon-duine a leigean in a ghoire, nó má sheasann aon-duine air fanfaidh lorg na gcos ann
 
Is diachta ghéar nar fhága sib an sean-bhosca ceoil sin ins an áit a bhfuair sib é. Dá mbadh rud ar foghnamh é, ní bheadh sí leath cho spleodrach dá thabhairt daoib. Dúinigidh suas anois é, nó dar brigh an leabhar déanfaidh mise rud leis: a bhualadh amuigh annsin in aghaidh an chlaidhe agus ciseach a dhéanamh dó (dhe) ins an lasarnach in a dhiaidh sin
 
Tá sí in a ciseach le drúcht guiríní. Is gearr ó a bhí easbaí uirre, agus tháinig grís uirre an bhliain cheana agus bhí sí cho dona, agus gur shíl muid go ngiorródh sí léithe. Droch-chraiceann nó droch-fhuil nó rud eicínt
 
Rinne sé ciseach (cis ar easair agus rl.) dhe
 
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh in a glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon-phighinn go deo uirre. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claidhe isteach ins an gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, marach go raibh sí istigh ar a chuid talmhana féin. Ach ní bhfuigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnóchadh sé siúd, ní dhá roint leis é, a dtáinic ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill
 
díle 1
Má ghníonn sé díle bháistighe anocht agus tá sé féin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile nó déanfaidh, beidh an ghlaicín fhéir sin in a chiseach. Nach bhfuil sé cho maith dhuinn é a bhualadh ar a chéile. Ní bheidh muid ala an chluig leis, má tá sé deireannach orainn féin
 
díon 1
Cheannuigh mé cóta mór — ceann báistighe — thíos inG. cupla bliain ó shoin. Shín mé mo thrí phunt amach air. Dheamhan cianóg ruadh a fuair mé as. Chaith mé dhá uair ag margáil faoi, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as na trí phunt é. Chroch mé liom abhaile é. Chuir mé orm lá báistighe ag dul ar an bportach é. Bhí mé bog báithte isteach le mo chraiceann ag teacht abhaile dhom. Rug mé air de thaghd agus rinne mé ciseach faoi mo chosa dhó
 
dúil
Ní féidir gur dúil atá aice an boithrín a dhúnadh. 'Séard is fhearr a dhéanamh a dhul roímpe in am. Mara dteightear déanfaidh sí ciseach de na daoine. Bhí casán annsin ariamh ins an saoghal
 
Ní raibh ag dul fúithe ná thairti ach sagart a dhéanamh de'n mhac sin, ach feacha an deis atá anois air: ina chiseach le ól is 'chuil' áit. D'eireochadh di croidhe dubh féin a bheith aice. Thóig sí é sin go muirneach — ro-mhuirneach b'fhéidir.