Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
clab
a.
béal mór, duine a mbeadh béal mór air; béal gan cónaí; duine a mbeadh an iomarca le rá aige.
+
Dún do chlab — éist do bhéal!; Dún do chaiseal!; Bí i do thost.
Breá nach ndúnfá do chlab agus gan a bheith ag síor-rá i gcónaí.
TUILLEADH (8) ▼
Mura stopa tú buailfidh mé siar ar an gclab thú!
Dathóidh mé na claib agaibh mura lige sibh dhom — cuirfidh mé fuil orthu.
Tá do chlab ag síormheilt — i gcónaí ag caint
Is ort atá an clab — i gcónaí ag meilt.
Tá clab istigh anseo i gcónaí air, ag slogadh scéalta — a bhéal an-osclaithe aige agus stiúir éisteachta air.
Tá a dhá dhíol le rá ag do chlab mór.
Há muise, a chlab mhóir, is tusa fhéin nach bhfuil aon fhoscadh ionat! —nach gcoinneodh rún.
Céard adeir tú anois, a chlab mhóir!
b.
béal míchumtha; ainm fonóideach ar bhéal duine.
+
Is uirthi atá an clab troisc ceart — béal fearacht béal troisc; béal fada, mór, míchumtha.
Ní leasainm uirthi clab troisc féin, arae tá béal uirthi mar a bheadh ar throsc.
TUILLEADH (7) ▼
Pé ar bith cén chaoi a bhfuil mé, níl mé in mo chlab troisc mar thusa!
Más clab troisc fhéin atá uirthi, cén neart atá aici air. Mar sin a d'fhága Dia í.
B'fhurasta a aithinte dhuit a chlab troisc dhá mbeifeá gan aon fheiceáil ariamh cheana.
Nach mór a chaithfeá clab troisc a ghlaoch uirthi! Dheamhan iontas ar bith gur tháinig cuthach uirthi leat.
'Clab troisc seo thiar,' adeir sé, a dhiabhail, 'sé atá in ann í a chóiriú. Bhí mé in arraingeachaí ag éisteacht leis.
Is gránna é a clab — clab troisc bradach.
Is gránna an clab atá uirthi — béal míchumtha
·
Bhí clab troisc seo thíos ar cuairt ann, agus go deimhin má bhí fhéin, ní caoithiúil í — leasainm i ngeall ar an mbéal a bhí uirthi.

Féach freisin

clab in iontrálacha eile (13)

+
Sin é fhéin muis an béal gan foscadh, a bhéal sin; an clab gan foscadh — duine a sceitheas gach uile shórt
TUILLEADH (1) ▼
Dún do bhéal anois a chlab gan foscadh. Is gann atá an saol ag dul ort mura bhfuil aon údar cainte agat ach an méid sin
 
Tabharfaidh mé foghairt agus faobhar na speile aniar i gcinc an mhuiníl dhuit mura ndúna tú do chlab
+
abair
Abair "ábab" agus ná buail do dhá chlab faoi chéile — rud adeirtear le gasúir. Ní féidir na bannaí a rá gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh tú "ábab" gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
 
Go ndamnaí an tubaiste a clab troisc. Nach gann a chuaigh an saol uirthi, más in é anois a raibh le n-inseacht aici! Ach is cóir adeir siad, an muileann a bhíos ag síormheilt go meileann sé mín agus garbh
 
diaidh
Ní beag dhom a bhfuil de chaitheamh ina ndiaidh orm agus gan tusa a bheith ag cur tuillidh orm. Breá nach ndúnfá do chlab mór uair eicínt
 
Is mór an míshlacht uirthi an drandal siúd a bheith leis aici chuile uair dhá n-osclóidh sí a clab le dhul ag gáirí. Úrbhéal uileag í
+
dún
Dún do chlab — dún do bhéal (ach é níos drochmheasúla ná béal)
TUILLEADH (3) ▼
Coinnigh do chlab dúnta ar fad. Ar ndóigh ní éirim atá in do chuid caintese
Ní dhúnfaidh tada clab an abhlóir seo istigh ach cuaifeach de dhorna
Caithfidh siad poistín gágach eicínt aige lena chlab a dhúnadh. Is fada é ag déanamh tinnis dóibh. Bhíodh sé ag caitheamh agus ag cáineadh orthu as éadan le gairid
 
Go deimhin duine ar bith a chonaic an mháthair ariamh, is furasta a aithinte dhó gur léithe atá sí ag dul: na malaí céanna agus an clab troisc céanna freisin