Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
clochneart, cloch phuis, cloch ghualann
ainmfhocal, baininscneach (fc. thíos, deile)
i gciall 1 tugtar cloch nirt amantaí uirthi; clo is iondúla sa bhfoghar, murab í an chloch fhéin a bheadh i gceist. Bíonn an n i neart séimhithe. cloch phuis adeirtear in áiteachaí (Ros Muc, Camas srl.), cloch ghualann in áiteacha eile (Achréidh) ach ní thagann an leagan sin i gceist i gcéill (2).
1.
cloch a theilgeas daoine ó scríb fhéint a bhfeicfidís cé acu is faide teilgean. Caitear amantaí ón ngualainn í, agus amantaí eile ó ghabhal an dá chos. Is féidir í a theilgean de rite reathach nó de scríb loim de réir mar a shocrós an comlán caite. Cuirtear pitseach nó comhartha san áit a dtagann chuile urchar le talamh.
+
Tiocfaidh muid ag caitheamh cloiche neart.
Seo é an geadán a mbíodh an tír cruinnithe ag caitheamh cloiche nirt roimhe seo.
TUILLEADH (20) ▼
An bhfuil aon rath ort leis an gclochneart?
Sín i leith agam an chlochneart sin go bhféacha mé mé fhéin léithe.
Dhá fheabhas é, dheamhan gair aige ar Sh. G. ag caitheamh cloiche neart.
Níor fhága sé tada ina chónaí ann fhéin leis an gclochneart, agus dhá mhéad de bhromaire é ina dhiaidh sin, d'fhéach sé í a chur chomh fada le M.
Cáide a chuir tú an chlochneart?
Caitheadh muid urchar cloiche neart!
Is diabhlaí go héag an t-urchar cloiche neart atá aige!
Mo chuach ansin thú! Is agat atá an ghnaithe breith ar an gclochneart, bail ó Dhia ort.
Bhí daigéad mhór de chlochneart ann, agus dheamhan croitheadh a fuair sé inti, ach an oiread agus dá mba méaróg den bhóthar í.
Is beag an ghair atá aige ar an urchar atá ag T. Ph. le clochneart.
Má théann sé seo ar chaitheamh na cloiche neart, bail ó Dhia air, cuirfidh sé sna gaiseití í — ní bheidh sí le fáil chor ar bith ina dhiaidh.
Le urchar gualann is fhearr é ag caitheamh cloiche neart.
Caithfidh muid an chlochneart thíos fúinn.
Is áibhéil uaidh urchar cloiche neart a chaitheamh óna ghualainn.
Ná déan rite reathach ar bith leis an gclochneart. Caith ó scríb í.
Bhí tosach mór agamsa orthub leis an gclochneart.
Cuirfidh mé mo rogha geall leat, má théann muid ag caitheamh cloiche neart go scoithe mé d'urcharsa gan stró ar bith. Céard a chuirfeas tú?
Théis nach bhfuil sé ach cheithre bliana déag, dheamhan ionga ná orlach ag fear na seacht mbliana déag air leis an gclochneart. Is furasta a aithinte air go bhfuil an mianach ann!
Caith an chlochneart sin. Ar a fhéachaint a bheidh fhios é! — ní bheidh a fhios cé againn is fhearr go gcaithe tusa urchar chomh maith liomsa.
Ní hin é an chaoi le clochneart a chaitheamh ón ngualainn chor ar bith. Níl tusa ag cur deis ar bith ort fhéin léithe. Ar an láimh atá tú ag cur an stró ar fad, i leaba é a chur ar an ngualainn agus ar an slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú ag cur cosúlacht chaite eicínt ort fhéin!
+
Má théann muid ag caitheamh cloiche phuis, ní bheidh aon ligean ann. Caithfear í a chaitheamh ó scríb, agus duine ar bith a ghabhfas thar scríb, caithfidh sé í a chaitheamh aríst.
Bhain sé stangadh as a láimh, ag caitheamh cloiche ghualann.
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an mhaith dhaoibh a dhul ag dréim leis sin, le cloich phuis. Tá sé amuigh go fada.
Mura bhfuil mé amuigh, tá do mharcsa crinnte agam ar chuma ar bith. Bígí fairáilte nó sin éirígí as an gcloich-phuis! — mura bhfuil do mharcsa scoite agam, tá mé chomh fada leis ar aon chor. Tugaigí cothrom uaibh, nó éirígí as an gcaitheamh ar fad.
Dheamhan mórán ar bith eatarthub le cloich phuis, ach má tá barr ann, 'sé J. Sh. is fhearr.
2.
dícheall; sáith; ar a chruachúis; rachaidh sé rite leat, leis srl.; tá sé crua aige, agat srl.; tabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhuit, dó srl.; do sheandícheall; cuirfidh sé go dtí snaidhm an rópa thú, é srl. (clochneart (2) = crobhneart?).
+
'Sé do chlochneart a bheith an dá scór fós — tá sé crua agat a bheith an dá scór d'aois fós.
Má tá sé dhá bhliain déag, 'sé a chlochneart é.
TUILLEADH (11) ▼
Bail ó Dhia ort! Leathchéad bliain! Má tá sé an dá scór fhéin, 'sé a chlochneart é.
Má tá an mhuc sin deich gclocha ar a cois, 'sé a clochneart é. Bíodh sé buíoch má fuair sé chúig phunta uirthi. Chonaic mise muca thoir ar an aonach inniu a raibh dhá chloich agus trí clocha acub uirthi, agus is beag le cois na cúig phunt a chuaigh siad.
Má tá tonna féir sa gcoca sin, leabharsa 'sé a chlochneart é.
Níl píosa istigh ar a fhuaid, nó má tá, 'sé a chlochneart é. Ach cáide le dhul píosa fataí ar lán tí! (comhairtear na páirceannaí agus na goirt ina bpíosaí i gConamara. Is deacair a rá áirid cé mhéad é an píosa, ach gur sé phíosa a ceaptar don acra. Sin tomhaiseadh maolscríobach) — níl an garraí píosa srl.
Is diachta dhuit a bheith ag clamhsán scáth an t-achar a chuaigh tú. Má tá sé míle bealaigh, 'sé a chlochneart é (bhí an gasúr ag casaoid faoi gur cuireadh ar aistear é)
Meas tú cé mhéad a fuair an sagart Lá Nollag? Déarfainn má fuair sé céad gurb é a chlochneart é, ach measaim go ndeachaigh sé rite leis.
'Sé do chlochneart é má scoitheann tú T. go mbeidh sé i nGaillimh — tabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhuit é a scoitheadh.
Ba é a chlochneart é an máilín a iompar. Tharraingeodh sé ba bodhra as coillte leis an gcneáíl a bhí air faoi.
'Sé do chlochneart é an garraí a bheith réitithe amach agat an tseachtain seo.
'Sé a chlochneart é a bheith in ann ag mac L. Dheamhan tada le reic aige uaidh ar chaoi ar bith — thabharfadh mac L. cnámh le crinneadh dhó, agus lena bhualadh, ní fhágfadh sé tada ina chónaí ann
'Sé a chlochneart a dhul isteach. Ar ndóigh, níor tugadh vote ar bith dhó siar faoi Chonamara. Nach é an ceann eile a fuair uileag iad?

clochneart in iontrálacha eile (6)

 
Bheadh ciall mairteoil, ach mairteoil an dole seo, tá sí chomh ceasúil agus gurb é clochneart duine drannadh léithe.
 
aire
'Sé clochneart duine ar bith aire a thabhairt dó fhéin anois lena gcaitear de chlocha ar bhóithrí — is deacair a theacht slán ó na clocha.
 
Ní daidhciúil go dtí é. Chonaic mé na gearrbhodaigh anseo thíos oíche. Bhí siad ag caitheamh clochneart. Chaith seisean í chomh maith le duine. Bhí timpeall is troigh ag C. ar chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin, dar diagaí chinn air marc C. a chrinnt. D'fháisc sé air a sheaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daidhce faoi gur bhuail C. é
 
Chuir siad an dallamullóg críochnaithe air lá is gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aici siúd, agus má bhí scór punt spré aici ba é a clochneart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aici ar chuma ar bith
 
deis
Ghabhfadh sí thart ar an mbóthar anois gan beannú duit. Tá sí an-mhór inti féin i gcónaí, té (cé) nach mórán le cois na sláinte atá aici anois. Má tá sí in ann snáth a choinneáil faoin bhfiacail, 'sé a clochneart é. Ach tá an onóir inti ina dhiaidh sin — an onóir gan deis
 
Tá aos óg an bhaile seo ródhícheallach ar fad. Meas tú nach bhfuil na máithreachaí bainte amach as bun an chlaí sin thíos acu ag caitheamh clochneart leo. Níl breathnú siar ar bith acu a raibh d'anró ormsa ag déanamh an chlaí sin