Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díolachán
ainmfhocal, ainm briathartha, fireann
níl aon iolra aige
an rud a bhíos ar siúl i siopa nó ina mhacasamhail d'áit. Ní bhíonn díolachán ar aonach. Díol agus ceannacht a bhíos ar siúl ann. Déantar díol ar aonach nó ar mhargadh ach bíonn díolachán ar siúl i siopa, i gcábáin, nó ag mangairí (idir cheannaithe, agus díoltóirí earraithe athdhíolta).
+
An ndéanann sé mórán díolacháin anois … is dóigh gurb é an chaolchuid é, ó d'imigh an deirfiúr uaidh. Sin í an cailín a bhí in ann an díolachán a dhéanamh
Is beag an díolachán a ghníos an siopa sin chor ar bith anois. Séard atá sé féin a dhéanamh, ag tógáil cúití (con) agus dhá dtabhairt ag rástaí. Is cosúil gur mó na hiarmhais atá ar na cúití ná ar na siopaí. Murach gur mó, ní éireodh seisean as a cheann fhéin
TUILLEADH (2) ▼
An siopa óil nó siopa díolacháin atá istigh aige. Bhíodh ósta ansin fadó, bíodh sé ann anois nó ná bíodh
Is olc an bhean díolacháin í. Tá sí róchuntasach. Dá mbeifeá ag síneadh leathchéad punt amach aici, agus dhá mbeadh an bille leithphínn le cois, d'fhanfadh sí go bhfaigheadh sí an leithphínn. Sin é an sórt duine í. Ní mhaithfeadh sí tada dhuit. Níl a díol cuntanóis inti ach oiread leis an té a thiocfas isteach chuici. Ní mór do bhean díolacháin a bheith fáilí i gcónaí …
+
Tá siad ag díolachán anois ann le dul chun bliana, agus sipín deas istigh acu. Níl de chlóic orthu anois ach go bhfuil an áit beagán róchúng. Ach cuirfidh siad fairsinge air leis an aimsir. As na tithe beaga a théitear sna tithe móra adeir siad
Shílfeá go bhfuil tú ag brath ar a dhul ag díolachán bail ó Dhia ort! Séard a bhí agat a dhéanamh anois, cupla paidrín agus glac iallachaí a fháil, agus a dhul thart dhá bhfuagairt ó theach go teach — ag siúl romhat agus ag bailiú in do dhiaidh, mar adeireadh an Ceannaí Rua a bhíodh ag dul thart anseo fadó. Chuala mé M. Ph. Sh. M. — ós aige atá a fhios chuile rud — ag rá an lá cheana gur ag díol páipéir nuaíochta ar na sráideanna a thosaigh Lipton an tae. Más ea, ba mhaith a chuaigh sé dhó. Ach bhí sé crua coinneálach agus cion aige ar chuile phínn. Tiomsaíonn brobh beart, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh sé sin ag dul thart anseo fadó le carr agus capall ag díolachán. Tae a bhíodh sé a dhíol. Bhíodh go leor de na fir tae sin ag dul thart an uair sin. Is uathu a cheannaíodh chuile dhuine tae. Ní raibh thairis sin de mheas chor ar bith ar tae na siopaí an uair sin — mura bhfaighteá ó fhear an tae é … Is gearr ó shin chor ar bith é sin …

Féach freisin

díolachán in iontrálacha eile (1)

 
Tógadh é faoi dheireadh thiar thall. Nár theaga sé amach choíchin muis! Is iomaí mailís atá déanta aige ar dhaoine bochta ó thosaigh sé ag díolachán ansin.