dainséar
—ainmfhocal, fireann
—iolra: dainséir
—fuaim: a gearr go minic, ach is minic freisin a bhíos fuaim geall le ie sa bhfocal Béarla die ar ai. Bíonn an fhuaim /dəiv′šɛ̄r/ air scaití, ach is minicí /dəiɴšɛ̄r/
—
contúirt, baol, tromásc, i dteannta, sáinn, cruachás.
+–
Níl dainséar ar bith ann má ghlacann tú go socair thú fhéin, agus gan aon fhaitíos a bheith ort. Is beag oilbhéas atá ann chor ar bith
Tá an dainséar san ól i gcónaí. Ná habraíodh aon duine nach bhfuil
TUILLEADH (2) ▼
Ba é an dainséar is mó é a raibh mise ariamh ann. Is maith a chuaigh mé as nár cniogadh mé
'Sé an dainséar is mó atá ann anois nach ndiúlfaidh sé ar aon chaora, nó má dhiúlann féin, go nglacfaidh siad fuath dhó