Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

diogáilte (6)

+
Is dóibh is furasta a bheith diogáilte. Ní comórtas ar bith dhuitse máistrí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an deargmhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon tuiseal ginideach ar an gcuingirfhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar is a bheith dhá dhiogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach is dálach. Má fheileann, ní don talmhaí é
TUILLEADH (5) ▼
Bhí mé ag breathnú istigh ag an aifreann inniu air. Tá a chloigeann chomh bearrtha chomh diogáilte aige. Agus tá plait in uain a chinn, agus na cupla ribe fada atá ar chaon taobh di slíoctha sall (anonn) ar an bplait i riocht is nach mbeadh sí le feiceáil. 'Sé atá deisithe go deas aige
Tá an coca sin sách diogáilte anois. Níl tú ach ag cur anró ort féin dhá dhiogáil sin, arae is gearr gur ina phlaicín gabhair a bheas sé mar a bhí sé anuraidh. Ní bheadh aon mhaith dhuit ag caitheamh do theanga leis an muintir atá anseo. D'éireoidís i mullach a bhfuil d'fhéar ag M. M. T. Uí R. agus bíodh sé acu. Sin é a gcuid sleamchúise
Tá sé chomh diogáilte (giogáilte) le eireoig; tá sé chomh giogáilte le ubh eireoige — déanta suas, pointeáilte, sceacháilte mar a bheadh sicín bliana nó a hubh. Bíonn an eireog mín sceacháilte as a cuid cleitiúcha agus as a cuid clúmhaigh. Ní bhíonn an galra cleiteach uirthi
An bhfaca tú fear ar bith a bhíos chomh diogáilte leis nuair a bhuaileas sé amach? Bíonn sé chomh diogáilte leis an eireoig
Is deas teolaí an teach atá aige anois. Tá brat nua díon aige air, agus an tuí chomh diogáilte le eireoig air. Déanann sé ionú ceart lena chuid oibre, agus bíonn a shliocht air: bíonn sí slachtmhar ina dhiaidh hé brí céard a dhéanas an mhoill