Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dliteanais (7)

 
deis
Shín sé amach páipéar deich bpunt agam. 'Seo anois a bhean chóir,' adeir sé. 'Íoc do chuid dliteanais leis sin, agus ná bíodh deifir ar bith ort dhá íoc liomsa, nó go dteaga sé ar do dheis go maith. Níl dlús ar bith agamsa le airgead.' Caraid a dhéanfadh é, nach ea
+
Tá caint mhór ag Sasana ar na dliteanais atá amuigh aici ar an tír seo, ach níl caint ar bith aici gur bhain sí amach ár gcuid talúna le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin don amadán. Sea i nDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na hÉireann má thugann siad na hannuities di. Ach tá cuid acu ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh sa saol
TUILLEADH (5) ▼
An té nach n-íocfaidh a chuid dliteanais is cneámhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart chuile Dhomhnach é. Agus nár chuala tú in do chuid Teagasc Críostaí é: "Ár bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do chaon neach." Má choinníonn de Valera na hannuities is le bheith ina chneámhaire dhó é. Fuair muintir na hÉireann an talamh ar chuntar go n-íocfaidís na hannuities, agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread, ach le cuid de mhuintir na hÉireann a thug iasacht uathu go gceannófaí an talamh. Ag scrios an mhuintir s'againn féin atá muid le na hannuities a choinneáil. Do dhúshlánsa an méid sin a bhréagnú anois théis a bhfuil d'fhoghlaim ort más fíor dhuit féin
Ná bac thusa le fear ar bith nach bhféachfaidh lena chuid dliteanais a íoc. Ní bhíonn a leithide sin ach ag iarraidh a bheith ag fás suas ar dhuine eicínt eile i leaba a ghnaithe a dhéanamh dhó fhéin. Bhí sé chomh maith dhó a dhul amach ina rógaire reatha agus a dhul ag robáil ar bhóithrí leis an trust a fhaigheas sé a fhágáil gan íoc.
Íoc do chuid dliteanais agus ná bí ag tuilleamaí le aon duine — le siopa, le póilí, le fear próiseannaí ná eile. Sin é adéarfainnse. Dheamhan duine a bhfaca mise tóir ar an dlí ariamh aige, nach bhfuair a dhóthain dhó (dhe) sa deireadh. Tá a dhonacht féin sa dlí i gcónaí
Ná bac le dliteanais. Níor íoc an cneámhaire sin aon cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcónaí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeifeá chomh meata sa deireadh aige agus go maithfeá dhó é. Chonaic mé S. Mh. ag dul chun dlí leis faoi luach cairr. M'anamsa ón diabhal gur chaith sé S. pé ar bith cén bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. théis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-teacht i láthair ann agus níl aon duine beo nach mionnódh gurb í an fhírinne a bheadh aige nuair a thosódh sé ag ceartú dhuit
Bhí dliteanais air i chuile áit agus ní raibh sé ag íoc tada. Tháinig siad fré chéile sa mullach air sa deireadh agus chantáil siad an áit. Ach níor thada ar na fiacha luach na háite. Is dona an rud an iomarca a ligean suas nuair nach mbíonn slí ag duine lena íoc