Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
driúillín
ainmfhocal, fireann
iolra: driúillíní
fuaim: le fuaim d ina thosach go hiondúil, ach bíonn fuaim g ann amantaí freisin, agus i gcónaí sa leagan griúillíní súí
1.
súileog; plobóg; bobailín; barr a theagas ar uisce nuair a chaitear rud eicínt ann.
+
Thosaigh muid ag caitheamh méaróga síos sa bpoll agus bhí driúillíní ag teacht ar bharr an uisce
Chonaic duine eicínt ag titim thar bord é. Is cosúil gur fhan sé ar thóin poill, arae a dhath ní fhaca siad ach cupla driúillín a tháinig ar an uisce. Deir siad go n-éiríonn an té a bhíos dhá bháthadh trí huaire, ach dheamhan ar éirigh dhó siúd más cóir aon aird a thabhairt ar an dream a bhí sa mbád. Nach ciotach a d'éirigh sé dhó an duine bocht. Ach ní leithne an t-aer ná an timpiste mar adúirt an ceann eile
TUILLEADH (11) ▼
Bhíodh muid thoir ansin thoir ar chúla na céibhe agus muid inár suí síos ann go mbeadh sé ina dhíthrá agus go bhféadfadh muid a dhul ag obair. Dheamhan a dhath féin a bhí call dúinn a dhéanamh nuair a bheadh sé ina lán mhara, ná ó bheadh leath tuilte féin aige, ach cead againn suí ansiúd ag caitheamh clocha sa bhfarraige agus ag breathnú ar na driúillíní ar an uisce. Ba é saol an duine uasail é a mhic ó
Cén chaoi a mbeadh a fhios agatsa go mbeadh bradáin ina luí ar an átha? Bhuel inseoidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad ina luí ar an láib … ag cónaí thíos ar an láib. Nuair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoin domhain … b'fhéidir dhóibh. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanaíochan. Dá mbeidís ina sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
Chaitheadh sé é féin síos de bharr na céibhe. Théadh sé idir dhá uisce. Ní fheicfeá tada go n-éiríodh sé aríst, ach driúillíní a chuirfeadh sé aníos ar an uisce. B'ait an snámhóir é, agus féacha féin gur báitheadh é faoi dheireadh ina dhiaidh sin
Mura mbeidh an poll sách domhain ní thiocfaidh driúillíní ar bith air … níl a fhios agam. B'fhéidir go dteagann
D'fheicinnse clann an Bh. ansin thoir, nuair a bhí siad ag éirí suas. Ní bheadh sásamh ar bith acu ann mura dtéidís síos chuile lá ag an gcladach agus gabháil chloch a chruinneáil (chruinniú), agus a dhul síos agus tosaí dhá gcaitheamh amach i bpoll Charraig Ch. go bhfeicfidís na driúillíní, nó na súileogaí, ar an uisce. M'anam go mbídís dhá dhéanamh nuair a bhí siad in oirbheart freisin chomh maith leis an uair a bhí siad ina ngasúir. Dream an-tsimplí a bhí iontu
Bhí rud eicínt ann: an bhfeiceann tú na driúillíní ar an uisce. Ceann beag a bhí ann. Murach gurb ea chloisfeadh muid an phlobarnaíl
Bhí muid amuigh ar an meath bhallach agus ní fhaca tú ariamh ach a raibh de dhriúillíní in aice leis an muráite a raibh muid ann. Má bhí ní iasc a bhí ann. Dheamhan priocadh a fuair muid ó lonnaigh muid ann nó gur fhág muid aríst é
Drochearra a bhí ann pé ar bith cár frítheadh é. Stuf glas mar a bheadh poitín ann agus driúillíní ar a bharr leis an bhfiuchadh a bhí ann. Bhlais mé dó, ach chaith mé amach aríst é. Bhí blas an-scalta air
Má tá aon bhradán ag lonnú ann, feicfidh tú na driúillíní ar an uisce. Dar príosta dá gceapainn go mbeadh, ní loicfinn choíchin uaithi. Shaighdfinn í — shaighdfinn sin
Tá scair eangaí curtha againn siar sa gcuisle. Ní raibh a shúil inti ar maidin, ach facthas dom go bhfaca mé driúillíní ar an uisce in aice a droma inniu. Caithfidh muid a tógáil anocht
Thit sé le fána sa bpoll báite. Chuir sé cupla driúillín aníos. Sin é a raibh faoi. Bhí a chorp istigh sa snáth mara faoi cheann coicíse nó trí seachtainí
+
Tá sí ag cur driúillíní ar an lochán — tá an bháisteach ag cur súileogaí nó bobailíní ar an lochán
Bhí chuile bhraon di chomh mór agus go raibh sí ag cur driúillíní ar an abhainn. Ba ghreadánta an bháisteach í
TUILLEADH (2) ▼
Sin ráig thoirní. Is mór na braonacha iad buíochas le Dia. An bhfeiceann tú na driúillíní atá siad a chur ar an uisce
Creid mé dhuit ann go mba báisteach í. Bhí mé ag breathnú amach ar an abhainn, agus níl aon driúillín dhá raibh sí a chur ar an uisce nach raibh chomh mór le tornapa. Ní raibh achar ar bith go raibh na srathachaí siúd sceite. Dheamhan claochmú a tháinig uirthi go ndeachaigh muid a chodladh. D'éirigh mé maidin lá arna mhárach agus mo sháith iontais orm. Bhí loch ann nach raibh ann ag dul a chodladh dhom: an turlach mór siúd siar ón teach
2.
 cnapán bog de shúí, nó a leithéid.
+
Griúillíní súí — braonacha boga súí, níos mó agus níos fliche ná cuileogaí súí agus níos lú ná práibeannapráisceanna. Bíonn g i leaba d ina thosach seo
Tá griúillíní súí ag titim ó mhaidin. Is cosúil gurb é an aimsir fhliuch é. Ní bheidh ceo nach millfidh sé anois timpeall an teallaigh
TUILLEADH (5) ▼
Ní féidir seasamh chor ar bith ann (cur suas leis; to tolerate it), ag a bhfuil sé a chaitheamh anuas de ghriúillíní súí. Murach sin is ann a ghabhfainn ar cuairt chuile oíche beo, mar gheofá spóirt an tsaoil mhóir ann ar N. Ach ní féirín do dhuine a bheith ag imeacht agus a bháinín ina phéist an dá shúil dhéag aige
Buaileadh griúillín súí anuas díreach ar chaincín na sróine orm: dhá mba urchar é, ní fhéadfadh sé a bheith a dhath ní ba dírí
Níl leabhar ná páipéar ná ball éadaigh faoi chaolachaí an tí nach bhfuil millte ag griúillíní súí atá anuas i chuile áit. Bhí aige brat tuí a chur ar an teach siúd. Dheamhan stráca a chuaigh air le deich mbliana. Is beag an dochar dhó a bheith faoi shúí féin scáth an aird atá aige air. Ba saoire dó an teach siúd a streachailt anuas ar fad anois, agus slinn a chur air, ná a dhul i gcleithiúnas díon agus caoi a chur air mar atá sé. Ar aon chor, caithfidh sé ceann nua as an bpíosa a chur air. Níl rata ná taobhán ag gabháil leis siúd nach bhfuil lofa
Bhí sé ina shuí ar an teallach an oíche cheana, agus an treabhsar geal siúd a thug sé as Sasana air. D'fheicfeá chuile phointe é ag cuimilt, faitíos go lonnódh donóid (deannóid) ar bith shalachair air. An chéad rud eile a mhic ó mo chroí, thit dhá ghriúillín súí anuas in éindí: ceann ar chaon ghlúin den treabhsar. B'fhada a chaith sé ag breathnú orthu gan ceo ar bith a dhéanamh. Ag tabhairt ionú dóibh go dtriomaídís a bhí sé b'fhéidir. Ach dheamhan a fhios agam. 'Céard iad sin,' adeir N. faoi dheireadh. 'Griúillíní súí,' arsa seisean go míchéatach. Thosaigh N. ag déanamh bean mhaith di féin dhá chuimilt lena naprún. 'Sé an chaoi ar leathnaigh sí amach uilig ina phráisc ar fud a threabhsair é!
Deir tú le griúillín súí a thit síos in mo chuid tae anseo ar ball, agus mé dhá ól chois an teallaigh. Shíl mé ar feadh i bhfad gurb é blas an tae é, mar níl a fhios ag na daoine cén blas atá ar tae anois. Ach is gearr gur thit griúillín eile ar mo láimh. Sin é an uair a bhraith mé gur súí a bhí mé a ól i leaba tae. Ach chreidim gurb aon chás amháin é. Níl mórán maitheasa ag an leithscéal tae atá muid a ól ar shúí
·
Tá driúillíní allais leis — braonachaí beaga
Bhí sé faoi dhriúillíní allais ar fad
·
Ní raibh agam ach driúillíní buinní — gan a bheith ag teacht ach súile
Chuaigh mé fiche uair ag scaoileadh cnaipe ó mhaidin agus gan mé ag déanamh ach driúillíní ina dhiaidh sin. Is mise an jug mór fada agus an bainne i bhfad siar ar chaoi ar bith inniu

Féach freisin