Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

drithlíní (18)

+
Tá drithlíní fuaicht ag dul thríom — drioganna, saighdeanna nó creaití fuaicht
TUILLEADH (17) ▼
Tá mé deallraithe. Níl aon phointe ó tháinig oíche nach bhfuil drithlíní fuaicht ag dul thríom. Breá nach gcuireann sibh síos dabhach mhaith de thine?
Tá drithlíní eicínt ag dul thrí mo chois, muran éasc beo é. Sin nó drithlíní fuaicht
D'aireofá drithlíní ag dul thríot féin leis an gcodladh driúilic sin. Deir siad gur holc é dhá bhfaightheá buille sa gcois agus é ort
D'ól mise feadhnach poitín thuas ar bhainis iníon Ph. agus chaith mé cheithre oíche ar neamhchodladh dhá bharr. Níl aon phointe dhá mbeinn ag titim in mo chodladh nach n-aireoinn drithlíní ag dul thríom, agus dhúiseoinn suas agus dheamhan tionúr a thitfeadh ar mo shúil go lá aríst. Níl aon duine dhár theangmhaigh sé leis nár éirigh an cleas céanna dhó
Ní airím tada thíos san áit a bhfuil an lot anois. Tá an phian bodhraithe uileag ann. Ach tá drithlíní an tsaoil mhóir thuas anseo in mo cheathrú agus suas in mo thaobh
Tá drithlíní eicínt in mo chloigeann, mar ab iad na fiabhrais bheaga atá do mo bhualadh, an rud a bhuaileadh N. Ph. chuile oíche nach mbíodh tobac aige an t-airneán seo caite
Pianta fáis atá sna drithlíní sin. Ná tabhair aird ar bith orthu. Tá tú ag méadú fós bail ó Dhia ort!
Tá drithlíní seaca in mo chuid fola. Ní hé a mhalrait atá ann. Tá sí ag reo nó diabhal eicínt
Chuaigh drithlíní gliondair thríom ar an dá luath is a bhfaca mé é. Ba bheag an dochar dhom agus nár leag mé súil air cheana le hocht mbliana déag — hocht mbliana déag go Lá Fhéil Muire seo chugainn ó d'imigh sé
Gabhfaidh drithlíní faitís ann ach a gcloise sé an scéal sin déarfainn, agus go dté cheana! Dheamhan mórán scéil an ceann céanna
Chonaic mé an sonda romham ar an mbóthar agus méid bó ann. Nár lige Dia go gcuirfinn bréag air, cé brí céard a bhí ann! Ach bhí rud eicínt ann. Nuair a chuaigh mé chomh fada leis an áit a raibh sé, dheamhan toirt fia na feannóige a bhí le feiceáil. Chreathnaigh mé i chuile mhíle ball ag gabháil liom, agus chuaigh drithlíní faitís thríom. Rinne gruaig mo chinn slatachaí, agus bhí an fuarallas (forallas) amach thríom ar an toirt boise. Níl a fhios agam anois ná an uair sin cén chaoi ar shrian mé aníos go teach é, ach níor thúisce istigh mé ná a bhí mé tite i meirfean
Bhí mé ag preabadh le drithlíní faitís. Ní raibh a fhios agam cén pointe a ngiorródh sé liom le failm den tua
Tá drithlíní allais leis — braoiníní. Ní bheidís mór
Dhá laghad an méid sin, chuir sí drithlíní allais leat. Is furasta a aithinte an neamhchleachtadh ina dhiaidh sin! Dhá dteagtá anseo chuile lá, is gearr go mbeifeá déanta ar an obair
Meas tú an raibh sé ag troid? Diabhal mé go raibh drithlíní fola leis ag teacht anoir dhó. Ba chosúil é le fear a bheadh théis fuil a ghlanadh dhá éadan
Tá drithlíní fola i chuile áit ort. Is geall le stalla t'éadan. Breá nach ndearna tú réiteach leat féin, agus thú féin a bhearradh ceart. An iomarca furú!
Pórtar a bhí ann. Nach bhfaca mé drithlíní pórtair ar an gceaintín