Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
faiteach
aidiacht a fhreagraíos do faitíos, cé go mbíonn ciall le faiteach scaití nach mbeadh le faitíos amach is amach.
a.
a bheith i bhfaitíos; scáfar; lionnraithe; drithleach; critheaglach.
+
Bíonn sé an-fhaiteach san oíche — faitíos roimh thaibhsí aige
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé rófhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní ligfeadh an faitíos dó a rá nár mharaigh
TUILLEADH (3) ▼
Bhíodh muid an-fhaiteach fadó. Dhá bhfeiceadh muid póilí ná sagart ag teacht, ghabhfadh muid thar claí nó go dtéidís tharainn. Tá teanntás thairis sin sna daoine anois
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith chomh faiteach sin ar fad. Céard a fhéadfas aon duine a dhéanamh ort?
Airíonn an giorria sin nach bhfuil aon chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na hIothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaoll ansin gan mórán achair muis má mhairimse.
b.
cúisiúil; coimhthíoch; rógheitithe; róscanraithe; róscéinithe; giongach; neamhtheanntásach.
+
Duine an-fhaiteach é timid an míniú is fhearr air seo thríd is thríd
Tá sé chomh faiteach agus a bheadh coinín
TUILLEADH (5) ▼
Capall an-fhaiteach í siúd aige — giongach, róscanraithe; róscéinithe
Nach í atá faiteach anois nach dtaobhódh duine. M'anam nach bhfuil an deirfiúr eile amhlaidh: gurb í atá friochanta, téisiúil agat!
Tá sé sin chomh faiteach agus nach bhfuil teacht i láthair ar bith ann. Ní dhéanfaidh sé aon chúis —coimhthíoch, cúthaileadas air
Tá na caoirigh sin thuas an-fhaiteach má airíonn siad an madadh in éindí leat
Níor fhan focal ar bith cainte aige ar a dhul suas ar an stage dó. Bhí sé ina fhudar fadar. Tá sé rófhaiteach le aghaidh na ceirde sin. Níorbh fholáir do dhuine an-cheann a bheith air le seasamh in áit den tsórt sin. P. L. an buachaill!

Féach freisin

faiteach in iontrálacha eile (3)

 
Ní chothaíonn fiannaí in aice bealaigh ná cosáin a mbeidh bualadh daoine air. Tá siad an-fhaiteach, an-scáfar.
 
dealbh 1
Má fheiceann sé mo dhealbhsa ar a shráid, rachaidh mé faoi dhuit nach gcodlóidh sé an-tsuaimhneach anocht. Tá a fhios aige go bhfuil seanriaráistí le n-íoc agam leis (tá faltanas istigh agamsa dó de bharr rudaí a rinne seisean orm cheana), agus go n-íocfar iad dá dtéidís míle bliain. Ar ndóigh níl feithideach ar bith is faití ná é, ach nuair a airíos sé cúlturraic aige féin in aice láithreach
 
díbir
Ba bheag an díbirt a d'iarr siad. Is ionann agus gur imigh siad dhá dtoil deona féin. Tá siad an-fhaiteach den tsaol