feadán
—ainmfhocal, fireann
1.
clascannaí nó díograchaí i sliabh; i scraith ghlugair a bheadh in aice locha nó aibhne, ar cholbhachaí cosáin srl. Uisce portaigh a bhíos iontu go hiondúil. Ní thabharfá ar shruthán a bheadh ag dul thríd an talamh é.
+–
"Claise na Ceanainne agus Feadán an Phoill" — áiteachaí atá in aice le baile a dtugtar an Poll air i bparóiste Mhaigh Cuilinn. Ní coill é, ach díoga mhór
Chas sé liom thuas ag an bhFeadán Mór — áit in aice le Droichead na gCnoc, idir Maighcuilinn agus an Spidéal. Tá an feadán chois an bhóthair ann ag rith sa sliabh
TUILLEADH (6) ▼
Tá S. Gh. sin faoi fheadáin ar fad. Níl a fhios cén t-eallach a bháitear sa ngeimhreadh ann
Tá srathachaí na habhann suas ansin an-aistreánach mar tá siad faoi fheadáin ar fad — clascannaí leathana nó caológaí ag síneadh isteach sa talamh ón abhainn
Síolraíonn na bradáin ar fheadáin na habhann suas ansin. Is fánach an srutháinín a ngabhfaidís isteach ann. Chonaic mé síolraithe ar lagchlaise ar chuid T. iad
Ní mór dhaoibh féithiú soir go maith thar ghob na locha. Tá cíocraí agus scraith ghlugair in aice na locha agus feadáin mhóra soir ann. Bíonn siad snámhta an t-am seo bhliain
Ní fhéadfá aon mhóin a chur anoir ansin. Tá feadán romhat. Dhá mbeadh cupla clár agat a leagfá air
Ba lách feiliúnach an fear ar chnoc agus ar chnocán, ar thórainn agus ar fheadán (claise sa sliabh) é T. Mh., ach go deimhin níorbh é sin don alaisceach ba bhean dó . Bhí an baile reicthe aice
2.
píopa nó dallán sa gcolainn, i gcnáimh srl.
a.
+–
Brisfidh mé feadán an chaca ionat le cic — an dallán a gcacann duine as; poll an chaca
Níl lady dhá bhreátha i nGaillimh nach bhfuil feadán an chaca síos thrína lár — sórt leathfhocal
TUILLEADH (3) ▼
Cuirfidh mé an bata seo suas feadán an chaca agat
Tá feadán an uisce calcaithe air — an áit a dteagann an t-uisce as
Tá rud eicínt ar fheadán a dhroma — an smior atá i gcnáimh an droma
+–
Séard a bhí le déanamh leis, an cloigeann a bhaint anuas ón bhfeadán dhe — ón dúid; ó chinc an mhuiníl nó ón ait a dtosaíonn an cnámh droma
Bhainfinn an ceann ón bhfeadán dhíot dhá leagthá láimh air, mura beag an náire ort, a scéiméirín!
TUILLEADH (1) ▼
Baineadh an ceann ón bhfeadán dhó, agus ba é a thuill sé
b.
·
Shílfeá gur anuas den fheadán aige a gearradh thú — is tú a mhacasamhail; tá tú an-chosúil leis
'Sé atá ag gabháil lena sheanathair. Thabharfá an leabhar gur anuas den fheadán aige a gearradh é
3.
dallán i muileann srl.
·
Bhí an oiread pislíní lena bhéal agus a bheadh de mhin as feadán muilinn — an áit a ligeann an muileann an mhin amach
4.
a.
+–
"Bhí feadán suain ag an gcailín agus sháigh sí ina chloigeann é agus thit an codladh céatach ar an bpointe air" (as scéal ó Sheoirse Mhac Artúr, Leitir Mucú, Casla. Ní mhaireann sé anois) — rud a mbeadh deoch shuain ann is cosúil; biorán suain
Cuireadh feadán suain sa gceann seo murar éirigh sé fós
TUILLEADH (1) ▼
Tá feadán suain ann. Ní éiríonn sé lá ar bith go mbíonn an dó dhéag bainte aige
b.
·
Má thugaimse failicín duit cuirfidh mé feadán suain ionat — cuirfidh mé codladh ort; ní thiocfaidh tú chugat féin aríst go ceann tamaill
Má fhaigheann sé siúd aon ligean ar T. cuirfidh sé feadán suain ann — gortóidh sé é
Féach freisin
→
fiodán 2
feadán in iontrálacha eile (9)
→
bruach
Bíonn an easca sin buntirim go maith sa samhradh. Well bheadh sí in araíocht í a shiúl. Ach sa ngeimhreadh, ní shiúlfadh an fia í. Bíonn na feadáin atá inti ag cur thar bruach (fc. feadáin)
→
átha
Tochlaíonn an lábánach poill ar scainimh na hátha le leaba shíolraithe a dhéanamh don bhradán baineann. Luíonn an bradán baineann ar an mbeirtreach sin agus síolraíonn sí. Tagann an firbhreac ansin agus séideann sé síos na lábáin atá ann fhéin ar na heochrachaí a shíolraigh as an mbradán baineann. Is beag nach síolródh bradáin ar lagchlascannaí ar bith a bheadh amach as loch nó abhainn dhá mbeadh láib iontub. Chonaic mise ag síolrú iad ar fheadáin láibe thuas ansin. Dheamhan mórán ar bith nach raibh siad triomaithe amach is amach. An bhliain cheana a raibh an triomach mór ann, thriomaíodar i gclaise thiar le loch.
Ní fhéadfaidh tú móin a chur aniar ansiúd gan tóchar a dhéanamh ar an bhfeadán. Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil bogfhuarlach ann anois agus na tuiltí a chaith sé le seachtain
→
diaidh
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil lorg an rotha. Níl sé orlach ó bhruach. Ba bheag eile muis a ghabhfadh sé i ndiaidh a leataoibhe san am a mbeadh sé thíos sa bhfeadán. Dar diagaí muise, dhá dtéadh sé síos, ní chuirfeadh Goll Mac Móirne aníos aríst é. Diabhal cur ná cuid de chur
Dhá dheannachtaí dá dtiocfaidh an lá, bíonn foscadh eicínt ar na bóithrí seo, ach tá na bóithrí siar an-díbeartha críochnaithe. Ní bheadh a fhios agat dhá dtéiteá ar bhicycle san oíche ann nach amach i ndiaidh do mhullaigh i bhfeadán a chuirfí tú. Fuair mise mo dhóthain díobh
→
téigh le
Má théann tú le na C-e, beidh gnaoi na ndaoine ort. Ba lách feiliúnach an dream ar chnoc agus ar chnocán, ar bhóthar agus ar fheadán iad ariamh, ní as ucht mise dhá rá é