Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

focal (97)

+
abair
Níor dhúirt sé focal (smid ná smeaid, blas, ceo, faice, pioc, faocha, a dhath, srl.)
TUILLEADH (3) ▼
Ó dúirt agus gur dhúirt, níor cheart dó a dhul siar air. Seasadh fear lena fhocal
Mar adéarfas tú anois. Tiocfaidh mise suas ar t'fhocal — bíodh breith do bhéil féin agat
Abair! Diabhal focal bréige agat: is beag atá le déanamh aige! (dúirt an fear eile ar dtús gur bheag a bhí le déanamh ag a leithide seo de dhuine. Is ionann an abair agus go cinnte is beag atá le déanamh aige)
 
Níor dhúirt sé dhá fhocal cainte ar feadh na hoíche
 
Sháraigh an gasúr sin aige a bhfaca mé ariamh le dailleacht. Tá sé sé nó seacht de bhlianta anois ag dul chun scoile, agus níl sé in ann focal a léamh fós
+
dairt
Caitheamh dairteachaí a bhí ann arú aréir ar ghualainn na hoíche aréir. Ó stop! Bhí sé ina bhruithshléacht ceart. Ní bhfuair mé an oiread cuideachta ó rugadh mé. Bhí sé seo thoir ag sáraíocht agus ní thuigfeá focal sa gcéad uaidh le pislíní. Ní raibh duine sa teach nach ina éadan a bhí aréir. An C. scaití ag teacht leis, agus scaití ag cur ina aghaidh, lena splancadh tuilleadh. Grounds mhór atá ag an gC.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh a dhul isteach sna póilíos fadó thar chaitheamh dairteachaí, i gcomórtas a dhul isteach iontu anois. Dhá mbeadh caraíochaí ar bith agat an uair sin — duine ar bith adéarfadh focal sa gcúirt duit — bhí leat. Ghlacfaí iontu thú gan stróbh ar bith (stró > stróbh i gcónaí i gcaint de bharr a bheith idir ghuthaí i gcónaí bunáite). Ach tá siad an-ghéar anois. Ní mór dhuit breacfhoghlaim mhór a bheith ort go nglacfaí thú. Nach iontu atá saint ag chuile dhuine anois!
 
Séard a déarfainnse leat a dhéanamh ar chaoi ar bith má tá do leas ar Dhia, gan an áit sin a thaobhachtáil níos mó. M'fhocal duit go gcuirfí dallach dubh ar an nGadaí Dubh ansin. Ach oibrigh ort go bhfeice tú …
 
Maraíodh é le ar buaileadh air ag an scoil, ach b'aon mhaith amháin é ina dhiaidh sin. Dallarán gan mheabhair gan éirim a bhí ann. Níorbh fhéidir focal a chur isteach ina chloigeann
 
dána
Labhair an mháthair go dána drochmhúinte leo, agus chuir sí aithne orthu fanacht as, ach mo léan géar, dheamhan lá aird acu sin ar a máthair. Dhá n-abraíodh an t-athair focal amháin, b'fhearr é ná dhá gcaitheadh an mháthair a teanga leo
 
danra
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon bhun muis. Thosaigh sé thar cionn, ach ar ndóigh, ní den abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ródhána. Níl neart agat focal a rá leis mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
 
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
daor 1
Ba daor an dá fhocal cainte air iad. Múinfidh sin é greim a choinneáil ar a theanga aríst. Is cóir adeir siad, gur ar adharca a bheirtear ar na ba agus ar theanga ar na daoine
 
Is diabhlaí dea-chainteach an breastairín é siúd. Níor tháinig iamh air ach ag nathaíocht i gcaitheamh na hoíche. Ní raibh duine ar bith eile in ann focal ar an bhfocal a thabhairt dó ar chaoi ar bith
 
Ní raibh cuimhne ag duine ar bith dhá raibh suas le mo linnse ar na deachmaí, nó má bhí, is beag a chuala mise fúthu ach an focal a chloisteáil mar sin go díreach. Chuala mé an focal chuile lá ariamh, agus bhí a fhios agam go mba tuarastal é a d'fhaigheadh na ministéaraí, ach níor chuala mé thairis sin d'fhairnéis air. Dheamhan cuimhne agam ar rudaí mar sin chor ar bith. An rud a d'inseofá dhom inné, ní bheadh a fhios agam é aríst amárach
+
Ní hé an dea-fhocal atá aige sin d'aon duine (faoi aon duine) — ní thabharfaidh sé aon dea-cháil ar aon duine. Sciollfaidh sé gach duine
TUILLEADH (3) ▼
Bí siúráilte má dheireann sé tada nach é an dea-fhocal adéarfas sé fút
Ní hé an dea-fhocal a bheadh in do bhéal leath chomh maith! Ach mise i mbannaí go dtógfaidh tú an drochfhocal sách gasta — focla míchuibhiúla; nó focla eascainí nó gáirsiúlachta
Nach beag an lua agat an dea-fhocal a bheith agat. Ach ba deacair dhuit agus an dream atá tú a thaithiú. Cuirfidh siad sin i mbealach do bhasctha tú feicfidh tú fhéin air. Ach bíodh agat. Beatha do dhuine a thoil adeir siad
+
dealg
Ar chuala tú ariamh é: dealg láibe agus focal amadáin an dá rud is géire ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Is gangaidí é an dealg múnlaigh ná dealg ar bith eile dá bhfuil amuigh agus tá sé mar sin le focal an amadáin. Chonaic tú leathleadhb go minic nach mbeadh éirim ar bith ina chuid cainte, ach chuile dhuine ag magadh faoi. Bhí sé ansin thiar ag P. M. Sin é a bhí in ann an gob géar a thabhairt uaidh nuair a thogródh sé é. Ar chuala tú ariamh céard adúirt sé le P. G. …
Tá fhios ag dall gan súil go bhfuil an dealg láibe géar, ach ní hé chuile dhuine a thabharfadh suntas d'fhocal an amadáin. Ba cheart a thabhairt. Is minic adúirt amadán an fhírinne — an fhírinne shearbh. Bhí a fhios ag an rí féin fadó é nuair a ghlac sé comhairle an amadáin …
Chloisinn S. M. Sh. ag rá fadó nach raibh dhá rud ar bith ba ghéire ná dealg láibe agus focal amadáin. Bhí a mh'anam! An giall atá ar a bhean seisean. Is geall le rásúr é
+
Ná déan an rud leis a rinne S. Bh. liomsa: mo léine a stróiceadh trasna mo bhrollaigh ar fad. Dheamhan focal bréige ann
TUILLEADH (2) ▼
Má chloisimse an focal sin as do bhéal aríst déanfaidh mé rud leat: beidh mé ag gabháil ort chomh uain is a gheobhas mé teas in do chraiceann
Sin é a raibh de shiocair aige, scáth na cupla focal sin adúirt na gasúir! Níor bheannaigh sé dhom i gcaitheamh ráithe. Dheamhan arbh fhearr liomsa caoi dhó ná gan beannú. Ní dhearna mé beag ná mór leis ó shin
 
deara
Thug sé faoi deara dhó féin a bheith ag caitheamh feaigs thuas ar an scím (móna) anuraidh, agus tá sé ag réabadh dhá n-iarraidh ó shin. An lá nach mbeidh siad aige, bíonn súnás ag imeacht air. Ní bhíonn focal den chaint uaidh
 
Mura bhféada tú an méid sin a dhearbhú, is beag an mhaith duit a rá. Ní thabharfaidís siúd comhaireamh na sop ar t'fhocal
 
Ara a dheartháir mo chroí tú, tá déidín tite ag a bhfuil sa teach seo cheal fags, agus é ag cinnt orthu aon cheann a fháil. Ní cheal a shaothraithe é muis. Chuaigh duine acu soir chomh fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann a d'éirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh sa teach thú nuair a bhíos siad dhá bhfuireasa. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinig mé isteach an lá cheana agus ubh agam a fuair mé beirthe. Hé brí cén chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb eo é seascach na gcearc — leathfhocal é atá agam — 'm'anam nach é,' adeir sé 'nach (ach) seascach na bhfags agus an tobac.' Tá a fhios ag mo chroí go mbeadh trua agat dóibh scaití nuair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasa
 
deil 2
Níl neart agat focal cainte a rá os a choinne nach mbeidh sé ag aithrist ort. 'Sé atá deas air freisin. Ba aige siúd a bheadh an ghnaithe sna drámaí agus ní ag an dream a bhíos iontu. Dar fiagaí dhá mbeadh caint ar leithide Mh. Mh. in aon dráma bheadh sé in ann a dheil ar chaoi ar bith … Nathaíodóirí a bhí sna Coilm sin fréna chéile. Ba bia agus ba beatha leo a bheith ar an gceird sin
+
Shílfeá go mbíonn deimheas air ag iarraidh chuile mhíle rud a thógáil, agus diabhal mórán prae lena chuid Gaeilge ina dhiaidh sin. Ní bheadh sé daorbhasctha murach an chanúint dhalba atá air. Ní thuigimse chaon deichiú focal uaidh scaití
TUILLEADH (1) ▼
Más ag dul thart an bóthar féin a bheas sé, bíonn deimheas air féint a gcloisfeadh sé focal ar bith ag ceann bóithrín nó áit den tsórt sin. Agus siúlann sé chomh mion chomh réidh, agus go sílfeá gur ag iarraidh éalú ar dhuine a bheadh sé. Ar ndóigh, d'éireodh dhó: 'sé an dearcadóir atá sa mbeairic anois é
 
Tá sé ansiúd ina dheimheasóirí sa gclúid, agus ní chuirfidh duine focal as a bhéal, nach bhfaighidh sé brabach air. Dar fia muise is beag an acmhainn atá aige féin: is furasta leis gáirí a dhéanamh faoin té údan eile, ach feiceamuist déanadh aon duine aon gháirí faoi fhéin
 
Ghlaoigh mé féin dhá phionta, agus dhá phionta eile théise sin (thar a éise sin). Ní ólfadh seisean an darna pionta. Shín sé anall chugam féin é. 'Déirce dhá chuid féin don amadán,' arsa mise. Sciorradh focail a bhain dom, ach sílim nach mórán slaicht a bhí aige orm faoi
 
Ar an dá luath is ar dhúirt sé an focal deireanach amach leis
+
deis
Chonaic mise an chéad am a dtáinig sé sin anseo nach raibh smid Ghaeilge ina phluic. Bheifeá ag caint leis i gcaitheamh an lae agus ní bheadh a fhios aige an focal féin adéarfá. Ach mo choinsias, tá an Ghaeilge ar a dheis aige anois
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil seisean ar dheis na glóire, is trua don chuid eile againn. Níor ghoid sé ná níor fhuadaigh sé, ná níor chuala aon duine ach an dea-fhocal as a bhéal ariamh faoin gcomharsa. Go dtuga Dia a luach dó!
 
Chuirfeadh sé déistean ar aon duine beo lena chuid graiscínteachta agus brocamais. Níl sé in ann dhá fhocal a chur i dtoll a chéile, gan ceann acu a bheith tútach
 
dia 1
Ní bhíonn ucht ná acht ná éagaoineadh aige. Dhá mbeadh sé seacht lá na seachtaine abuil tú, ní chloisfeá focal uaidh. Níl ann ach go bhfuil an t-anam caite ann
 
Ní fhéadfá focal ar bith gáirsiúlachta a chur as do bhéal ina mhínis (fianais) sin. Spréachfadh sé. Is duine an-diaganta é
+
diaidh
Bhí sé agam ar fad tamall, ach níl mé in ann dhá fhocal dó (dhe) a chur i ndiaidh a chéile anois. Tá an chuimhne uileag imithe uaim
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé in ann dhá fhocal cainte a chur i ndiaidh a chéile, ní áirím speech fada a dhéanamh
Bhí sé i gciúinchomhrá liom thíos ag ceann an bhóthair, agus ní fhaca tú aon fhear go hiomaí ba spleodraí ná é. Maidir le scéalta, bhí siad aige: bás na caillí, pósadh na mná óige, cogadh, aontaí agus eile. Ach hé brí cén dearcadh a thug sé i ndiaidh a ghualann, nach bhfaca sé T. Sh. ag déanamh againn (chugainn) aníos. Níor fhan sé leis an bhfocal a bhí ar a theanga a chríochnú, ach baint as soir an bóthar. Níl trust ar bith aige as T. ón oíche fadó ar ionsaigh sé é ag teacht aniar ón R.
 
Bhí P. Mhac C. a bhí anseo thiar agus níor shiúil aon fhear talamh ná féar ba tuataí ná é le castáil dó as baile. Ní thabharfadh sé pionta pórtair do Dhia shúlach. Ach ní raibh aon fhear le fáil ba ghnaíúla ná é ag baile. An té a thiocfadh isteach aige, ní thabharfadh sé cead focal ná smid dó go gcuirfeadh sé gloine fuisce air, agus ní stopfadh sé ach ar an gceird sin go maidin. Dhá dtiteadh an t-ól ar dhuine, choinneodh sé go maidin é, nó thiocfadh sé féin dá thíolacan abhaile go bhfágadh sé istigh ar leic an teallaigh é. Is deacair a rá nach ba (nár) fear gnaíúil ina dhiaidh sin é. (Nach ba: nacharbh. Déanann nár — nachar i gcaint an cheantair seo go hiondúil)
+
díle 1
Diabhal aithne uirthi nach í an díle a bhí uirthi, bhí sí ag caint chomh sciobtha sin. Níor thuig mise focal as chaon trí fhocal uaithi. Is diabhlaí luathchainteach an duine í. Ach cén chaoi a gcuimhníonn sí ar an síor-rá siúd ar fad lena chur i ndiaidh a chéile. Siúd í a bhí a chur suas ar an stage thar is an dream a bhíos ag dul ann
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an díle pislíní lena bhéal agus é ag iarraidh a bheith ag caint ina dhiaidh sin. Ní thuigfeá focal ar bith uaidh. Ní caint a bhí aige ar aon chor, ach plobaireacht
Tháinig an díle cainte air in éindí, agus ansin bhuail an stad é agus ní raibh sé ag fáil focal ar bith leis féin. 'A Mhait-Mha-Mha-Mhait- Mhaitiú,' adeireadh sé. Diabhal mé go mbeadh trua agat dó — an cuimleacháinín bocht. Bhí rud eicínt a raibh éirim ann le rá aige, ach cén mhaith sin nuair a bhí sé ag cinnt air a rá
 
Ní ligfí isteach ann é díobháil Gaeilge. Níl focal Gaeilge ina phluic
 
díol 2
An lá a ndeachaigh mé go Sasana an chéad uair, tháinig mé amach den traein ag Euston. Bhí an oiread Béarla agam agus go raibh mé in ann eolas an bhealaigh a chur, ach cén mhaith dhom sin agus nach raibh mé in ann focal ariamh dhá gcuid lapaireachta a thuiscint. Bhí canúint an diabhail orthu. Sin é an uair adúirt mise liom féin nach raibh de Bhéarla agam ach díol mo náire
 
Níl aon fhocal díreach aige sin chor ar bith
 
Súmaire bradach é. Ní bhfaightheá focal den chaint uaidh dhá lá do shaoil. Ach dar mo choinsias, tá an bundún ann — bundún agus drochmhúineadh. Diúltaímid dó, ós é atá againn a rá leis
 
dligh
Is mór de na gasúir seo thoir nár dlíodh an dá phunt dóibh, a fuair é. Ach ní fhaca mise aon cheo ag teacht amach ariamh sa saol nach mbeadh éagóir ina bhun nó ina bharr. An bhfeiceann tú aos óg an bhaile sin. Ar chuala Dia ná duine aon fhocal Gaeilge acu ariamh. Dheamhan é muis, le mo chuimhnese ar chaoi ar bith, mura mbeadh focal a thógfaidís uaimse nó uaitse, agus leagan acu ar an bhfocal sin fhéin. Ní taise do na gasúir atá ann anois é ach oiread. Agus tá siad ag fáil dhá phunt na Gaeilge ina dhiaidh sin. Meas tú nach in caimiléireacht. Ach má abraímse (má deirimse) nó thusa nach bhfuil sé dlite dhóibh is drochdhaoine muid. M'anam nach ea, nach gur gearr gur bainte dhúinn (dhínn) féin a bheas sé. Tá an power acu a mhic ó!
 
dochar
Thóg sé suas ort é muis. Tá sé sin an-aisteach. Ní chuimhneoidh sé chor ar bith gur sciorradh focail a d'éirigh dhuit. Más leat an dochar a bhaint as anois, níl agat ach a tharraingt anuas aríst an chéad oíche eile agus an chaint cheart a chaitheamh a dhó nó a trí de chuarta i riocht is go dtiocfaidh sí isteach sna cluasa go maith aige
 
Níl sé éasca dodaire mná a fháil a chinnfeadh uirthi. Bhuailfeá isteach go dtí í amantaí agus ní fhanfadh focal den chaint aici. Ní hea, ach dá n-abraíteá tada nach dtaitneodh léithe is maith gasta a chuirfeadh sí in do thost thú. Ní thaobhaím féin chor ar bith anois í
 
Sin é an bhail a bhíos air sin i gcónaí nuair a chuirtear aon mhúisiam air: ag dodaireacht leis mar sin, agus gan focal as chuile dheich bhfocal le tuiscint uaidh … Bhí sé le báiní ceart anocht muis. Ná bac le uair ar bith a bhfeicfidh tú an sruth pislíní leis. Bí ar do shon fhéin an uair sin
 
Is diabhlaí doghrainneach a bhí sé ag dul dom aréir. Bhí a fhios agam nuair a bhain sé amach sa tsáraíocht nach gcuirfeadh an diabhal ina shost é. Cén bhrí ach an chaoi a raibh sé ag iarraidh údair ar chuile shórt dhá raibh mé a rá. Bhí sé fánach agamsa údar a thabhairt dó, agus dhá dtugainn féin, ní bheadh aon mheas aige orthu. Sin é an chuid is measa den tsáraíocht i gcónaí. Ach ní fear ar bith é siúd le dhul ag sáraíocht leis ar aon nós. Leanfaidh sé chuile mhíle focal go bhfeicfidh sé an bhféadfaidh sé brabach a fháil ar thada. Dlíodóir ceart é
+
Bhí an-chaint ansin go mbeadh cogadh ann anuraidh, nuair a bhí na Poncáin ag iarraidh na gcaltaí ar de Valera. Diabhal aithne a bhí orthu timpeall anseo nach raibh siad landáilte sa gC. Ach faoi cheann seachtaine, níor fhan smid ar bith faoi. Diabhal an focal. Sin é an doicheall mór ar bheagán fearthainn. Ara bhí ealaín eicínt eile acu féin ann freisin le dallach dubh a chur ar na daoine. Sin í a gceird sin i gcónaí
TUILLEADH (4) ▼
Tá doicheall eicínt air faoi láthair. Níl focal den chaint aige. Chas sé liom ansin thíos aréir agus níl ann ach gur bheannaigh sé dhom
Má tá doicheall aici leat, tá rud agatsa le déanamh: a dhul amach thairti agus do phort feadaíola thuas agat, mar a bhíodh ag B. Ph. Sh. chuile uair dá gcastaí an bhean leis an t-am a raibh siad in árachaigh a chéile. Diabhal focal bréige ann. Port chomh croíúil agus a chuala tú ariamh. Dhá mba aon bhean eile faoin domhan í, sciorrfadh na cosa uaithi ag damhsa leis
Bhí an-doicheall ag S. Mh. Mh. — go ndéana Dia trócaire air — le leabhra agus le páipéir nuaíochta. Ní raibh aon lá den ádh ar an saol ó thosaigh siad sin ag teacht amach adeireadh sé. 'Is beag a chogadh ná an marú a bhíodh ann fadó,' adeireadh sé, 'nuair nach raibh focal scoláireachta ar aon duine. 'Sí an scoláireacht a d'fhága an saol mar atá sé'
Leac an doichill! Má tá tú dhá tóraíocht, téirigh siar ar bhaile na C. D. Sin é an áit a bhfuil sí. Níl dhá theallach ar bith ann ag caint lena chéile. Diabhal focal bréige ann. Tabhair gearradh éadain anois suas dóibh thú féin go bhfeice tú an bhfuil. Nach é an té a phósfadh isteach ina lár a bheadh i ladhar an chasúir? 'Sé a bheadh ar leac an doichill ar chaoi ar bith
 
Hé brí céard a dhéanfas tú ná bí doicheallach leis. Cuir fáilte roimhe agus iarr isteach é, agus tairg cupán tae dhó. Ansin inis dó a bhfuil le rá agat, go mín mánla gan focal aranta ar bith. Ar a bhfaca tú ariamh ná téirigh chun drochmhúineadh leis mura gcinne ort. 'Sé an buille réidh an buille is fhearr
 
Chonaic mise S. Ó. B. a bhí thoir ansin. Ní chuirfeadh fear agus píce amach go Meiriceá é. Ba luar leis ná a bhás corraí amach ón mbaile chor ar bith. An lá a raibh sé ag dul soir go Meiriceá, bhí sé ag gol agus ag gárthaíl, agus ag stróiceadh an uair sin féin, ag iarraidh fanacht sa mbaile. Ach cuireadh ann in aghaidh a chos é. Dheamhan fear a chuaigh go Meiriceá ariamh is fhearr a rinne cúis ná é. Meas tú an dtaobhódh sé anall anois. Baol beag air. Is dóigh nach mbreathnódh sé anois ar dhaoine dona. Nach bhfuil mac leis ina bhreitheamh adeir siad. Dúirt an té adúirt é agus diabhal focal bréige a rinne sé: an rud is doilí le duine ná a bhás, dheamhan a fhios aige nach é clár a leasa é
 
dóirt
Beannacht Dé dhuit! Ná samhlaigh a chuid bróg sin liom, muran leat corraí intinne a chur orm. Cheannaigh mé péire an lá cheana uaidh ar dheich is dhá fhichead. Ní raibh siad seachtain ar mo chois nuair a bhí an dórtadh isteach thríothu. Dheamhan focal bréige atá mé a dhéanamh leat. Luach mo dheich is dá fhichead, níl díon deor iontu. Nach in é an scrios i dtír!
 
dol 1
Teagann dola leabhar chuige chuile sheachtain hé brí céard a dhéanas sé leo. Dhá mbeadh sé chomh maith le Haraístatail, ní fhéadfadh sé an méid siúd leabhar a léamh. Is diabhaltaí go deo an tóir atá aige ar leabhra agus ar pháipéir. 'Sé an chéad duine dhá chine é a raibh focal scoláireachta ina phluic
 
domhan
Dheamhan focal ar an domhan a chuala mé faoi
 
domlas
Dheamhan maith dhuit ag caint mar sin. Tá an oiread aithne agamsa uirthi agus atá agatsa, agus níor chuala mé aon fhocal domlais ar a teanga ariamh. Chítear dhomsa go bhfuil sí chomh feiliúnach le aon bhean dhár casadh orm ariamh
 
dorcha
Bhí mé le cupla lá sa tír dhorcha sin thoir. Dar mo choinsias ní leasainm uirthi tír dhorcha. Níl focal den chaint acu, ach ar a mine ghéire ag obair. Tugaimse don diabhal an tAchréidh céanna
 
Glac comhairle ó dhuine dhoscúch a mhic ó, agus téirigh agus pós í. Tuigimse go maith do chúrsaí. Níl tú luiteanach leis an mbean. Bhí mise ar an gcóir chéanna. D'iarr m'athair — go ndéana Dia grásta air! — mé a chur isteach ansin thiar tigh Sh. Ch. Spréach mé go ndéanfaí a shamhailt liom. Bhí láimh agus focal idir mé féin agus bean eile. Leathbhliain ón lá sin, bhí an bhean sin pósta agus mise gan Murchadh gan Mánas. Seachain thusa a n-éireodh an rud céanna dhuit. Ar chuala tú ariamh é. "Bíonn cuid de na mná agus an grá acu ar bharrú (barra) a méar; Tá a n-intinn agus a n-aigne le fáil ag fearaibh an tsaoil." Ná himrídís ortsa chomh maith le duine
 
dris
Nach maith a chaithfeadh M. a bheith ina dhris chosáin. Ní fhéadfadh sé a theacht le comhar chomh maith le duine. Chuile lá ariamh ba in é a bhealach. Nuair a bheadh chuile dhuine sásta a theacht suas ar aon fhocal amháin, chaithfeadh seisean a scéal féin a bheith aige. Ar chuala tú ariamh é: fear i mbaile nó baile i bparóiste
 
Chaith sé an chaint sin ar na drochóirí dhó féin. Bhí an ceann eile (duine eile) ag faire air leis an bhfocal a fhostú, agus, mo léan géar, 'sé a d'fhostaigh. Deir siad é: "ar adharca a bheirtear ar na ba, ach ar theanga ar na daoine." Is daor a chuaigh na cupla focal cainte sin air
+
droim
Ara bíodh unsa céille agat a dhuine sin. Ní chuirfeadh rud fánach mar sin duine ar bith dhá dhroim. Ar scáth focal cainte. Tabhair cead a gcinn dóibh. Nuair a bheas siad tuirseach éireoidh siad as. Má thugann tú aird ar spruschaint den tsórt sin, beidh tú thar bharr do chéille chuile lá sa mbliain
TUILLEADH (2) ▼
'Sí do chuid clabaireachta a chuir de dhroim seoil mé. Tá sé ag dul chun seachmaill orm anois. Foighid ort go dtosaí mé aríst é. Ní raibh focal dó (dhe) sin nach raibh agam ó thús go deireadh scaitheamh. Ach tá an chuimhne ag imeacht uaim uileag anois
Níl aon áit ó thigh deamhain go tigh diúin dhá mbeadh an ceann céanna ag tarraingt ann nach gcuirfeadh sé de dhroim seoil. Bhí sé anseo aréir, agus shaighid sé an tseanlánúin sin in árachaigh a chéile. Tá mé ag ceapadh nár chuala aon duine iad ag rá focal aranta le chéile cheana le deich mbliana. Ach thairg seanMh. aréir maide a chur i mbéal Ph. Sin é buac an áibhirseora sin: ag fáil ghrinn ar dhaoine ag troid
 
Bhain sé canta as bairille agus d'áitigh sé dhá rúscadh leis aniar ar an dromán. Dheamhan fuaim dhá raibh sé a bhaint as an dromán aige nach gcloisfeá in iar na tuatha. Tá ceart aige ar chuma ar bith, learsachaí (léasrachaí) a bheith ar an droim aige anocht. Dheamhan focal aranta adúirt sé leis théise sin, ach é a thabhairt dhá shiúl ar an dá luath is a bhfuair sé é féin ar an mbóthar. Ghlac mé trua dhó, arae ní raibh láimh ná cois aige sin sa millteanas luath ná mall
 
Is cuma le sagart Bh. R. sa riabhach é ach a dhualgas a chaitheamh aige. Dhá bhfeiceadh sé fear dhá mharú, dheamhan focal adéarfadh sé faoi. Ach an roidéalach de shagart atá anseo againne, níl neart agat fead a ligean ar do mhadadh nach bhfuagróidh sé ón altóir thú. Ach níl leathaird air anois mar a bhíodh
 
Tháinig pucairí as Gaillimh anseo lá i ngleoiteoig. Chaith siad an lá ag treabhadh leo ar fud an oileáin nó gur imigh siad aríst tráthnóna. Casadh liom féin ansin thoir iad. Bhí bean ann agus bhuail sí bleid chainte orm fhéin go háirid. 'An bhfeiceann tú an dubhchosach a fuair mé,' adeir sí. 'D'éireodh dhuit,' arsa mise. 'Tá sí ina snáth mara ar fud an oileáin seo. Is deas an ball í sin anois in do pharlús, ach bí san airdeall uirthi go maith agus déan leabthachaí teo lena haghaidh agus coinnigh striog uisce uirthi …' An bhfuil a fhios agat céard a bhí aice: geosadáin. Diabhal focal bréige atá mé a rá leat: geosadáin!
 
dúd
Is diabhlaí atá sí féin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile. Ní cheapfadh duine go deo dhi go bhfuil focal foghlama ina pluic, ach is dúd í ina dhiaidh sin. Tá neart scoláireachta uirthi
 
Daoine a dhul ar cuairt acu sin go deimhin! Mo choinsias muise fuair tú amach é. Ní thaobhódh duine ar bith iad sin: dream nach mbainfeá dhá fhocal astu go ham suipéir. Tá an diabhal ar a gcuid dúnárais
+
Scaití bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus chuile shórt tarraingthe anuas aici, agus shílfeá go mba leat ar fad í. Ach ar iontú do bhoise aríst, bíonn sí chomh dúnárasach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luathintinneach mar sin atá sí. Chonaic mé ag dul siar tráthnóna í agus gotha an-diúltach uirthi. Ba bheag le gur bheannaigh sí dom. Sách deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach beidh a shliocht uirthi, fanóidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Más dúnárasaí é ná an t-athair muise, sháraigh sé loirgne dóite. Thóg sé lá mé ag dul suas an bóthar lathaí: bhí carr aige. Suas L. A. a bhí mise ag dul. Tá go leor daoine muintreacha aige suas ansiúd. Tá siad an-scaipthe: i L., ar an gC., i gC. na B., i gC. E. Dá mbeinn in éindí leis go dtéadh soir siar, ní inseodh sé dhom cá raibh sé ag gabháil. Diabhal inseacht muis. Ná ar chaith sé trí fhocal cainte ó d'fhága muid Ard an Bh. nó gur lig sé anuas mé ag bóthar L. Chas sé an capall aríst agus as go brách siar leis. Sin é an uair a chuimhnigh mé nach raibh sé ag teacht thar Ch. E. ach go dtáinig sé an chuid eile liomsa. Nár ghnaíúil an mhaise dhó é ina dhiaidh sin. Ach ní inseodh sé dhom ar bhás an domhain cá raibh sé ag dul é féin, luath ná mall
 
Beannacht Dé dhuit! Ní bheidh gar dhuit ag caint. Éistfidh siad seo leat, agus inseoidh siad chuile mhíle focal di ar ais aríst don tseandall glic siúd acu fhéin go bhfeice siad cén mheas a bheas aige air
 
Gabhfaidh mise ar achrann leis má fhaighim aon fhocal uaidh
 
Má labhraíonn tú air sin rachaidh sé chun stuaice air, agus ní bheidh focal den chaint aige aríst go ceann coicíse. Tá sé an-phusach go deo
 
Chaith sé scaitheamh fada ag iarraidh a dhul fúm agus é ag tnúthán go dtabharfainn punt dó. Lig mise orm féin nach raibh a fhios agam cé air a raibh sé ag tarraingt agus fios maith agam air. Bhí sé ag ceapadh go mbainfinnse an focal as a bhéal, ach ba bheag an baol a bhí orm. Nuair a chinn air sa deireadh, d'iarr sé amach é, ach ní bhfuair sé ach droimdhiúltú
+
Cuir focal ar áit eicínt anois agus gabhfaidh mise romhat ann
TUILLEADH (4) ▼
Sin é an sórt duine é chuile lá ariamh. Ní éistfeadh sé le dhá fhocal cainte go gcaithfeadh sé a ladar fhéin a chur isteach ann agus a dhul romhat
Ara ní raibh sé in ann dhá fhocal cainte a chur i dtoll a chéile an áit a raibh an glaomaire sin thiar ag S. Mh. S. ag dul roimhe le chuile chor. Ní túisce a thosaigh sé ag speecháil ná d'áitigh mac Sh. dhá cheisniú. Ar ndóigh is maith an fáth: tá an boc sin ag tochras ar a cheirtlín fhéin
Mo léan géar, chaithfeadh sé a ladar fhéin a chur ann. Cén bhrí dhá bhfágadh sé deis chainte ag aon duine ach ní fhágfadh. Ní beo é mura mbeidh sé ag dul romhat le chuile fhocal dhá dtiocfaidh as do bhéal
Éireoidh mé as ar fad, agus inis thusa é, ó tá tú ag dul romham le chuile chor. Ní fhaca mise do mhacasamhail ariamh. Ní féidir dhá fhocal cainte a rá san áit a mbeidh tú nach gcuirfidh tú duine de dhroim seoil. Níl smearadh múinte ort
+
Más ag iarraidh a dhul siar ar t'fhocal atá tú, níl aon ghair agat air. Tá fianaisí agamsa
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh a dhul siar agam ar m'fhocal anois, d'fhágfainn ansin í, ach bheadh sé mór agam é sin a dhéanamh agus é dhá choinneáil dom ó mhaidin
+
Níl aon dul thar a fhocal sin. Sin é an máistir
TUILLEADH (3) ▼
Ní dheachaigh an focal sin thar mo bhéal ariamh — níor dhúirt mé é
Sin focal nach ndeachaigh thar a bhéal ariamh agus ná bí ag cur bhréag air
Dheamhan a fhios agamsa ó ardbhonnaíochaí an diabhal céard is cor dó, agus is cuma liom ach an chaint sin a chloisteáil ag dul tharam. Is beag an chluais a thug mé don scéal, ach tá mé dhá inseacht duitse anois mar a chuala mé fhéin é, gan focal a chur leis ná a bhaint uaidh