Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fuascailt (29)

 
buille
Bheadh an cheist fuascailte dhá mbeifí gan mé a chur as mo bhuille.
 
Tá sé ag dul rite liom é a fhuascailt ainneoin mo dhíchill
+
Ní raibh sé in ann an cheist sin a fhuascailt duit? Is maith an máistir scoile é muis!
TUILLEADH (18) ▼
Fágfaidh mé a fhuascailt sin fútsa anois ós agat atá an rian. Bain thú féin do rogha adhmaid as an gcaint sin anois. Sin í an chaint a chaith sé. Nár lige Dia go gcuirfinnse bréag air
Chuaigh sí thar a fuascailt air — chinn air a fuascailt
Níl fuascailt na ceiste sin ag aon duine ach ag Dia na nGrást
Tabharfaidh mise ceist le fuascailt duit
Tháinig sé ar ais agus na geasa fuascailte aige — na geasa curtha dhe aige; na geasa a cuireadh air, chomhlíon sé iad
Ní raibh aon fhear in ann na geasa sin a fhuascailt ach láimh dearg as Éirinn. Is tú atá ann
Tá an snáth seo an-danra. Ní féidir na snadhmannaí atá air a fhuascailt — a scaoileadh
Bhí sé ceanglaithe ann, agus d'fhuascail an bhean óg é. Murach sin, bhí sé gan fuascailt — scaoil; shaor
Bhí an seanTiarna a bhí ansin thiar in ann duine a fhuascailt ón gcroich. Sin é a raibh an power aige!
Níl aon fhuascailt i ndán dó go mbeidh a chuid príosúntacht réidh aige, más fada gearr anois é — saoradh
Thug an buidéal a fuair mé ón dochtúr fuascailt bhreá dhom ón (ar an) bpian — fóirithint; réidh an achair
D'iarr Oisín ar an Naomh Pádraig fuascailt a thabhairt ar an bpian do na Fiannta Éireann in ifreann
Tá fuascailt bhreá agam ó ardtráthnóna má mhaireann dom. Ach bhí gárphian orm ar feadh an lae
Ní thabharfaidh aon cheo fuascailt dom ar mo thart ach cheithre phionta as cosa i dtaca
Chreidim gurb é an cás céanna é: nach bhfuil aon fhuascailt i ndán do na daoine go deo. An té atá bocht fanacht bocht — fóirithint ar an mbochtanas, ar ainriocht srl.
Tá an duine bocht in anchaoi anois, agus dheamhan fuascailt atá mise in ann a dhéanamh air
Níl d'fhuascailt ar an tinneas sin ach foighid. Caithfidh sé a sheal a thabhairt.
Níl d'fhuascailt ar na daitheachaí sin ach na fiacla a tharraingt. Isteach leat amárach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air gur beag na daitheachaí a fhanfas ort ansin
 
daigh
Is olc í an dó bhoilg sin. Chaith sí an tsíoraíocht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreá uaithi anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siúl an bhóthair ionat
 
Is dallarán ceart é muis má chinn air an cheist sin a fhuascailt. Nach bhfuasclóinn fhéin í sin, más mé is measa ar bith. Éiríodh sé as a chuid scoile anois — éiríodh sin
 
do 1
Mar sin di agus nár fhaighe sí fuascailt (drochbhean a cuireadh i bpríosún)
 
driog
Ar an dá luath is ar ól mé an phosóid, b'éigean dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon cheo a chur aniar. Séard a thosaigh ag teacht orm, driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. An bhfuil a fhios agat céard a rinne maith dhom sa deireadh. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'iontaigh mo ghoile. Más poitín a bhí ann, ba é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait
 
dubh 2
Teann amach dubh na fríde nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúilic inti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
 
Nach dímheabhrach é mura raibh sé in ann an cheist sin a fhuascailt. Más mé féin is dímheabhraí ar bith, d'fhuasclóinn í sin
 
dóigh 1
Tá sé ag dul sa dóigh air anois. Cinnfidh air an cheist a fhuascailt
 
Is suarach le rá a chuid scoláireachta muis, mura raibh sé in ann an cheist sin a fhuascailt. Más mé féin nár sheas aon lá ariamh ag an scoil, d'fhuasclóinn í sin