fuascailt (29)
+
→
fuascail
Ní raibh sé indon an cheist sin a fhuascailt duit? Is maith an máistir scoile é muis!
TUILLEADH (18) ▼
Fágfaidh mé a fhuascailt sin fútsa anois ós agad atá an rian. Bain thú féin do rogha adhmaid as an gcaint sin anois. Sin í an chaint a chaith sé. Nar leige Dia go gcuirfinnse bréag air
Chuaigh sí thar a fuascailt air = chinn air a fuascailt
Níl fuascailt na ceiste sin ag aonduine ach ag Dia na nGrást
Tiúrfaidh mise ceist le fuascailt duit
Tháinig sé ar ais agus na geasa fuascailte aige = na geasa curha dhe aige; na geasa a cuireadh air, choimhlíon sé iad
Ní raibh aon-fhear indon na geasa sin a fhuascailt ach láimh dearg as Éirinn. Is tú atá ann
Tá an snáth seo an-danra. Ní féidir na snadhmannaí atá air a fhuascailt = a scaoileadh
Bhí sé ceanglaithe ann, agus d'fhuascail an bhean óg é. Marach sin, bhí sé gan fuascailt = scaoil; shaor
Bhí an sean-Tiarna a bhí annsin thiar indon duine a fhuascailt ón gcroich. Sin é a raibh an "power" aige!
Níl aon-fhuascailt indán dó, go mbeidh a chuid príosúntacht réidh aige, más fada gearr anois é = saoradh
Thug an buidéal a fuair mé ón dochtúr fuascailt bhreá dhom ón (ar an) bpian = fóirínt; réidh an achair
D'iarr Oisín ar an Naomh Pádraig fuascailt a thabhairt ar an bpian do na fiannta Éireann in Ifreann
Tá fuascailt bhreá agam ó árd-tránóna má mhaireann dom. Ach bhí gár-phian orm ar feadh an lae
Ní thiúrfaidh aon-cheo fuascailt dom ar mo thart ach cheithre phionnta as cosa i dtaca
Chreidim gurb é an cás céanna é: nach bhfuil aon-fhuascailt indán do na daoine go deó. An té atá bocht fanacht bocht = fóirínt ar an mboichteanas, ar ainriocht etc.
Tá an duine bocht in anchaoi anois, agus dheamhan fuascailt atá mise indon a dhéanamh air
Níl d'fhuascailt ar an tinneas sin ach foighid. Caithfidh sé a sheal a thabhairt.
Níl d'fhuascailt ar na doigheachaí sin ach na fiacla a tharraint. Isteach leat amáireach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air, gur beag na doigheachaí a fhanfas ort annsin
→
daigh
Is olc í an dógh bhuilg sin. Chaith sí an tsíorraidheacht ormsa. Fuair mé fuascailt bhreagh uaithe anois le cúig nó sé de bhlianta. Ní fhágfadh sí siubhal an bhóthair ionnad
Is dallarán ceart é muis má chinn air an cheist sin a fhuascailt. Nach bhfuasclóchainn fhéin í sin, má's mé is measa ar bith. Eirigheadh sé as a chuid scoile anois — eirigheadh sin
→
driog
Ar an dá luath agus ar ól mé an phasóid, b'éigin dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon-cheo a chur aniar. Séard a thosuigh ag teacht orm driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. 'Bhfuil a fhios agad céard a rinne maith dhom ins an deire. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'ionntuigh mo ghoile. Má's poitín a bhí ann badh é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait
→
dubh 2
Teann amach dubh na fríde, nó go síne mé mo chois. Tá codladh driúillic innti … Teaga leis anois. Tá tú ar fheabhas. Is mór an fhuascailt dom an méid sin féin
Nach dímheabhrach é mara raibh sé indon an cheist sin a fhuascailt. Má's mé féin is dímheabhraighe ar bith d'fhuasclóchainn í sin
→
rá
Is suarach le rádh a chuid scoláireacht' muis, mara raibh sé indon an cheist sin a fhuascailt. Má's mé féin nachar sheas aon-lá ariamh ag an scoil d'fhuasclóchainn í sin