Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
glanoscartha, glanoscarthach
glan; gan scríobadh; gan teangachtáil; gan a theacht salach; imeacht d'aon iarraidh; de ghorta gharta; imeacht faoi shiúl.
+
Chuaigh sé glanoscartha thar an gclaí — ghlan sé é gan scríobadh ná teangachtáil lena bharr
Ghlan sé an díoga de léim ghlanoscartha.
TUILLEADH (5) ▼
Tháinig sé glanoscartha ar an móinín bán den bhus.
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul glanoscartha amach as an gcurraigh ar an gcarraig, agus fanacht ansin go dteagadh cabhair.
Ar an dá luath agus ar airigh mé an scafall ag sníomh fúm, thug mé léim ghlan-oscartha anonn agus d'éirigh Dia liom gur rug mé ar an bpíopa — is maith a chuaigh mé as nár maraíodh mé. Bhí Dia in m'fhabhar.
Tháinig sé orm de ghorta gharta agus chaith sé glanoscartha amach ar an tsráid mé.
Is beag an tolgán a fuair sé breith ina ghabháil air agus é chaitheamh glanoscartha anonn thar an trinse
+
D'imigh leis (ghread leis srl.) glanoscartha abhaile — d'imigh sé faoi shiúl abhaile
Níor chónaigh sé go ndeachaigh sé glanoscartha chun a thí agus gur ionsaigh sé istigh ar leic an teallaigh é.
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé suas glanoscartha gan méir a bhaint dhá shrón go Both Loiscthe gur ól sé feadhnach poitín ann, ach ní raibh sé chomh hoscartha sin ag teacht abhaile! — bhí siúl aige ag dul ann, ach ní raibh ag teacht ar ais, mar bhí ballasta istigh aige

Féach freisin

glanoscartha in iontrálacha eile (9)

 
cleite
Chuir sé triúr póilíos leis fhéin glanoscartha thar shlat an droichid, idir chorp chleite is sciathán. Cá'il an té a dhéanfadh anois é?
 
colg
Ar an dá luath is a chonaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin agus thug sé abhóg lena fhostú. Ach níor leisean (cat) ab fhaillí é, chuaigh sé de léim ghlanoscartha sa gcrann, agus anuas as sin ní thiocfadh sé dhá gcaiteá leis go maidin.
 
beart
Bhí díoga rompub agus chaith sé an díoga glanoscartha agus an beart air.
 
Dheamhan feanc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg glanoscartha anuas as ascar na diallaite. Níl aon rath ina mharcach leis.
 
Cuireadh amach glanoscartha sa trinse é an áit ar bhain tulán truisle as.
 
lig
Tá mo dhóthain ligean reatha sa méid seo le dhul glanoscartha thar an gclaí (freisin amantaí, an méid tosaigh a tabharfaí do dhuine thar dhuine nó daoine eile i gcoimhlint nó i rása, nó i ngeábh coisíochta)
 
dairt
B'fhearr duit tosaí ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistí sin a fheiceas tú san aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Míchomhairle. Fuair Mac na Míchomhairle grásta idir an stíoróip agus an talamh, ach é sin: mura bhfuil ag Dia níl i ndán grásta dhó go ndéantar dhá leith glanoscartha dhá mhuineál i dtosach
 
Tá boc thar cionn aige, ach mar sin féin, is corruair a theagas sé abhaile glanoscartha ón daoradh bualadh. Tá sé rófhaiteach, agus iad seo eile ró-imeartha
 
Rugthas glanoscartha thoir ar dhuirling na habhann air agus an chamóig aige in éadan na mbradáin. Ní raibh aon cheann aige sílim, ach is cuma sin. Gabhfaidh sé daor air agus breith ar an gcamóig aige