Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ith (100+)

+
Níor ith mé dhá ghreim le seachtain — ba bheag a d'ith mé
TUILLEADH (1) ▼
Ith dhá ghreim
 
daba
Ar an dá luath is ar thosaigh an tsiúite, dheamhan easna dhíom nach sciobann an daba den phláta agus haway liom. Déarfainn go mba diomdhach an bheirt a bhí iontu nuair ab éigean dóibh a mbéilí a ithe tur tar
+
Níl ann ach dádach. Ní fiú a dhul dhá ithe. Bíonn siad sceite ar fad an tráth seo bhliain
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn aon mhaith le n-ithe le na seandádachaí sin, má bhíonn méid féin iontu. Bíonn siad rórighin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul in éadan leathar capaill leo
 
Leag sí anuas daigéad de cháca ina láthair, agus go deimhin agus go dearfa duit a Mhic Uí Fh., dá n-iteá ceathrú dhe, bheifeá sách go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuílleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin ina dhiaidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
+
daigh
Bhí daigh ghoile le cupla lá uirthi agus chuir sé ó ithe a codach í, ach níor chuir sé aon chaimpirín ar a teanga. Mo léan géar, 'sé nár chuir!
TUILLEADH (2) ▼
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dó ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-hate(heat?) ag an gcuid eile ar leota caoireola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh liom sa gclúid
Daigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leáfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó ina bhrúitín í. Is air, mo léan, nach mbeadh an mhairg. Chonaic mise ag ithe fataí fuar beithíoch cheana é
 
Bíonn siad anseo Domhnach is dálach. Tá muid sáraithe acu. Níl neart ag duine a bhéilí a ithe nach ag breathnú isteach sa bpus ort a bheas siad
 
dalba
Tabhair ithe dalba air! Má d'ith sé a bhfaca mise, tá collach goile air
+
dall 1
Cén sórt solas sin oraibh? Nach bhfuil a fhios agaibh nach bhfuil aon ola ann. Ithigí suas dhá uireasa. Is léir don dall a bhéal
TUILLEADH (1) ▼
Cén call atá dóibh tada a thuiscint. An fhad is a gheobhas siad neart le n-ithe cén mhairg atá orthu? Is léir don dall a bhéal adeir siad — freagra ar fhear a bhí ag coiriúint ar an nGearmáin faoi rá is nach raibh cead cainte ná cead a gcos ag na daoine ann, agus go raibh gach uile fhios dhá cheilt orthu, ach an fios a d'fheil do Hitler, dar leis
 
Mura bhfeice tú dallán sa bhfata, ní dhéanfaidh sé aon tsíol. Caith in éindí leis na sclamhairí é. Ach má bhíonn sé níos mó ná na leathfhataí seo, tig leat a leagan i leataobh. Fónfaidh sé aríst. Íosfaidh muid féin é
 
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán streille den oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos ansin ar bhóithrí, nuair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codlaithe agat. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-éireodh an cleas sin duit aríst
 
damh
Cuir Gaeilge air: An ox ate a raw egg in Heaven — ("d'ith damh ubh amh ar neamh"). (Níl ann ach cineál tomhaise a cumadh ar mhaithe le na fuaimeannaí is cosúil. An té nach mbíonn sé aige, comhairtear go mbíonn sé ar bheagán Gaeilge, nó nach bhfuil an chruaGhaeilge aige)
 
de
Níl go dona dhíom, dhá bhféadainn tada a ithe — tá mé maith go leor, ach nach bhfuil ithe mo chodach ionam
+
Bris iad le cloich agus ith an eithne atá istigh iontu. 'Sé an bia sin atá le n-ithe. Nach seafóideach an malrachín thú má cheap tú go bhféadfá a ithe uileag. Níl maith ar bith sna blaoscannaí sin. Dheamhan maith. Fág ag an deachma iad sin. An bhfaca tú cnónnaí ariamh cheana? Is cosúil nach bhfaca agus thú in t'aineolaí chomh mór ina dtimpeall agus atá tú. Ach cá bhfeicfeá iad thiar i mB. an D. agus gan crann fhoisceacht fiche míle dhuit, ní áirím coill
TUILLEADH (4) ▼
Rón! Dá maraínnse rón, bhaininn a chuid ola as agus d'fhágfainn ag an deachma ansin é. By dad féin muis, bheadh coimpléasc láidir ag an té a ghabhfadh ag ithe róin. An iasc atá chor a bith air. Sílimse nach ea, ach feoil. Nach geall le lao mór agat é
Níl na ceanna cruacháin ná na malraigh Cháit sin le n-ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an duán agat, caith ag an deachma iad. A mhalrait níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann cruacháin. Bhí mé lá i mbliana ansin thíos ar an starráinín, agus bhí siad do mo bhualadh chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfarraige. Ach dhá mbeinn ann go dtiteadh déidín agam, ní bhfaighinn priocadh ó thada eile. Ghliondáil mé suas mo dhorú faoi dheireadh le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin
Tá maith le chuile shórt sa muic. Níl scioltar thuas ar a craiceann go dtí an chrúibín féin nach gcuirtear caitheamh ann. Ach is mór atá ar chaora agus ar mhart nach bhfuil de leas ann ach a chaitheamh ag an deachma. Geir na caorach cuirim i gcás. Déanann sí anraith ceart go leor, ach cé a d'íosfadh í. Chuirfeadh sí col orm féin. Ní fhéadfainn breathnú uirthi, ní áirím blaiseadh di. Is duine an-éisealach mé ar aon chor
Tá na heascannaí locha agus na heascannaí srutháin an-cheart le n-ithe. 'Siad an bheatha is blasta iad a chaith tú ariamh dá mbeirteá sa gcochall orthu, uair ar bith uait amach anois. Níl cinneadh go deo leo a mhic ó. Ach na lúbógaí eile sin. Ní fiú do sheacht mallacht iad. Ní raibh le déanamh agat leo sin ach a dtabhairt don deachma. Bheadh consaeit (conceit: col) agam féin leo ar fad. Bheadh, bíodh a fhios agat, agus le concar. Ní raibh aon ghnaoi agam orthu ariamh nuair a d'fheicfinn ag teacht isteach marbh den charraig iad. Murach leisce a bheith ag baint chainte amach, séard a dhéanfainn leo a gcaitheamh amach aríst ar an tsráid. Is mór an úis (uais) iad
 
Bhíodh dea-chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ite le cantal, má fheiceann duine acu maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá an aicis sna daoine anois
 
D'íosfadh sé le gearblacht mar sin thú, agus shílfeá go mbeadh sé dháiríre. Ní fhaca tú aon duine ariamh a bhfuil cúl a chainte leis mar atá leis. Ach dhá dteagtá ina lín nó dhá n-iarrfá aon cheo air, dheamhan duine in Éirinn is soilíosaí ná é. Théis chomh hamscaí agus atá sé, tá dea-chroí aige ina dhiaidh sin.
 
dealg
Ná bac le breac ar bith a bhfuil na deilgne coilgneacha sin air. Ní bhíonn rath ná ríocht le n-ithe orthu. Féacha na boid ghorma agus na blátháin chladaigh sin. Ar ndóigh níorbh fhiú do dhuine ar bith dhá mhearú féin dhá dtabhairt abhaile
 
Well níl spré ar bith agat, má théann tú amach anocht, ag tabhairt deallraidh dhuit féin a leithide d'oíche. Is geall í an oíche anocht leis an oíche ar ith Ceile na bradáin
+
déan 1
Ní dhéanfaidh mé mé féin a ghlanadh go n-ithe mé mo bhéilí
TUILLEADH (5) ▼
Rinne sé ithe ar chaoi ar bith — d'ith sé go leor
Rinne sé craos le ar ith sé. Tá sé mórthráthach
Ní itheann sé mórán leis an gceart a dhéanamh, ach is tanálach é.
Rinne sí bolgán béice lenar ith sí dhó (dhe). Ní raibh faitíos ar bith orm ach go bpléascfadh sí. Ba mhór an chontúirt é, go sábhála Dia sinn!
Déanfaidh tú béiceadán má itheann tú a bhfuil ansin ar fad
+
'Sé an diabhal dearg é mura bhfuil tú déanta ar an mbaile sin fós. Breá nach mbrúnn tú orthu. Ní fhéadfaidh siad thú a ithe. Buail amach ar cuairt, agus déan teanntás orthu. Chonaic mise laethúil fáilí ariamh iad, ach tá an iomarca den phúcaíocht ag siúl leat féin ó chaithfeas mé a rá leat …
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an chaoi a mbeadh sé sin ag ithe agus ag gearradh ar chuile dhuine dhá mbeadh déanta lena bhás. Ní fhaca mé a chuid seamsánacht ag aon duine i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Ach níl aird ar bith le tabhairt air. Sin é a bhealach. Dheamhan peaca air
+
deara
Madadh ar bith a dtabharfar faoi deara dhó fanacht ag forcamhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bheas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luí sa gclúid agus a smut ina chrúib, chomh uain is a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go brách
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair faoi ndeara nach n-itheann anois — fainic nach n-itheann; sílim go n-itheann (take care that srl., Béarla na hÉireann: take care he doesn't drinkI think he drinks)
Measann tusa nach dtéann sé in éindí le cailín ar bith. Tabhair faoi deara! An cuimhneach leat an oíche a raibh muid ag an mbainis i S. Cé a bhí thiar sa tsáinn ag ceann bóithrín an T. an oíche sin … Sin é é. Is furasta dallamullóg a chur ortsa. Súm sám mar sin is measa a bheadh. D'íosfadh na muca ciúine féin triosc!
+
dearg 1
Dar fia chaithfeadh sé nach raibh mórán meirse sa bpríosún air mar 'sé atá círíneach dearg ina dhiaidh. Fuair sé a dhóthain le n-ithe ar aon chor
TUILLEADH (1) ▼
Ná hith na húlla sin. Tá siad róghlas. Níor mhór dóibh mí eile shula bheidís dearg
 
dearg 2
Bhí an saol go maith ariamh nó gur bhuail an deargadh tiaraí puis na mná! Ach céard é siúd atá siad a chur ar a mbéal, nó an gcaitheann siad a bhaint anuas chuile uair a dtéann siad ag ithe? Is groí an saol é
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
'Sé a bhíodh ag na daoine ar fad fadó, an deargán sin. Nuair a bhí mise ag éirí thuas, níl lá ar bith nach mbíodh sé againn — scaití den bhliain. Ach héiríodh as uileag. Ní móide gur donaide na daoine sin ach oiread. Pébrí cén moladh a chloiseas tusa ag daoine ar an saol fadó, ní raibh aon ghair aige ar an saol atá ann anois. Tá na daoine ag fáil dalladh le n-ithe ar chaoi ar bith anois, ní hé sin don tsaol fadó é. Is cam a bhreathnódh fear oibre anois ort dhá dtairgtheá deargán dó le haghaidh a dhinnéir. Fadó féin ar ndóigh, bhí rud acu thairis
 
dearmad 1
Is éasca le duine dearmad a dhéanamh ar an arán a hitheadh
 
deas 1
'Sé a bheadh deas air, dhá bhfaigheadh sé a sháith le n-ithe. Ach sin é an buille! Céard a choinneodh a sháith le n-ithe leis. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
 
Dhá bhfágtaí capall rófhada gan rud le n-ithe, thitfeadh déidín aici. Thit déidín ag capall le N. Th. fadó an lá. 'Sé mo ghéarchuimhne iad a fheiceáil thuas ina héadan sa gcró. Bhí chuile dheis acu léithe, ach chinn orthu ina dhiaidh sin. Bhí an giall craptha ar fad, agus as sin ní fhágfadh sé. Leagha na bhFiann ní dhéanfadh aon mhaith di … is cosúil gur fágadh rófhada ina troscadh í, ainneoin go mba set(dream) iad a thugadh an-ghiollaíocht don rud a bhíodh acu. Ach rinneadh éagóir uirthi ar chuma eicínt — rinneadh sin
 
deilbh 1
Cén mhaith a bheith dhá gcur an ea, agus gan gamhain ná bó ann lena n-ithe. Feicfidh tú má chuireann tú iad go bhfaighidh tú gnaithe dhóibh. Deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach air
+
Níl deireadh ite fós aige
TUILLEADH (2) ▼
Tá deireadh a chuid fataí ite — tá sé réidh; is gearr an bás uaidh
Tá an dinnéar go díreach ite againn. Dhá dteagtá scaithín beag níos túisce, bheadh rud eicínt le fáil agat. Is cosúil gur i ndeireadh na bliana a rugadh tú
 
Tá an fata deireanach ite agat, má bheirim ort istigh ansin aríst
 
deis
An bhfeiceann tú an deis atá ar an ngabáiste i mbliana: í rodta ite as cnáimh éadain ag péiste agus ag cuileogaí. I nDomhnach tá, hé brí cén chiall é.
 
Níl mórán deiseachta ar bith timpeall an tí aige; pabhsaes ná eile. Chuir sé cupla crainnín bheaga ghiobacha anuraidh, ach ba ghearr go raibh ite dhíobh aníos ón ngrinneall ag asail. 'Siad a bhí deas air ar ndóigh
 
Chuir sé gráin agus déistean ar a bhfaca ariamh é agus é ag ithe. Is fiú ór muic lena ais
+
deo
Bhainfinn go deo as péire bróg ach gan a dhul 'na chladaigh. Itheann an sáile an leathar uileag
TUILLEADH (1) ▼
Tá an-olc go deo aige do Sh. D'íosfadh sé le gráinnín salainn é dhá bhfaigheadh sé deis ar bith air
 
deoin
Mura n-ithe sé dhá dheoin féin é, cén mhaith a bheith ag sáraíocht leis. "Tairg bia do dhuine beo agus mura n-ithe sé é, ligeadh sé dhó". Mise i mbannaí dhá mbeadh ocras air go mba deacair é a choinneáil uaidh
+
Fuair mé deoladh le n-ithe ann agus thug sin abhaile mé — raisín
TUILLEADH (5) ▼
Tabhair deoladh beag le n-ithe don ghasúr sin agus scaoil ina bhealach é. Cén mhaith a bheith ag coinneáil moille air má tá siad ag súil leis sa mbaile
Ní itheann sé ach deoladh sa turn, ach d'íosfadh sé é sin chuile uair dá mbaineadh clog ná watch. 'Sé an drochpheata é mura mbeidh a chuid ina mhínis (fianais) i gcónaí ar a theacht isteach dó
Caith síos rud eicínt dó sin. Nach bhfuil a fhios agat go maith gur fadó ariamh inniu ó d'ith sé aon ghreim, agus an uair sin féin céard a bhí ann ach deoladh
Níl tada le tógáil ar ghasúir faoina ngoile. D'íosfaidís deoladh chuile ré solais. Sin é faisean aos óg. Ach shílfeá fir mhóra go n-íosfaidís a ndóthain — nó an oiread is go dtiocfaidís leis — go dtí am béilí aríst. Dar príosta is mó an ghoin atá ar na buachaillí óga seo agamsa anois, bail ó Dhia orthu, ná nuair a bhí siad ina ngasúir
Bhí an ghearradh ghionach in mo phutóig, agus mar sin féin nuair a leagadh agam é, níor ith mé ach deoladh. Ní fhéadfainn. Ní raibh aon tothlú agam leis. Is cosúil go raibh mo ghoile dúnta
 
Dá bhfaigheadh an deolcachán siúd rud le n-ithe agus cóir mar is ceart a chur air, dhéanfadh sé fathach bail ó Dhia air. Ach ní dhéanfaidh sé dadaí mar atá sé
+
dia 1
Dia leat! Nach ort atá an t-uafás ag ithe
TUILLEADH (2) ▼
Ba é de Valera an dia beag a bhí aige nó gur baineadh an dole dhe, ach mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis ó shin ag ithe agus ag gearradh air. Is beag atá in ann cuid de na daoine a iontú
Níl agat dia beag a dhéanamh d'aon duine nó go mbeidh a fhios agat chuile chor dhá mbaineann leis i dtosach. Chuala tú ariamh é gan do bhreith a thabhairt ar an gcéad scéal. Agus deir siad nach mbeidh aithne agat ar aon duine nó go n-ithe tú céad salainn leis
+
diabhal 2
Thug sé an diabhal dom, faoi nach raibh mé ann in am; fuair mé an diabhal uaidh gan a bheith ann in am; thug sé an diabhal le n-ithe dhom gan srl.
TUILLEADH (1) ▼
Tabharfaidh sé an diabhal le n-ithe dhuit má fheiceann sé istigh ansin tú — feannadh; liobairt; ithe agus gearradh
+
Is diachta (iontach) nár thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó chuaigh sí i gcleithiúnas a dhul ag déanamh flaisc chomh mór sin. M'anam go mba chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithi théis a cuid a ithe agus a ól
TUILLEADH (3) ▼
Is diachta dom a bheith beathaithe scáth a bhfaighim le n-ithe — is iontas é go bhfuil mé beathaithe agus a laghad le n-ithe agus a fhaighim; is deacair dom a bheith beathaithe ós rud é gur beag le n-ithe a fhaighim
Is diachta dhó a dhul ag coiriúint uirthi siúd agus gurb í an cleite is fearr ina sciathán í. Murach a fheabhas agus a chaith sí siúd leis féin agus lena theach, caillte leis an amhgar agus leis an ocras a bheidís. Ach ní bhíonn aon chuimhne ar an arán a hitear arsa tusa
Is diachta dhuit ocras a bheith ort, ar scáth an t-achar ó bhí tú ag ithe cheana. Mo chroí ná raibh ag an diabhal go reicfeadh sibh duine. Ag cur an tí béal in airde ag iarraidh beatha chuile ré solais. Níl cuimhne ar bith agaibh cá bhfaighfear í nó cé a shaothrós í
 
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon Chríostaí beo inniu. Ach dheamhan a dhath drogaill aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonaic mise é sin ag imeacht oícheantaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá chomh fada le ceann an sconsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon mhaith é a bhacadh ina dhiaidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá sheirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mba í an oíche í ar ith Ceile na bradáin, ghreadfadh leis abhaile
 
Ní fhaca mé aon díbliú in mo shaol ariamh mar a thug sé ar an mbean. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis ag liobairt uirthi. D'ith sé go cnáimh í
 
Ba mhaith an dícheall dhom salann a choinneáil tarraingthe aige as G. ar feadh na bliana anuraidh. Ní raibh cinneadh go deo le ar ith sé d'fheoil agus d'iasc
 
Is dícheallach an bhean í. Ní fhágann sí cathaoir ná stól ná soitheach sa teach nach sciúrann sí chuile lá dhá n-éiríonn uirthi. Agus d'íosfá do bhéilí den urlár atá aici. Bíonn sé chomh glan le criostal. Agus ní fhágann sí a gort ná a garraí ar deireadh ach oiread
 
Níorbh fhearr leis sin ag ithe a bhéilí ná ag déanamh díchúise ar dhaoine. Sin é a bhuac. An bhfaca tú an cleas a rinne sé ar L. nuair a d'eitigh sé é faoin inín. Chuir sé caiple na dtincéaraí uileag isteach ina chuid cuir, gur thaltaigh agus gur rómhair agus gur fhoghlaigh siad é as cnáimh éadain. Anois a bhfuil biseach agat?
 
díle 1
Fuair mise mo sháith den áit cheana. Chuaigh muid isteach ag ithe béilí ann lá. Dhá bhfeictheá an scodalach de tae a thug sí dhúinn — níor baisteadh ariamh é. Agus an builín a fuair muid, bhí sé ceannaithe ón Díle
 
'Sé an díleá atá ar an mbuachaill sin nach dtugann sé greim le n-ithe dóibh go gcailltear leis an ocras iad. Amhgar agus anó atá ar a chuid beithíoch, agus ní díleá. Sea b'fhéidir! Nach bhfaca mé lao breá ansin anuraidh aige — céileog. Tabhair lao breá air. Choisc sé é faoi cheann míosa, agus níor thug sé gabháil ná uchtóg dó ach a chur siar i nGarraí na L. ag ithe raithní. Meas tusa an cothú do lao í raithneach. Bíodh unsa céille agat. Thú féin agus do chuid díleá. Is gearr ón bpéire laonta sin thíos anois aige. D'fheicfeá ag eitealla leis an ocras iad
 
dioc
An bhfuil a fhios agat cén fáth an dioc sin a bheith uirthi ag imeacht. Dioc cantail é sin. Tá an phrioc sin ite leis an gcantal. 'Sí an ball is coilgní í a bhí i dteach ariamh
+
Bhí sé thuas agus ciseog fhataí ina mhínis (fianais) agus díocas air ag ithe éisc. Má bhíonn aon bhreac ón mBreatain anall gheobhaidh sé siúd é
TUILLEADH (1) ▼
Tá díocas ite orm. Níor ith mé aon ghreim ó d'éirigh grian inniu agus is maith fada siar ar an spéir í anois
 
Dheamhan ceo a bhí ariamh air go dtí an lá sin. Nuair a bhí an dinnéar ite againn, bhí sé ina shuí síos agus ag seanchas chomh spleodrach agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh. Théis an dinnéar bhuail sé siar ar an leaba. Ní raibh istigh ach B. D'fhiafraigh sí dhó (dhe) a raibh aon cheo air, agus dúirt sé nach raibh. Nuair a bhreathnaigh sí siar aríst air, bhí sé ag díogarnach. Bhlaoigh sí orm féin anoir as an ngarraí. Ní bhlaofadh murach chomh scanraithe agus atá sí. Bhreathnaigh mé féin air. Bhí sé ar an díogarnach céanna i gcónaí. Nuair a shamhlaigh mé féin an dochtúr agus an sagart leis, dúirt sé nach raibh cruóg sagairt ná dochtúra air, go mbeadh sé soir sa ngarraí agam tráthnóna. Mhuire is trua, ní raibh mé leathuair thoir sa ngarraí aríst nuair a rith sí aniar agus é ina huaire móire uirthi. Siar liom fhéin chomh tréan in Éirinn agus a d'fhéad mé. A dheartháir mo chroí thú, bhí srannán ann. Lasc mé féin liom i gcoinne an tsagairt agus níl ceo ar bith ach gur rug sé beo air … Bíodh a fhios agat gurb olc an rud do dhuine dóigh a dhéanamh dhá bharúil. Ach ní cás é, míle buíochas le Dia, ó rug an sagart air. Sin é an rud ar fad
+
Má tá tú ag iarraidh éisc ar fónamh, ceannaigh trosc nó langa — iasc mór eicínt. Maidir le na ronnachaí agus na faoitíní sin, níl iontu ach an díogha. Líonfaidís do bholg agus is anlann iad mura mbeidh bealtaíocht ar bith eile agat, ach má bhíonn, níl tú ach ag cur do ghoile amú lena dhul dhá n-ithe
TUILLEADH (3) ▼
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach uileag ó dhíogha na L. Sin iad an t-uisce faoi thalamh. Is leat uileag iad nuair a bheas tú ag caint leo, ach chomh luath agus a iontós tú do dhroim, tosóidh siad ag ithe agus ag gearradh ort. Sin é a mbéasa. Bhídís ag coiriúint ortsa freisin. B'fhéidir nár chuala tú féin é, ach chuala tuilleadh é. Is maith a rinne tú é agus a bhfágáil ansin
Is mise atá i dteannta ceart anois, agus gan agam ach roghain an dhá dhíogha: é a chaitheamh amach nó a fhágáil istigh. Má chaithim amach é, beidh sé ag stróiceadh ag iarraidh airgid, agus má théann sé sa gceann sin leis, bainfidh sé amach é. Agus má fhágaim istigh é, caithfidh mé féin imeacht mar ní bheadh a sheasamh agam leis. Tá mé ite liobraithe aige mar atá mé
Ní den díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nár fhéad aon duine ariamh a dhul ag ithe ná ag gearradh orthu. Níor dhún siad a súil ariamh ar bhaintreach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anó. Is mór a bheadh le fán sa saol a chuaigh thart marach iad sin. Tá a fhios agat nár eitigh T. M. aon duine ariamh faoin rud a bheadh aige
+
díol 2
Ith suas anois iad, agus is mór é do dhíol díobh murar athraigh tú
TUILLEADH (2) ▼
Chuir mise ina dhíol éisc aréir é ar chaoi ar bith. Bhí mé féin agus an curachóir seo thuas ar meath inné agus bhí suas le dhá chéad faoitín againn. Ar a theacht isteach dó aréir, chuir mé síos sé fhaoitín dó agus pota fataí. Deirimse leatsa go mba bheag é an fuílleach ina dhiaidh sin. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
Is mór an díol náire é an rúisc de mhadadh sin. Dar leat féin nach bhfuil sé ag fáil a leathdhíol le n-ithe. Dá mba é an duine ba mheasa leat beo é a bheadh istigh sa teach, ní chónódh sé go leagadh sé a chrúib thuas ar an mbord. Sibh fhéin a mhill i dtosach é nuair a thug sibh faisean dó a bheith ag tógáil giotaí aráin de chorr an bhoird
 
Bhí uainín meirbh anseo againn an bhliain cheana — díolúnach beag. Chaith sé cheithre mhí ag ithe as cúl a (ár) nglaice. Shílfeá nach mairfeadh sé ala an chloig an chéad uair. Uan fireann a bhí ann, agus níor cailleadh ariamh é. Ní dhéanfadh duine ar bith tada leis ach a chaitheamh amach. Ach dar príosta scinn sé amach leis an aimsir, agus rinne sé an-reithe. An reithe is fearr a bhí ariamh agam. Ní scarfainn leis ar chuid mhaith murach gur báitheadh é i gcaochpholl ansin thuas ar an easca anuraidh
 
Cuirim faoi dhraíocht agus faoi mhórdhiomdha na bliana thú gan an darna béilí a ithe ar aon bhord ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba go bhfaighe tú amach domsa cén fáth nach ndearna Ridire an Gháire Dhuibh aon gháire le seacht mbliana ( … go dtuga tú chugam an Each Chaol Donn, an Claidheamh Solais srl.)— gnáthsheoraí i seanscéalta le tuairisc a thabhairt ar chur na ngeasa
 
Is mór atá ag éirí diomdhach de na sagairt chéanna de bharr na mbealaí atá leo féin: ite ag iarraidh airgid, agus gan gair ag duine a bhéal a oscal nach mbeidh siad ag tromachan air
+
Ith suas é, agus altaigh Dia go bhfuil sé agat. Ar chuala tú ariamh é: arán cam a ghníos bolg díreach
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an peata. Ní íosfadh sé an stiallóig aráin an áit a bhfuil ailp bainte as a ceann. Go dtuga an diabhal thart é, ní dhá thiomaint é. Níor chuala tú ariamh go ndéanann arán cam bolg díreach
 
Ag diúgaireacht chaoineacháin atá tú aríst. Is diachta duit sin. Dar ndóigh ní rud le n-ithe atá uait aríst agus a ghairdeacht agus ó fuair tú bruith bruith
 
Gheofá neart diúilicíní ansin thíos ar an Leic Pháirteach am ar bith san earrach ná sa samhradh. Chuala mé fear ag rá, nuair a bhíos sé ag tuile gur maith an dóigh breac fanacht caite i bpoll (an dorú a bheith caite ann), dhá mbeadh carraig nó leac in aice leis a bheadh faoi dhiúilicíní. Deir sé go dteagann na blátháin agus na ballaigh agus na troisc stopóige isteach ag ithe na ndiúilicíní. D'fheicfeá iad ag imeacht de na clocha leis an taoille tuile. Is minic a chonaic mé iad ag éirí de na clocha agus ag dul ag sirtheoireacht sa taoille. An bhfaca tú an oscailt bheag atá isteach ann. Le aghaidh beatha is dóigh é sin
 
diúl
Tá uan acu — peata diúil — agus d'íosfadh sé cnapán siúcra amach as cúl do ghlaice
 
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. Chuile uair dhá n-ithim iad, cuireann siad múisiam eicínt orm. Airím chomh trom ar mo chroí iad. Agus tá an-tóir go deo agam orthu. Is cosúil nach bhfeileann siad dom ina dhiaidh sin
 
Meas tú nuair a bhí mé ag ithe builín a tháinig aniar ó tigh P. L. an lá cheana nach bhfuair mé dlaoinín istigh ann. Gruaig an bháicéara is dóigh