Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
leath deiridh
 tóin, posterior (ar an duine a thugtar é go hiondúil).
+
Bhuail sé isteach ar an leath deiridh de chic mé
Is maith téagarthach an leath deiridh atá aici bail ó Dhia uirthi!
TUILLEADH (9) ▼
Má fhaighimse failm ar an leath deiridh ort, beidh scéal agat air
Níor éirigh liom ach barr a bhróige sa leath deiridh, ach ar an gcolpa nó ar an ioscaid a bhí sé ag iarraidh mé a bhualadh
Tharraing sé cic sa leath deiridh ar an ngasúr, ach sciorr a chois agus cuireadh ar shlatrachaí a dhroma ar an mbóthar é
Tá ceart aige sáimhín aireach a bheith sa leath deiridh air, agus a ndearna sé de thraibhléireacht ar an gcapall sin droimnochta le seachtain
Scólfaidh mise an leath deiridh agat mura mbeidh tú ar t'airdeall fhéin
Déarfainn go bhfuil léarsachaí (léasrachaí) ar an leath deiridh ag gasúr J. T. anocht agus an ghreasáil slaite a thug an mháthair dó. Ach níor theastaigh uaidh ach é. Tá sé ró-ábhailleach ar fad
Is beag an dochar dhá leath deiridh féin a bheith tuirseach ina shuí síos ansiúd ó mhaidin go faoithin ag scríobh
Diabhal a dhath faoin saol a ghníos an mhórchuid de na cléireachaí sin, ach éirí de na stóilíní corruair lena leath deiridh a aclú. Nach bhfaca mé iad!
Cuirfidh mise tochas sa leath deiridh ag madadh T. Sh. má bheirim ar an tsráid seo aríst air. Rinne sé cuid is mó glafarnach ná a raibh de mhadraí eile ar an tsráid aréir

Féach freisin