Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

mionnaigh (13)

 
Bhí bean as C. ansin thoir sa gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirthi: 'Go deimhin a dhuine chóir,' adeir sí, 'tá sé sin chomh glan orm leis an sagart. Ní dheachaigh a shlat ní ba ghaire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort.' Spréach an giúistís. Fhóbair gurb ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chiontaigh léithe
+
Mhionnaigh sé agus dhamain sé nach raibh sé ann (fc. mionnaigh)
TUILLEADH (1) ▼
"Ach féacha gur damnaíodh leanbh na chúig mblian, a athair agus a mháthair agus é féin, mar gheall gur thug siad toil dhó a bheith ag loscadh na mionnaí mór agus ag maslú Dé" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
 
Níl rud ar bith a bhfuil an oiread deachmaíocht ann leis an móin ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú a dtéann amú dhi dhá cruachadh? Cár fhága tú an líonadh ar an lorry ansin agus an folú aríst, agus athlíonadh agus b'fhéidir an tríú líonadh. Bíonn sí mionnaithe go maith ach a mbíonn sí i mBaile Átha Cliath ar chaoi ar bith
 
deamhan 2
Ná cloisimse deamhan ná diabhal as do bhéal aríst go maidin, nó íocfaidh tú ann. Níl a fhios agam cár thóg tú na mionnaí móra chor ar bith
 
déan 1
Ní féidir dhó gur ól atá déanta aríst aige, agus a laghad achair ó thóg sé an pledge ón misinéara. Thug sé na mionnaí agus na móide nach dtiocfadh aon deoir ar a bhéal lena ló aríst. Nach gearr an chuimhne a bhíos ag cuid de na daoine!
 
dearg 1
Dhá mionnaíodh J. go bhfaca sé ag bualadh an bhuille é, thabharfaí faoi dearg é, ach níor mhionnaigh.
 
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh ina glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon phínn go deo uirthi. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claí isteach sa gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, murach go raibh sí istigh ar a chuid talúna féin. Ach ní bhfaigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnódh sé siúd, ní dhá roinnt leis é, a dtáinig ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill
 
Is measa dhom an gheit a baineadh asam aréir ná diomdha na bliana. Mhionnóinn go raibh an capall marbh. Chonaic mé ag dul isteach i ndiaidh a mullaigh sa gclochar í, agus treascraíodh í, agus shíl mé nach raibh cnáimh ina corp nach raibh ina leiríní …
 
Ná bac le dliteanais. Níor íoc an cneámhaire sin aon cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcónaí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeifeá chomh meata sa deireadh aige agus go maithfeá dhó é. Chonaic mé S. Mh. ag dul chun dlí leis faoi luach cairr. M'anamsa ón diabhal gur chaith sé S. pé ar bith cén bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. théis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-teacht i láthair ann agus níl aon duine beo nach mionnódh gurb í an fhírinne a bheadh aige nuair a thosódh sé ag ceartú dhuit
 
dóigh 1
Ní maith an dóigh do dhuine ar bith aon phlé a bheith aige leis an bpoitín. Théis a ndearna an misinéara d'eascainí agus de mhionnaí móra air. Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag breathnú air ag caitheamh na croise. Bhí mé ag eitealla leis an scanradh a bhí orm
 
droim
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith sa tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir droim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. Nuair a thosaigh sé siúd ag scamhailéireacht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor lig an faitíos d'aon duine gan a chomhairle a dhéanamh mura mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann go díreach. Ach duine ar an deascán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsuáilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
 
dúil
'Sé an scéal é, d'ól mé an oiread an oíche sin dó (dhe) agus go raibh mé torthach aige. Ní raibh mé ar mo chóir féin dhá bharr aríst go ceann seachtaine. Mhionnaigh mé agus mhóidigh mé nach mbeadh mo phlé leis go héag aríst. Bhain an iarraidh sin an dúil asam go bhfeice mé seal