→
fómhar
péist (13)
+
Is gránna go deo an feithideach í péist an dá shúil dhéag! An bhfaca tú ariamh í?
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uileag air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh rua a thaithíos sé, pé ar bith cén sórt feithideach é
+
→
buail
Beidh mé do do bhualadh chomhuain is a gheobhas mé teas in do chraiceann; beidh mé do do bhualadh go gcuire mé snaidhm na bpéist ort; beidh mé do do bhualadh nó nach bhfágfaidh mé iall bheo ionat srl.
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhuailfidh aon bhreac go faoithin thú mura gcuire tú suas baoite ceart, agus ní fiú do sheacht mallacht na portáin sin gan péiste talúna nó péiste rua ina n-aice.
Tá sé fánach agat aon bhreac do do bhualadh comhuain is a bheas do chuid baoití chomh stráiciúil maolscríobach agus atá siad. Breá nach gcuireann tú an duán agus na péiste siar go tóin tharas iad a bheith ar sliobarna mar sin le na duáin.
→
bualadh
Ní fhéadfadh aon bhualadh éisc a bheith ortsa, arae ní bhuailfidh an t-iasc an baoite atá agat — portáin. Más leat aon chúis a dhéanamh, ní mór dhuit logaigh agus péiste rua a fháil.
→
feire
Níl a fhios agam beo cén sórt feithideach a d’éirigh amach chugam as íochtar bog thíos i nGarraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist í agus feiríochaí uirthi. Tháinig sí aníos ón ngaineamh rua. Ní fhaca mé a macasamhail ariamh cheana — eangaí timpeall a droma
→
deis
An bhfeiceann tú an deis atá ar an ngabáiste i mbliana: í rodta ite as cnáimh éadain ag péiste agus ag cuileogaí. I nDomhnach tá, hé brí cén chiall é.
Ní féidir seasamh chor ar bith ann (cur suas leis; to tolerate it), ag a bhfuil sé a chaitheamh anuas de ghriúillíní súí. Murach sin is ann a ghabhfainn ar cuairt chuile oíche beo, mar gheofá spóirt an tsaoil mhóir ann ar N. Ach ní féirín do dhuine a bheith ag imeacht agus a bháinín ina phéist an dá shúil dhéag aige
→
druid 1
Sciobfadh na druideachaí sin na péiste ón láí agat. Déanann siad an-sléacht ar na hagailleachaí
→
dúchan
Is fhearr an t-aol le aghaidh an sprae ná an washing soda, murach go gcalcann sé an machine. Tá grúdarlach an aoil in ann stopainn a chur ar an sprae. Is mór an feall sin, arae maraíonn an t-aol chaon tsórt — péiste agus eile — i dteannta an dúchain. 'Sé atá deas air