Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
prochóg
1.
poll talún, scailp, sáinn faoi choinicéar.
+
Rachaidh sé i bpoill agus i bprochógaí le faitíos romham
Rith siad i bpoill agus i bprochógaí an dá luath a bhfaca siad ag teacht mé — chuadar i bhfolach orm
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága mé poll ná prochóg ann gan tóraíocht — chuardaigh mé chuile chúinne, chuile pholl srl.
·
ainmneacha áiteacha: Aill na bProchóg
2.
prochógaí ubh: teacht na Cásca, nuair a éiríos uibheachaí le gasúir, déanann siad poill sa talamh amuigh go bhfolaíonn siad na huibheachaí iontu: prochóg a tugtar ar na huibheachaí sin.
·
Tá prochóg agam — poll lán d'uibheachaí
3.
poll, uaimh, áit dhubh dhorcha.
·
Níl aige ach prochóg de theach — teachín beag suarach gan chuma gan chaoi
'Sé an phrochóg de theach é is measa a chonaic mé ariamh

Féach freisin

prochóg in iontrálacha eile (5)

 
Airgead Rí Seoirse agus ní dhéanfadh bealach thríd an ngeadán údan, mar is tonn phrochóg fré chéile é
 
áfach
Is gearr (geall) le áfach gliomaigh an phrochóg de theach atá aige.
 
ascar
Is maith a chrúthós siad nó is in ascar a bheas siad ansin má thaobhaíonn siad an tonn phrochóg
 
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach prochóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Théadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. Nuair a theagadh muid faoin doras i gcónaí, sé an leathrann a bhíodh ag T. 'Doirtigí anuas a scorachaí. Má tá mé cúng, níl mé doicheallach.' Is minic a chonaic mé an teach sin lán go drad. Ní thoillfeadh duine eile ann. Is iomaí siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcónaí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach chomh híseal sin
 
dubh 1
Prochóg dhubh (dhorcha) de theach é — gan aon tsolas ann; é an-phlúchta