Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

slis (15)

 
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
+
fág i
Bhí an oilbhéas ina athair agus níor fhága seisean ach oiread dual ná slis di ina dhiaidh (fc. dual)
TUILLEADH (1) ▼
Níor fhága tú dual ná slis dhó (dhe) amach (fc. dual)
 
Is fhearr uaidh scéal a cheartú dhuit ná ó mháistir scoile. 'Sé atá in ann an tslis mhín a chur ar an gcaint. Ach cá bhfágfadh sé é.
 
Níl aon rath ag biorú leis, arae ní fhágann sé slis ar bith ar an scolb.
 
Bhí an antlás san athair agus níor fhága an mac slis ná dual di ina dhiaidh — tá an mac amhlaidh freisin
 
Níl ligean amach an drocháisc aici, bíodh sé inti nó ná bíodh. Is mór an t-ionadh nach mbeadh muis: inín Ch. Mh., níor cheart di dual ná slis di a fhágáil amuigh
 
Cá bhfágfadh sé an daoithiúlacht? Níor fhága sé slis ná dual di ina dhiaidh. 'Sé mac a athar ceart é. Ní hé a mhalrait é
 
dlaoi
"Bheidís dhá bhualadh ar an talamh ina dhlaoitheachaí nó go ndéanfaidís a lagachan le tuairgín lín — na dornáin scaoilte istigh acu ar an urlár. Nuair a bheadh sé lagtha, thugaidís leo é agus d'fhaighidís cathaoir agus leagaidís ó dhlaoi go dlaoi ar shlinneán na cathaoireach é, agus iad dhá bhualadh le slis scuitseála agus sceamh ar chaon taobh di mar a bheadh bois maide rámha. Bhaineadh an scuitseáil an síol agus eile as" (giota as cuntas faoin líon a fuair mé ó m'athair)
+
dual 1
A iníon Th. Mh., is dual duit an chaint a bheith agat, agus níor fhága tú dual ná slis di i do dhiaidh! (fonóid focail nó pun atá anseo fc. dual) — thug tú abhaile leat an chaint a bheith agat, agus tá siad agat chomh maith agus a bhí sí ag do mhuintir romhat, chuile orlach
TUILLEADH (5) ▼
Mac J. Sh. Bh., ba dual dó a bheith bastallach, agus níor fhága sé dual ná slis dhe ina dhiaidh
Ba dual dó sin an tsaint a bheith ann ó chuile thaobh agus níor fhága sé dual ná slis di ina dhiaidh. Féacha an rud a rinne sé leis an bpreabáinín talúna a bhí ansin thuas ag P. B.
Ba dual duit a mhic ó an fhoghlaim a bheith ort. Bhí sí ar t'athair féin. Agus de réir mar adeir siad liom, níor fhága tusa aon dual ná aon tslis di in do dhiaidh
Tá an ghaisce ag M. agus ar ndóigh mo léan má d'fhága an chlann aon dual ná aon tslis di ina ndiaidh castar leo é. Is diabhlaí ríméadach é an mac is sine sin ann. Tá culaith duine uasail air
Chaithfeadh sé a bheith mar sin, ná duine ar bith eile a tógadh istigh ar aon bhaile leis. As an scabhaitéireacht a fuineadh agus a fáisceadh iad sin ariamh. M'anam muise nár fhága seisean aon dual ná aon tslis di ina dhiaidh ach an oiread le ceachtar acu