Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

slis (8)

 
Cá bhfágfadh sé an daoitheamhlacht? Níor fhága sé slis ná dual di in a dhiaidh. 'Sé mac a athar ceart é. Ní hé a mhalrait é.
 
dlaoi
"Bheidís dhá bhualadh ar an talamh in a dhlaoitheachaí, nó go ndéanfaidís a lagachan le tuairgín lín — na dornáin scaoilte istigh aca ar an urlár. Nuair a bheadh sé lagtha thugaidís leo é agus d'fhaghaidís cathaoir agus leagaidís ó dhlaoi go dlaoi ar shlinneán na cathaoireach é, agus iad dhá bhualadh le slis scuitseála agus sceamhadh ar 'chaon taobh di mar a bheadh bois maide rámha. Bhaineadh an scuitseáil an síol agus eile as" (giota as cuntas faoi'n líon a fuair mé ó m'athair)
+
dual 1
A inghean Th. Mh. is dual duit an chaint a bheith agad, agus níor fhága tú dual ná slis di do dhiaidh! (fonóid focail nó "pun" atá annseo fc. dual) = thug tú abhaile leat an chaint a bheith agad, agus tá siad agad cho maith agus a bhí sí ag do mhuintir rómhat, 'chuile orlach
TUILLEADH (5) ▼
Mac J. Sh. Bh. ba dual dó a bheith bastalach, agus níor fhága sé dual ná slis dhe ina dhiaidh
Ba dual dó sin an tsaint a bheith ann ó 'chuile thaobh agus níor fhága sé dual ná slis di ina dhiaidh. Feacha an rud a rinne sé leis an bpriobáinín talmhan' a bhí annsin thuas ag P. B.
Ba dual duit a mhic ó an fhoghluim a bheith ort. Bhí sí ar t'athair féin. Agus de réir mar adeir siad liom, níor fhága tusa aon-dual ná aon-tslis di in do dhiaidh
Tá an ghaisce ag M. agus 'ar ndú' mo léan má d'fhága an chlann aon-dual ná aon-tslis di ina ndiaidh castar leo é. Is diabhlaí ríméadach é an mac is sine sin ann. Tá culaith duine uasail air
Chaithfeadh sé a bheith mar sin ná duine ar bith eile a tóigeadh istigh ar aon-bhaile leis. As an scaibhtéaracht a fuineadh agus a fáisceadh iad sin ariamh. M'anam muise nachar fhága seisean aon-dual ná aon-tslis di in a dhiaidh ach an oiread le ceachtar aca