Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

staid (6)

 
Anam ar bith a fhágas an saol seo i staid an pheaca marfa, damnaítear é. Sin é adúirt an Teagasc Críostaí ar chuma ar bith
+
Go gcuire Dia ar dhea-staid na daoine! (beannacht) — go gcuire sé ar dhea-riocht muid; go gcuire sé ar staid na ngrást muid, nó go dtuga sé an bheatha mharthanach dúinn
TUILLEADH (2) ▼
Go gcoinní Dia ar dhea-staid thú a mhicín na páirte!
I gcionn bhliana go raibh muid inár saol agus inár sláinte, agus go gcoinní Dia ar dhea-staid muid!
 
deoir
"Trí mhí a mhair Oisín beo: trí bhrat a d'fhliuchfadh sé sa ló le deoir aithrí as a shúile, ó chuaigh sé ar aoibheantas agus ar staid na ngrást" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
 
dia 1
Ag Dia atá na grásta, agus go gcoinní sé muid ar fad ar dhea-staid