Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tochrais (6)

+
bior
Tochras an méid seo snátha dhom ar an mbior próiste.
TUILLEADH (1) ▼
Céad slán don uair a mbíodh muid ag sníomhachán chuile oíche! Chruinníodh mná an bhaile isteach — bean ag cardáil, bean ag sníomh, agus bean ag tochras ar an mbior próiste, agus bean eile ag líonadh bórán roilléirí do bhean an tuirne.
 
furú
Diabhal mé gur aréir ag an dó dhéag a chlog a bhí an furú ar fad air. Shílfeá go mba lá earraigh aige é! Ar ndóigh is cóir adeir siad, gur tráthnóna a níos an tóin an tochras
 
deilbh 1
"Chuirfidís an t-íorna timpeall ar an gcrann tochrais, agus bheadh an crann tochrais ansin ag teacht thar timpeall — an líon dhá thochras agus ag teacht leo ar cheirtlíní. É a dheilbh ar chrann ar nós flainín ansin. Chuirfí ag an bhfíodóir é agus dhéanfadh sé píosa dhó … " (Sliocht as cuntas faoin líon ó m'athair)
 
Níl a fhios agam ó Dhia céard atá sí a dhéanamh. Bhí mé ag breathnú uirthi ag tochras agus ag díthochras an tsnátha sin le dhá uair, ach ní léir dom cén t-údar ─ a thochras agus a bhaint as a thochras aríst (unwind it)
 
Ara ní raibh sé in ann dhá fhocal cainte a chur i dtoll a chéile an áit a raibh an glaomaire sin thiar ag S. Mh. S. ag dul roimhe le chuile chor. Ní túisce a thosaigh sé ag speecháil ná d'áitigh mac Sh. dhá cheisniú. Ar ndóigh is maith an fáth: tá an boc sin ag tochras ar a cheirtlín fhéin