Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tochrais (3)

 
deilbh 1
["Chuirf]idís an t-iarna timpeall ar an gcrann tochrais, agus bheadh an crann tochrais annsin ag teacht thar timpeall — an líon dhá thochras agus ag teacht leo ar cheirtlíní. É a dheilbh ar chrann ar nós flainín annsin. Chuirfí ag an bhfigheadóir é agus dhéanfadh sé píosa dhó … " (Sliocht as cuntas faoi'n líon ó m'athair)
 
Níl a fhios agam ó Dhia céard atá sí a dhéanamh. Bhí mé ag breathnú uirre ag tochras agus ag díthochras an tsnátha sin le dhá uair, ach ní léar dom cé'n t-údar = a thochras agus a bhaint as a thochras aríst (unwind it)
 
Ara ní raibh sé indon dhá fhocal cainte a chur idtoll a chéile in áit a raibh an glaodhmaire sin thiar ag S. Mh. S. ag dul roimhe le 'chuile chor. Ní túisce a thosuigh sé ag "speecháil", ná d'áitigh mac Sh. dhá cheisniú. 'Ar ndú' is maith an fáth: tá an boc sin ag tochras ar a cheirtlín fhéin