Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
adhartha
aidiacht nó dobhriathar
adh mar atá i dTadhg
focal an-choitianta é ar an Achréidh
simplí; sodhantach; leathamaideach; neamhghusúil; míthuisceanach.
+
Nach tú a shíleanns na daoine a bheith adhartha agat! — nach tú a shíleas iad a bheith seafóideach, simplí, sodhantach nó míthuisceanach.
Nach sibh a shíleanns mé a bheith adhartha go scarfainn le mo gheadán talúna ar scáth scilling a ardú (seanduine a gheobhadh an pinsean iomlán — scilling thar mar a bhí sé a fháil cheana — dá dtugadh sé suas a chuid talúna amach is amach dá mhac)
TUILLEADH (11) ▼
Ógánach adhartha a bhí ann agus bhí buachaill báire ar bith in ann imeartas air nó a mbeadh aige a mhealladh uaidh.
Duine leathadhartha go leor é: chreidfeadh sé rud ar bith adéarfá leis.
I ndar leat fhéin, dhá mbeifeá ag caint léithe mar sin, go bhfuil sí an-adhartha ach is beag an néal atá uirthi sin ina bealach fhéin.
Ní bhéarfadh duine ar bith, mura mbeadh duine adhartha ann go díreach, aon ghéilleadh dhó sin. Nach caint ar sraith a bhíonns aige i gcónaí!
Dhá adhartha dhá bhfuil an bhean, is measa aríst Seán. Fear ar bith a shantaigh an seanmhótar sin thiar ag G. a cheannacht, ná bac leis! Agus nach fiú bonn is leithphínn an tseanchabhail sin atá ann ón dílinn.
Nach adhartha an mhaise dhó é ag ceapadh go dtabharfadh fear ar bith a mhachine in aisce dhó agus an chruóg atá ag chuile dhuine lena cheann fhéin ar an aimsir atá ann.
Bhí cuid de na daoine an-adhartha fadó. Smuintím (smaointím) fhéin an uair, dhá mbeadh duine go dona chor ar bith, go n-abraíodh na seandaoine gur imithe go Cnoc Meá a bheadh sé. Tá an tseafóid sin caite i gcártaí anois, ar chuma ar bith.
Déarfá go bhfuil chuile dhuine go tóin acu roinnt bheag adhartaí — simplí — thar mar a bheadh daoine eile. An bhfeiceann tú Seán sin ann? Shílfeá gur naíonán ag caint é.
An té a aireos sé sin buille adhartha chor ar bith, leagfaidh sé isteach chuige. 'Sé atá deas air.
Is diabhlaí adhartha an duine thú a dhul ag seasamh óil do na súdairí sin agus nach mbeidís ach ag magadh fút taobh thiar de do chúl.
Tá saithe (cluiche daoine) thart anseo anois agus d'imigh an cleabhar críochnaithe orthu! Má fhaigheann siad duine adhartha chor ar bith, 'sé a mbuac é.

adhartha in iontrálacha eile (8)

 
cab
Muran tú shíleanns mé a bheith adhartha (simplí, saontach) agat, go bhfaighe tú mo sheanchab le tarraingt mar sin!
 
Tá mé adhartha agaibh fhéin agus ag a gcuid cantaireachta! Cén bhrí dhá mbeadh aon tsubstaint sa rud adéarfadh sibh; ach níl — caint ar sraith.
 
B'fhurasta a aithinte dhaoibh go n-iontófaí an carr agus an té a chuir sibh ag cinnireacht. Is adhartha an té nach mbeadh a fhios aige nach raibh gnaithe in éadan capaill ag an leoiste sin
 
dairt
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair, mar adeir an ceann eile. Meas tusa an dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid allais ag iarraidh seanmhóinteáin atá ansin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon tabhairt go brách sa moing chaca sin
 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diomar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
dubh 1
Chinnfeadh sé dubh is dubh orthu an Ghearmáin a bhualadh murach Meiriceá! Breá an scéal atá agat! Nach mbeadh a fhios ag fear adhartha é sin. Níl aon chrann seasta eile ag Sasana ach Meiriceá. Ach is suarach an t-ionadh sin. Cuid den mhuic an drioball
 
Bhí teir ar na goirt sin ariamh. Ní raibh gair ag bó na gamhain a dtaithiú nach raibh an t-imeacht orthu. Bíonn goirt ann mar sin thar a chéile, agus an té a mbeidh siad aige, is fear é a mbeidh an tseamair Mhuire aige nó tiocfaidh an díleá ar a chuid. Is ar a chruachúis do dhuine ar bith a mbeidh goirt den tsórt sin aige gan rud a chur iontu uair eicínt. Is mór an ní a bhfeiceáil ag dul i bhásta. Tá cuid de na daoine agus ní thabharfaidís aird ar bith ar na seanchainteannaí sin. Bíonn an oiread sainte iontu chuig an saol agus gur cuma leofa teir ná teir. S. L. a bhí ansin thoir, nuair a cheannaigh sé an talamh thuas ó P. N., dúirt daoine leis nach n-éireodh an tabhairt sin leis chor ar bith — go raibh teir ar an ngeadán ab fhearr ag gabháil leis, agus nach raibh aon lá ariamh nach raibh an díleá ar bheithígh Ph. N. ann. 'Más teir nó teir anois é,' adeir S. L., 'rachaidh gach beithíoch ag gabháil liomsa isteach ann. Nach mé a shíleas sibh a bheith adhartha go ligfinn an preabán is fhearr ar an talamh i bhásta i ngeall ar sheanchainteanna seafóideacha.' Chuir sé na beithígh isteach ann ach dheamhan díleá a tháinig orthu. D'imíodh ceann anois agus aríst, ach d'imeoidís sin in áit ar bith. Ní bheadh beithíoch seachtain i mbéal a chéile ag P. N. ann nuair a bheadh taobh na bpoll os a chionn. Sin é an chóir a mbíonn sé. Measaim féin, scaití gurb ar an duine agus nach ar an áit a bhíos an teir. Bhí smál eicínt ar Ph. N. nach n-éiríodh tada leis
 
dóigh 1
Céard adeir tú? … Mar dhóigh de nach raibh spéis ar bith agatsa a dhul in éindí léithe, ach gurb ise a chuir an chluain ort. Inis é sin anois d'fhear adhartha. Bhí déidín tite agat ar feadh na hoíche go mbeifeá in éindí léithe