Adhartha
—aidiacht nó doi-bhriathar
—"adh" mar tá i "dTadhg"
—Focal an-choitchiannta é ar an Achréidh
—
simplí; sodhantach; leath-amaideach; neamh-ghusamhail; mío-thuiscionach.
+–
Nach tú a shílea(nn)s na daoine a bheith adharthaí agad! = nach tú a shíleas iad a bheith seafóideach, simplí, sodhantach nó mío-thuiscionach.
Nach sib a shílea(nn)s mé a bheith adharthaí, go scarfainn le mo ghiodán talmhana, ar scáth scilling 'árdú (sean-duine a gheobhfadh an pinsean iomlán — scilling thar mar bhí sé a fhaghail cheana — dá dtugadh sé suas a chuid talmhan' amach a's amach dá mhac).
TUILLEADH (11) ▼
Ógánach adharthaí a bhí ann, a's bhí buachuill báire ar bith indon imeartas air, nó 'mbeadh aige a mhealladh uaidh.
Duine leath-adhartha go leor é: chreidfead sé rud ar bith adéarfá leis.
Indar leat fhéin, dhá mbeitheá a' cainnt léithe mar sin, go bhfuil sí an-adhartha, ach is beag a' néal atá uirre sin, in a bealach fhéin.
Ní bhéarfadh duine 'bith, mura mbeadh duine adhartha ann go díreach, aon-ghéilleadh dhó sin. Nach cainnt ar sraith a bhío(nn)s aige igcomhnuidhe!
Dhá adhartha dhá bhfuil a' bhean, is measa aríst Seán. Fear a' bith a shanntuigh an sean-'mhótar' sin thiar ag G. a cheannacht, ná bac leis! A's nach fiú bonn a's leithphighinn an tsean-chabhail sin, atá ann ó'n dílinn.
Nach adhartha an mhaise dhó é, a' ceapadh go dtiubhradh fear ar bith a 'mhachine' in aisce dhó, agus an chruadhóg atá ag chuile dhuine le na cheann fhéin ar an aimsir atá ann.
Bhí cuid de na daoine an-adhartha fadó. Smuintighim (smaointighim) fhéin an uair, dhá mbeadh duine go dona chor a' bith, go n-abruigheadh na sean-daoine gur imthighthe go Cnoc Meadha a bheadh sé. Tá'n tseafóid sin, caithte i gcártaí anois, ar chuma'r bith.
Déarfá go bhfuil chuile dhuine go tóin acu, roinnt bheag adhartaí — simplidhe — thar mar bheadh daoine eile. 'Bhfeiceann tú Seán sin ann? Shílfeá gur naoidheanán a' cainnt é.
An té a aireochas sé sin, buille adhartha chor a' bith leagfa sé isteach chuige. 'Sé atá deas air.
Is diabhluidhe adhartha an duine thú, a dhul a' seasamh óil do na súdairí sin, a's nach mbeidís ach a' magadh fút taobh thiar de do chúl.
Tá saithe (cluithche daoine) thart annseo anois, a's d'imthigh an cleabhar críochnuighthe orru! Má fhaghann siad duine adhartha chor a' bith, 'sé a mbuac é.
Adhartha in iontrálacha eile (9)
→
cab
Maran tú shílea(nn)s mé 'bheith adhartha (simplidhe, sodhantach) agad, go bhfaighe tú mo shean-chab le tarraingt mar sin!
Tá mé adhartha agaibh fhéin a's ag a gcuid cantaireachta! Cé'n bhrigh dhá mbeadh aon-tsubstaint sa rud adéarfadh sib; ach níl — cainnt ar sraith.
B'fhurasta aithinte dhaoib go n-ionntóchthaidhe an carr, a's an té a chuir sib a' cinnireacht. Is adhartha an té nach mbeadh fhios aige, nach raibh gnaithe in éadan capaill ag an leoiste sin.
→
dairt
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair mar adeir an ceann eile. Meas tusa a dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid alluis ag iarraidh sean-mhóinteáin atá annsin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon-tabhairt go bráth ins an muing chaca sin
→
dallán
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
→
deachma
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)
→
dubh 1
Chinnfeadh sé dubh agus dubh orra an Ghearmáin a bhualadh marach Meiriocá! Breá an scéal atá agud! Nach mbeadh a fhios ag fear adhartha é sin. Níl aon-chrann seasta eile ag Sasana ach Meiriocá. Ach is suarach an t-íonadh sin. Cuid den mhuic an drioball
→
díleá
Bhí teir ar na guirt sin ariamh. Ní raibh goir ag bó na gamhain a dtaithiughadh nach raibh an t-imeacht orra. Bíonn guirt ann mar sin thar a chéile, agus an té a mbeidh siad aige, is fear é a mbeidh an tseamair Mhuire aige, nó tiocfaidh an díleághadh ar a chuid. Is ar a chruadh-chúis do dhuine ar bith a mbeidh guirt de'n tsórt sin aige, gan rud a chur ionnta uair eicínt. Is mór an nídh a bhfeiceál ag dul i bhásta. Tá cuid de na daoine agus ní thiubharfaidís áird ar bith ar na sean-chainteannaí sin. Bíonn an oiread saint' ionnta chuig an saoghal agus gur cuma leobhtha teir ná teir. S. L. a bhí annsin thoir, an uair a cheannuigh sé an talamh thuas ó P. N., dubhairt daoine leis nach n-eireochadh an tabhairt sin leis chor ar bith — go raibh teir ar an ngiodán ab fhearr ag gabhail leis, agus nach raibh aon-lá ariamh nach raibh an díleághadh ar bheithidhigh Ph. N. ann. "Má's teir nó teir anois é" adeir S. L. "rachaidh gach beithidheach ag gabhail liomsa isteach ann. Nach mé a shíleas sib a bheith adhartha go leigfinn an priobán is fhearr ar an talamh i bhásta ingeall ar shean-chainteanna seafóideacha". Chuir sé na beithidhigh isteach ann, ach dheamhan díleághadh a tháinig orra. D'imigheadh ceann anois agus aríst, ach d'imeochaidís sin in áit ar bith. Ní bheadh beithidheach seachtain i mbéal a chéile ag P. N. ann an uair a bheadh taobh na bpoll as a chionn. Sin é an chóir a mbíonn sé. Measaim féin, scaithtí gurb ar an duine agus nach ar an áit a bhíos an teir. Bhí smál eicínt ar Ph. N. nach n-eirigheadh tada leis.
→
dóigh 1
Céard adeir tú? … Mar dhóigh de nach raibh spéis ar bith agadsa a dhul in éindigh léithe, ach gurb ise a chuir an chluain ort. Innis é sin anois d'fhear adhartha. Bhí déidín tuithte agad ar feadh na h-oíche go mbeitheá in éindigh léithe