airdín
1.
ard beag; ailtín, tortán (sa mbóthar). Fc. ard.
2.
airdín do chúil: an áit a bhfuil corr amach air os cionn cince do mhuiníl ar chúl do cinn, siar ó uain do chinn.
+–
Bhuail sé isteach ar airdín an chúil mé.
'Sé an áit a bhfuair mé an chloch ar airdín an chúil.
TUILLEADH (6) ▼
D'éirigh Dia liom gur ar airdín an chúil a fuair mé í agus nach ar uain mo chinn.
Airím pian in airdín mo chúil, ach tháinig mé as (.i. as an tromásc, nó an troid, nó an timpiste) saor go leor.
Tá sí lomtha suas go dtí airdín an cúil — tá sí bearrtha go dtí airdín a cúil suas
'Sé an faisean atá ag gearrchailí anois, iad fhéin a bhearradh suas amach go dtí airdín an chúil.
Mura dtuga tú rí-aire dhuit fhéin, buailfidh mé isteach ar airdín an chúil thú.
Tá airdín a chúil chomh géar le barr speile — caite agus gob amach air
airdín in iontrálacha eile (14)
→
bruach
Tá an log siúd anois bruach ar bhruach leis an airdín aige. Chaithfeadh sé nach bhfuil a fhios cé na clocha a chuir sé ann lena líonadh.
→
buan
An bhfeiceann tú an t-airdín siúd amuigh? Shílfeá nach bhfuil sé achar ar bith as seo, ach deirimse leatsa gur buan an píosa bóthair é ina dhiaidh sin — le breathnú air, dar leat fhéin nach mbeadh sé achar ar bith, ach is buan an stróic bhóthair é ina dhiaidh sin
→
anuas
Bhí airdín an bhóthair caite anuas agam shular shéid sé — bhí mé anuas thairis shular tháinig sé ina bháistigh
+
→
ard 1
Ní chreidfeá go bhfuil Airdín an Bhóthair chomh géar go mbeifeá leath bhealaigh ina aghaidh.
TUILLEADH (2) ▼
Níor fhága Airdín an Diomala, dhá laghad é, tada in mo chónaí ionam.
Tá an gleann líonta acub anois cab ar chab leis an airdín — tá siad cothrom
→
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus 'sé an áit ar bhuail an donacht é ag Airdín an D. Ba é an rud ba tobainne é a chonaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith san oíche agus an áit sin sách uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam an dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn ina chionn. Ach d'imigh sí aríst chomh tobann agus a tháinig sí, chomh luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
→
deachma
Éiríodh muid as. Cén mhaith dhúinn a dhul ag cur a gcuid allais ag priocadh leis an airdín clochach sin, agus ní bheidh leathchloch fataí choíchin air. Fág ansin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thograíonn an dream a thiocfas ina ndiaidh s'againne é a rómhar oibríodh leo, ach díth céille dhúinne a dhul dhá dhéanamh. Deargdhíth céille
→
dearna
B'éigean dom imeacht ar mo dhearnachaí nó gur bhailigh mé soir an t-airdín. Dá bhfeiceadh sé mé, dhéanfadh sé mo lá (ag lámhacán ar a lámha agus ar a ghlúine)
Airdín an Diomala, Airdín an Diomalach — airdín atá ar bhóthar na Gaillimhe, tuairim is míle go leith nó dhá mhíle taobh thoir den Spidéal, idir bhaile fearainn Bhaile an tSléibhe agus An Pháirc. Deir daoine go raibh seanreilig ann, ach ní mheasaim go raibh. Talamh láidir riascach é, atá faoi chlocha agus faoi raithneachaí, agus d'fhreagródh sé do dhiomalachaí
Is mise a bhí drithleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí anseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaos phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá théis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas sa teach aige ag críochnú an tsearróigín a d'fhan d'fhuílleach ón oíche roimhe sin. Chuaigh mé síos tráthnóna deireanach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé ina oíche dhubh orm ag Airdín an Fh. Diabhal mé gur thosaigh na claíochaí ag teacht amach romham ar an mbóthar, agus go raibh chuile shonda dhá raibh mé a fheiceáil ag baint geit asam. Tabhair fear drithleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shula bhí mé agam féin ceart
→
díol 2
Casadh liom ise ar bharr an airdín, agus nuair a bhailigh mé siar an gleann, bhí seisean ag caint le E. Sh. ann. Nach in é do dhíol. Bhí sí in éineacht leis
Tá na gasúir sin dubhábhailleach le gairid. Meas tú céard a rinne siad inné ag teacht ón scoil dóibh, ach an ceaintín a raibh a chuid tae ann ag S. Ph. a chrochadh leo anoir go dtí Airdín an Fh. agus an tae agus a raibh ann a dhóirteadh. Anois b'fhéidir! Ar an dá luath is a dtiocfaidh siad isteach, gheobhaidh mise an tslat agus tógfaidh mé ar mo ghlúine iad. 'Sé a thuar siad dóibh féin. Is fhearr a dhul rompu anois ná a bheith in aiféala aríst — nuair a bheas cuid is mó ná sin déanta acu