Áirdín
1.
árd beag; ailtín, tortán (sa mbóthar). (Féach "ard-1").
2.
"Áirdín do chúil" = an áit a bhfuil corr amach air as cionn cuince do mhuiníl, ar chúl do cinn, siar ó uain do chinn.
+–
Bhuail sé isteach ar áirdín a' chúil mé.
Sé'n áit a bhfuair mé an chloch ar áirdín a chúil.
TUILLEADH (6) ▼
D'eirigh Dia liom gur ar áirdín a' chúil a fuair mé í, agus nach ar uain mo chínn.
Airighim pian in áirdín mo chúil, ach tháinig mé as (i.e as an tromfhásc nó'n troid, nó'n timpiste) saor go leor.
Tá sí lomta suas go dtí áirdín a' cúil = tá sí bearrtha go dtí áirdín a cúil suas.
Sé'n faisean atá ag gearrchaileadha anois, iad fhéin a bhearradh suas amach go dtí áirdín a' chúil.
Mara dtuga tú rí-aire dhuit fhéin, buailfe mé isteach ar áirdín a' chúil thú.
Tá áirdín a chúil chomh géar le barr-speile = caithte, agus gob amach air.
Áirdín in iontrálacha eile (14)
→
bruach
Tá'n lag siúd anois, bruach ar bhruach leis an áirdín aige. Chaithfead sé, nach bhfuil fhios, cé na clocha a chuir sé ann le na líonadh.
→
buan
'Bhfeiceann tú an t-áirdín siúd amuigh? Shílfeá nach bhfuil sé achar a' bith as seo, ach deirimse leatsa gur buan a' píosa bóthair é 'na dheidh sin = le breathnú air, dar leat fhéin, nach mbeadh sé achar a' bith, ach is buan a' stróic bhóthair é 'na dheidh sin.
→
anuas
Bhí áirdín a' bhóthair caithte anuas agam, shul a' shéid sé = bhí mé anuas thairis, shul a' tháinic sé 'na bháistigh.
+
→
ard 1
Ní chreidfeá go bhfuil áirdín a' bhóthair chomh géar, go mbeitheá leath-bheala(igh) in 'aghaidh.
TUILLEADH (2) ▼
Níor fhága Áirdín a' Diomalla, dhá laghad é, tada in mo chomhnuidhe ionnam.
Tá'n gleann líonta aca(b) anois cab ar chab leis an áirdín = tá siad cothrom.
→
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus sé an áit ar bhuail an donacht é ag Áirdín an D. Badh é an rud ba tobainne é a chonnaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith ins an oíche agus an áit sin sáthach uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam a dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn in a chionn. Ach d'imigh sí aríst cho tobann agus a tháinig sí, cho luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
→
deachma
Eirigheadh muid as. Cé'n mhaith dhuinn a dhul ag cur a(r) gcuid alluis ag priocadh leis an áirdín clochach sin, agus ní bheidh leath-chloch fataí choidhchin air. Fág annsin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thogruigheann an dream a thiocfas in a' ndiaidh se'againne é a romhar oibrigheadh leo, ach díthcéille dhuinne a dhul dhá dhéanamh. Dearg-dhíthcéille
→
dearna
B'éigin dom imeacht ar mo dhearnachaí nó gur bhailigh mé soir an t-áirdín. Dá bhfeicead sé mé, dhéanfadh sé mo lá (ag lámhacán ar a lámha agus ar a ghlúine)
Áirdín an Diomalla, Áirdín an Diomallach = áirdín atá ar bhóthar na Gaillimhe, tuairim agus míle go leith nó dhá mhíle taobh thoir de'n Spidéal, idir bhaile fearainn Bhaile an tSléibhe agus an Pháirc. Deir daoine go raibh sean-roillig ann, ach ní mheasaim go raibh. Talamh láidir riascach é, atá faoi chlocha agus faoi raithneachaí agus d'fhreagróchadh sé do dhiomallachaí
Is mise a bhí drilleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí annseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaoighis phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá th'éis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas 'sa teach aige ag críochnú [an] tsearróigín a d'fhan d'fhuighleach ó'n oíche roimhe sin. Chuaidh mé síos trathnóna deireannach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé in a oíche dhubh orm ag Áirdín an Fh. Diabhal mé gur thosuigh na claidheachaí ag teacht amach rómham ar an mbóthar, agus go raibh 'chuile shonda dhá raibh mé a fheiceál ag baint geit asam. Tabhair fear drilleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shul a bhí mé agam féin ceart
→
díol 2
Casadh liom ise ar bharr an áirdín, agus nuair a bhailigh mé siar an gleann bhí seisean ag caint le E. Sh. ann. Nach shin é do dhíol. Bhí sí in aonfheacht leis
Tá na gasúir sin dubh-ámhuilleach le gairid. Meastú céard a rinne siad indé ag teacht ó'n scoil dóib, ach an ceaintín a raibh a chuid tae ann ag S. Ph. a chrochadh leo anoir go dtí Áirdín an Fh. agus an tae agus a raibh ann a dhóirteadh. Anois b'fhéidir! Ar an dá luath agus a dtiocfaidh siad isteach, gheobhaidh mise an tslat agus tóigfidh mé ar mo ghlúine iad. 'Sé a thuar siad dóib féin. Is fhearr a dhul rompa anois, ná a bheith in aithmhéala aríst = nuair a bhéas cuid is mó ná sin déanta aca