Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
breaclach
áit gharbh, chlochach, agus corrgheadáinín nó póicín talúna anseo agus ansiúd idir na clochair agus na carracáin; "áit chlochach a mbeadh ceapóga idir na clocha móra ann" — Tomás Bairéad.
+
Tá barr an bhaile uileag faoi bhreaclachaí.
Níl fód talúna ag gabháil leis ach breaclachaí.
TUILLEADH (12) ▼
Tá cuid mhaith broc sna breaclachaí sin siar.
Níl somhaoine ar bith eile i mbreaclachaí Bhaile an Ghleanna, cé is moite den raithneach fhéin.
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach as na breaclachaí, hé brí céard a dhéanfas Dia leat.
Níl cion garraí maith ina bhfuil de bhreaclachaí ag gabháil leis — ní dhéanfadh a bhfuil de bhreaclachaí uilig aige garraí amháin agus cuirtear i gceann a chéile iad.
Cén chaoi a mbeadh deis mhaireachtála aige, ag coraíocht le breaclachaí.
Breaclachaí as éadan an gabháltas thiar.
Tá coiníní thar a chéile sa mbreaclach atá taobh thiar de bhóthar.
Is fadó an lá cheana nár saothraíodh an bhreaclach sin.
Tá cupla póicín aige thiar sna breaclachaí sin thiar — sin é a bhfuil de thalamh aige.
Diachta dhuit má fuair tú deis athrú nár athraigh dhuit fhéin, tharas do chuid allais a bheith tugtha chuile lá sa mbliain ag breaclachaí bradacha an bhaile seo.
Níl sé in araíocht capall ná carr a thabhairt ann, arae is breaclachaí fré chéile é.
Chuaigh an bhó i dtreascairt sna breaclachaí atá faoi íochtar an bhaile.

Féach freisin

aire

breaclach in iontrálacha eile (5)

 
crinn
Is beag an dochar dá chuid beathach gan bior eanga a bheith thuas ar an gcraiceann, ag iarraidh bheith ag crinneadh na mbreaclach sin agus gan solamar ná súiteán orthub.
 
fuaid
Breaclach uilig é Baile na C. D. sin. Níl garraí maith ar a fhuaid throughout the length and breadth of it
 
Fuarsceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan foscadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabháil léithe ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír, déarfainn nach bhfaightheá aon gheadán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agat cén t-ainm a thugadh N. Th., go ndéanadh Dia grásta air, uirthi: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
 
dairt
Dhá dtéiteá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabháil de chlocha ar do cheirteachaí, ba somhaoiní dhuit é ná a cheapadh go mbaine tú beatha amach ar na cupla geadán breaclaí sin. Is maith an fáiteall broic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéana muirín cúis orthu, gan teacht isteach ar bith eile thartu, tá sé fánach acu
 
dubh 3
Tá sé ag dúchan thíos anseo. Féachfaidh an bhreaclach sin leis é freisin — ag deargadh