Breaclach
—
áit gharbh, chlochach, a's corr-ghiodáinín nó póicín talmhana annseo a's annsiúd idir na clochair a's na carracáin. ("áit chlochach a mbeadh ceapóga idir na clocha móra ann" — Tomás Bairéad).
+–
Tá barr a' bhaile uiliog faoi bhreaclachaí.
Níl fód talmhana a' gabhail leis ach breaclachaí.
TUILLEADH (12) ▼
Tá cuid mhaith broc is na breaclachaí sin siar.
Níl samhaoine 'bith eile imbreaclachaí Bhaile an Ghleanna, cé's moite de'n raithneach fhéin.
Is mór is fiú dhuit a bheith dealuighthe amach as na breaclachaí, hébrí céard a dhéanfas Dia leat.
Níl cion garruidhe maith in a bhfuil de bhreaclachaí a' gabhail leis = ní dhéanfadh a bhfuil de bhreaclachaí uilig aige garraidhe amháin a's cuirtear i gceann a chéile iad.
Cé'n chaoi 'mbeadh deis mhaireachtála aige, a' carruidheacht le breaclachaí.
Breaclachaí as éadan an gabhaltas thiar.
Tá coiníní thar a chéile sa mbreaclach atá taobh thiar de bhóthar.
Is fadó an lá cheana nar saothruigheadh an bhreaclach sin.
Tá cupla póicín aige thiar 'sna breaclachaí sin thiar — sin é 'bhfuil de thalamh aige.
Diadhachta dhuit má fuair tú deis athrú, nár athruigh dhuit fhéin, fharrus do chuid alluis a bheith tugtha chuile lá sa mbliadhain ag breaclachaí bradacha an bhaile seo.
Níl sé in araidheacht capall na carr a thabhairt ann, arae is breaclachaí fré chéile é.
Chuaidh an bhó idtreascairt 'sna breaclachaí atá faoi íochtar a' bhaile.
Féach freisin
→
aire
Breaclach in iontrálacha eile (5)
→
crinn
Is beag an dochar dá chuid beitheadhach gan bior-eanga a bheith thuas ar a' gcraiceann, ag iarraidh [bheith] a' crinneadh na mbreaclach sin, a's gan solamar ná súighteán orra(b).
→
fuaid
Breaclach uilig é Baile na C. D. sin. Níl garraí maith ar a fhuaid = throughout the length and breadth of it
Fuar-sceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan fascadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabhail léithi ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír déarfainn nach bhfuightheá aon-ghiodán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agad cén t-ainm a thugadh N. Th. go ndéanadh Dia grásta air uirri: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
→
dingthe
An mbeadh a fhios agad faoi do righe anois cé'n chaoi a bhfuil an láighe sin — láighe nuadh — dingthe. Chaith mise an bhliain anuiridh ar fad ag mianadóireacht ins an tsean-bhreaclach sin thiar, agus níor chuir mé an bhail sin ar an láighe a bhí agam. Chaithfeadh sé gurb í a sníomh idir dhá chloich a rinne sé