Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

breaclachaí (39)

 
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
 
I nDomhnach, má tá ort a dhul siar sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit. Tá sé druidte le draighean is driseachaí, agus níl tada uaibhreach ann ach neantógaí.
 
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, agus gan blas coimhthís acub le aon duine. Airíonn siad nach bhfuil aon mhadadh de rath ar an mbaile.
 
Ní bheinn do mo mheath fhéin le cliabháin. Fág seo ag coinnleoireacht anocht agus déanfaidh muid sléachtadh ar chéirseachaí sna breaclachaí sin síos.
 
Má chuirim cosacáin uirthi, tá faitíos orm go gcasfar i dtreascairt sna breaclachaí siúd í agus go mbascfaidh sí í fhéin, i bhfad uainn an anachain!
 
Ní thabharfainn cuilín lócháin ar a bhfuil de thalamh ag gabháil leis. Moing atá i mbarr an bhaile aige, agus breaclachaí sa gcuid eile.
 
beo 1
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní.
+
Níl fód talúna ag gabháil leis ach breaclachaí.
TUILLEADH (8) ▼
Tá cuid mhaith broc sna breaclachaí sin siar.
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach as na breaclachaí, hé brí céard a dhéanfas Dia leat.
Cén chaoi a mbeadh deis mhaireachtála aige, ag coraíocht le breaclachaí.
Breaclachaí as éadan an gabháltas thiar.
Tá cupla póicín aige thiar sna breaclachaí sin thiar — sin é a bhfuil de thalamh aige.
Diachta dhuit má fuair tú deis athrú nár athraigh dhuit fhéin, tharas do chuid allais a bheith tugtha chuile lá sa mbliain ag breaclachaí bradacha an bhaile seo.
Níl sé in araíocht capall ná carr a thabhairt ann, arae is breaclachaí fré chéile é.
Chuaigh an bhó i dtreascairt sna breaclachaí atá faoi íochtar an bhaile.
 
Dhá mbeinnse in mo bhríthín óg arís, ní anseo a d'fhanfainn ag coraíocht le breaclachaí. Ghreadfainn anonn go Meiriceá nó go Sasana ag saothrú dhom fhéin.
 
Is mé atá in mo bhúilleach chríochnaithe ag na breaclachaí céanna. Ní maith go bhféadfá iad a shiúl, ní áirím ualach a thabhairt thríob.
 
aire
Mura mbí tú an-aireach sna breaclachaí sin, bascfar thú (fc. breaclach)
 
Tá an talamh atá le íochtar airiúil go maith ach ní fiú do sheacht mallacht na breaclachaí atá i mbarr an bhaile.
 
D'fhuagair sé na caoirigh dhom inniu. Bhí siad istigh sna breaclachaí siúd aige
 
fiach 1
Tá sionnach anseo thiar sna breaclachaí agus tá muid ag brath ar a dhul dhá fhiach amárach in aice chúnaimh Dé
 
fuath
Cá bhfaighinnse fios fuath ná feannóige air. Níor chorraigh mise amach as na breaclachaí seo a fheiceas tú ariamh. Ní bheadh a fhios rud den tsórt sin ach ag an té a shiúlfadh. Fiafraigh den Phoncán mhór seo thíos é. Tá cuid mhaith curtha dhá chosa aige
 
abair
Abair nár bhac fear le cur ar bith, ach tosaí ag baint mhóna sa Márta, agus tosaí ag cur potaí nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meas tú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich sna breaclachaí sin amach — cuir i gcás
 
Ná comhair na breaclachaí ná na clochair sin chor ar bith isteach le do chuid talúna. Ab iad siúd. Cén diabhal somhaoine iad? Fág iad siúd ag an deachma. Ar ndóigh ní maith atá leo. Níl siad le cur ná le fuirseadh. Agus má chuireann tú beithíoch iontu, is gearr gur basctha a bheas sé. Mura bhfaighe tú tréad gabhair agus cead scoir a thabhairt dóibh ann, agus a bheith sa gcúirt chuile mhí de bharr a gcuid foghlach. Ó siúd é atá agat a dhéanamh leo: tabhair don deachma iad
 
dealg
Cá'il an áit agat le aghaidh caorach: sna breaclachaí sin siar ab ea. Cuir ann iad más leat do chuid olna a bheith ar na deilgne
 
dearg 2
I dteannta a bhfuil deargtha aige, cén diabhal eile atá aige? Purláin an tí agus na breaclachaí sin siar ansin
 
deas 1
Is deas an aire atá a chuid laontaí a fháil uaidh. Diabhal bréag nach deas! A scaoileadh siar ansin siar sna breaclachaí raithní sin nó go gcailltear leis an ocras iad. Ansin tosaí ag rá nach mbíonn siad ag dul dó
 
Deirimse leatsa, hé brí céard adéarfas tusa, gur deisiúla go mór an baile a bhfuil tú istigh ann ná aon bhaile eile ar an gceathrú. Breathnaigh ar an mbaile sin thoir. Nach bhfuil maith an bhaile uileag ag an L. Agus an dá bhaile seo taobh thiar dhíot, céard atá iontu ach breaclachaí agus clochair agus diomalachaí. Níl an baile seo giorraithe tada, agus dheamhan a bhfuil de chailleadh ar an talamh atá ann léar (de réir) mar atá talamh sa tír seo.
 
Tá an leathbhaile abhus réasúnta, agus is réasúnta é; ach maidir leis an leathbhaile thiar, níl fód istigh ar a fhuaid ach breaclachaí agus diomlachaí agus brocachaí sionnaigh. An crann féin ní fhásfadh ann, mura mbeadh an caorthann sin ann, nó driseacha
 
A muise a mhuirnín, má théann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brú ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathrú cloch fhataí a bhí aige théis soláthar trí lá, agus ina cheann sin, goideadh an sádar (solder) uaidh. Nach gann a chuaigh an saol orthu go mb'éigean dóibh a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cén neart a bhí acu air. Ar ndóigh níl ní dhár dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
 
An lá ar baineadh an treascairt as an gcapall sna breaclachaí sin thiar, donaíodh í an uair sin. Tá umhlú chun tosaigh inti chuile lá ó shin
 
dos
Más ag iarraidh dois atá tú, tá neart tomachaí siar sna breaclachaí sin siar, agus 'sé an diabhal é nó gheobhaidh tú ceann a dhéanfas thú ann
 
Tá an ruta sin siar dubhdhriseach. Breaclachaí agus crígheannaí ar fad é
 
Má tá tú ag iarraidh díogha na talúna a fheiceáil, ná fág amach an áit a bhfuil tú. Téirigh suas sna breaclachaí agus sna diomalachaí atá thuas ansin i mB. an Ghl., agus gan garraí as chuile dheich gcinn intsaothraithe. Tá caitheamh agus cáineadh ar na sléibhte, ach mise i mbannaí dhuit, má chaitheann tú an oiread anró agus easonóra leis an sliabh agus a caitear le na clochair atá thart anseo, go mbeadh rud eicínt de bharr do shaothair agat. An-talamh é an sliabh sin suas má fhaigheann sé giollaíocht cheart. Ach an talamh atá thart anseo, tá sé ídithe — spíonta ag feamainn chladaigh. Nach bhfuil an leac leis in chuile áit ann
 
dólom
Bíodh unsa céille agat. Ar ndóigh níl slí do choise de thalamh istigh ar do bhaile, agus an méid sin féin dólom. An dtabharfá talamh ar na breaclachaí siúd taobh thiar. Ní thabharfainnse ar chaoi ar bith
 
Dúiseoidh sibh é siar ansin in áit eicínt sna breaclachaí sin, ach caithfidh sibh na brocachaí a dhúnadh i dtosach. Mura ndúna, níl aon mhaith dhaoibh ann. Tá cuain aige (an sionnach) i scailp Dh.
 
Ní díol trua ar bith é fear na tíre seo dhá bhfaigheadh sé ocras féin. Nach bhfuil beatha ag dul faoi is thairis. Tá neart faochan agus bairnigh agus cnuasach cladaigh ansin thíos (sa gcladach). Tá neart éisc ansin amuigh ar an gcuan, dhá mbeadh sé de rath air a dhul ina dhiaidh. Tá na breaclachaí sin beo le coiníní dhá gcuireadh sé d'anró air féin súileanna ribe a chur. Cár fhága tú a bhfuil de sméara agus de chúrláin agus de thorthaí eile timpeall ansin. Is mór a thabharfaí orthu in áiteacha eile dhá mbeidís ann, ach níl
 
téigh
Chuaigh mé na breaclachaí, ach dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam ní rachainn, arae níor fágadh snáth éadaigh orm gan stróiceadh