Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cam srón birín
cam-srón-firín? birín adeirtear ar an Achréidh. Níl an leagan faoi Chonamara chor ar bith chomh fada le mo bharúil
cantal, callóid, corrmhéiniúlacht, stuaic, bundún, stainc, múisiam, mosán, staiciúlacht.
+
Cén cam srón birín atá air anois?
Tá cam srón birín dhá bhualadh aríst nuair nach dtugtar cead a chinn dó.
TUILLEADH (8) ▼
Is mear a chuirfeá cam srón birín anois air mura lige tú den chaint sin.
Tá sé chomh híogmhar sin agus má shíleann sé nach mbíonn modh ag duine dhó mar is ceart, go dtagann cam srón birín air ar an toirt.
Níl cló stiúrtha ar bith air ó mhaidin, pé ar bith cén cam srón birín atá air.
Is ar éigean a bheannaigh sé dhom inniu, hé brí cén cam srón birín atá chor ar bith air.
Ní mórán a chuirfeadh cam srón birín ar an gceann céanna.
Caithfidh sé go bhfuil cam srón birín eicínt air agus é a bheith ag imeacht ar an gceird sin.
Níl neart agat scóchas ar bith a chur air nach mbeidh cam srón birín air leat.
Measaim go bhfuil cam srón birín eicínt air ón oíche a raibh muid ag magadh faoi anseo thíos.

Féach freisin

cam srón birín in iontrálacha eile (6)

 
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfidh mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an bpump ag iarraidh bairillí uisce, agus neart uisce ar mo chuid talúna fhéin ach nach leagfaidís (na beithígh) smut air i ngeall ar an gcailimhineoig. Ach is beag an locht a bheas acu air ar ball, nuair a theangmhós an tart tuilleadh leofa.
 
Ní fhaca tú aon cham srón birín ariamh ach a bheith ina aice. Dheamhan foras ar bith a ghníonn sé ach ag ceasacht agus ag ceisneamh, agus ag cur an tí thrína chéile.
 
Is mór an cham srón birín air nár déanadh (dearnadh) an droichead siod anuraidh, arae ba cóineas mhór dó é leis an gcairt agus leis an gcapall.
 
anam
T'anam ón riach é mar scéal, tuige nach rachfá ann dhá mba le cam srón birín air é.
 
Gairim agus coisricim thú! Tá deilín bainte agat as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar éirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad is a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
 
deoir
Tapaigh na deora dubha más leat fataí a bheith agat. Is mór an cam srón birín ar dhuine a dhul thar ghort agus a bhfeiscint isteach uaidh. Mo choinsias is dar m'anam, chuir siad le gaoth na gcnoc mé ansin thuas ar maidin inné