Cam srón-birín
—cam-srón-firín? birín adeirtear ar an Achréidh. Níl an leagan faoi Chonamara chor a' bith chomh fada le mo bharamhail
—
cantal, callóid, corr-mhéineamhlacht, stuaic, bundún, stainnc, múisiam, musán, staiceamhlacht.
+–
Cé'n cam srón birín atá air anois?
Tá cam-srón-birín dhá bhualadh aríst, nuair nach dtugtar cead a chinn dó.
TUILLEADH (8) ▼
Is mear a chuirfeá cam srón birín anois air, mura leige tú de'n chainnt sin.
Tá sé chomh h-íogmhar sin, a's má shíleann sé nach mbíonn modh ag duine dhó mar is ceart, go dtagann cam srón birín air, ar a' toirt.
Níl cló-stiúrtha a' bith air, ó mhaidin, pé'r bith cé'n cam srón birín, atá air.
Is ar éigin a bheannuigh sé dhom, indiu, hébrí cé'n cam srón birín atá chor a' bith air.
Ní mórán a chuirfeadh cam srón birín ar a' gceann céadna.
Caithfe sé go bhfuil cam srón birín eicínt air, a's é 'bheith ag imtheacht ar a' gceird sin.
Níl neart agad scóchas a' bith a chuir air, nach mbeidh cam srón birín air leat.
Miosaim (measaim) go bhfuil cam srón birín eicínt air, ó'n oidhche a raibh muid a' magadh faoi, annseo thíos.
Féach freisin
→
birín
Cam srón-birín in iontrálacha eile (5)
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfe mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an 'bpump', ag iarraidh bairillí uisce, a's neart uisce ar mo chuid talmhana fhéin, ach nach leagfaidís (na beithidhigh) smut air ingeall ar a' gcaile mhineoig. Ach is beag a' locht a bheidheas acu air, ar ball, nuair a theang(mh)óchas an tart tuille leobhtha.
→
cóineas
Is mór an cham-srón-birín air nar deunadh (dearnadh) an droichead siod anuraídh, arae ba coimhneas mhór dó é, leis a' gcairt a's leis a' gcapall.
→
deilín
Goirim agus caisricim thú! Tá deilín bainte agad as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar eirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad agus a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
→
deoir
Tapuigh na deora dubha má's leat fataí a bheith agad. Is mór an cam-srón-birín ar dhuine a dhul thar ghort agus a bhfeiscint isteach uaidh. Mo choinsias 's dar m'anam, chuir siad le gaoth na gcnoc mé annsin thuas ar maidin indé