carcair
—ainmfhocal, firinscneach (ach bíonn sé baininscneach amantaí de réir an rud atá i gceist)
—uimhir iolra: carcaireachaí
—tuiseal ginideach aonta: carcaireach (carcrach) ach ní hiondúil an claochlódh seo a theacht air anois
1.
smután nó maide giúsaí.
+–
Tá carcair giúsaí sa mbruach.
Diabhal mé go mbíodh neart carcaireachaí giúsaí agus maidí dubha suas ansin fadó, ach ní fheicfeá ceann ar bith anois.
TUILLEADH (16) ▼
Is gearr a bhí mé ag baint gur nocht mé carcair dhiabhalta ghiúsaí i mbruach an phortaigh.
Tá an oiread sa gcarcair siúd is a chuirfeas taobháin agus ceann ar an gcró dhó.
Má tá carcair ghiúsaí ann, coinnigh foscadh air nó ní leat féin í — goidfear uait í má labhrann tú air.
Dheamhan carcair ná mítheán ná sliseog a d'fheicfeá ar an saol seo.
Cuirfidh an charcair sin teas sna loirgní anois ag Nell.
Ba bhreá an rud carcair bhreá ghiúsaí anois in aice na móna sin.
Dheamhan carcair ná sliseog ghiúsaí a fágadh sa tír nár dódh bliain an bhrosna (drochbhliain — níor thriomaigh aon fhód móna — 1905 nó '06 sílim)
Dheamhan fód ar bith móna a dhónns siad sin ach carcaireachaí giúsaí, agus brosna as an roschoill.
Bhí mé ag déanamh amach gur carcair ghiúsaí a bhí ann i dtosach, ach níorbh ea ach donn réidh.
Dheamhan deichniúr fear in ann an charcair siúd a thabhairt abhaile. Caithfear í a scoilteadh san áit a bhfuil sí agus í iompar ina cuideannaí.
Dhá mbeifeá amuigh ar an gcriathrach ar maidin d'aithneofá an áit a mbeadh carcair ghiúsaí arae ní bhíonn deoir drúchta os a cionn. Nach aisteach an t-adhmad í! (Sin é adeirtear)
Bhí Éire faoi choill uileag fadó: nach bhfuil a chomharthaíocht lena chois! Féacha a bhfuil de charcaireachaí giúsaí sna portaigh fós. Nach bhfuil an áit sin suas druidte le giúsaigh?
Chreidfinn go raibh coill le bruach na farraige fadó. Is minic a d'fheicfeá mioncharcaireacha agus maidí giúsaí i mbarr na trá, ach a dhul síos buille domhain.
Níl údar tine ar bith is fhearr ná is buaine ach an oiread, ná carcair mhaith ghiúsaí. Nár bhreá í ar an aimsir seo, tharas a bheith i gcleithiúnas na seanspairtigh sin nach bhfuil sponc ná teas inti!
Dhófadh sí ceart, dhá dhonacht í, dhá mbeadh carcair ghiúsaí agat ina teannta.
Is geall le carcair ghiúsaí é.
2.
duine nó rud mór liopastach, místuama.
+–
Nach é an charcair d'fhear é — fear mór liopastach místuama borb
Sin é an droch-charcair.
TUILLEADH (12) ▼
Tá sé in aon charcair amháin agat — duine mór místuama
Is áibhéil an charcair de bhean í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi.
Bhí sé ina charcair sa mbealach orm agus gan aon ghair agam a dhul thairis.
Is tú an charcair nach bhféadfadh corraí anonn ná anall ach thú ansin i mbéal an tseoil.
Tá carcair de chailligh ansiúd agus chuirfeadh sí cosa beaga faoi na glasógaí le caint.
Sin í an charcair, agus an charcair olc.
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag iarraidh feanc a bhaint as binn shléibhe le aon fheanc a bhaint as an gcarcair siúd. Tá sé in aon lota amháin.
Bhí carcair mhór de sheanfhear thiar ag an doras iata agus é ag gnúsacht aniar as an áit nach raibh sé ag fáil cead aon amhrán a rá. Ba é an drochpheata é, leabharsa!
An bhfuil a fhios agat an charcair mhór de bhean a d'fheicfeá ag dul síos teach an phobail ag an darna haifreann chuile Dhomhnach? Sin í í.
Is furasta a aithne dhuit í: carcair mhór dhiabhalta agus í rosach, bláth bhuí as a ceannaghaidh.
Tá sé in am aige feasta an charcair mhór d'inín sin aige a chur i gcrích, ach chuile sheans go bhfuil sé ag cinnt air aon fhear a dhéanamh amach di. Tá an dream siúd mór iontub fhéin.
'Sé díol an diabhail aon cheart a bhaint den charcair sin. Tá sé beo drochmhúinte, agus ar bheagán spleáchais le chuile dhuine.
3.
cora nó breacadh achrannach de chineál ar bith — clocha, faithniúchaí.
+–
Tá an áit ina charcair le draighean.
Tá carcair fhaithniúcha ar a láimh — cora nó breacadh garbh faithniúchaí
TUILLEADH (10) ▼
Cuir cúr uisce na bhfataí ar do láimh agus b'fhéidir go mbainfeadh sé an charcair fhaithniúchaí sin di.
Tá carcair ghoin adhairce ar a éadan. Rud an-tógáileach iad na goin adhairce céanna.
Tá carcair mhealltrachaí ar chúl mo chinn agus tá sé ag cinnt orm rud ar bith a fháil le caitheamh a chuirfeadh ar gcúl iad.
Tá carcair mhór ghearbóg i gcloigeann an pháiste sin. Dheamhan maith a bheith ag cur chomhairle air: scríobfaidh sé de do bhuíochas iad.
Tá an-charcair chloch ann — an áit breactha le clocha sa talamh agus gan iad i bhfad ó chéile.
Seachain an leagfaí sa gcarcair chloch siúd thú.
Fan amach as an gcarcair chloch sin, nó bascfaidh siad thú.
D'imigh sé uaim sa gcarcair dhriseachaí atá thiar údan.
Is diabhlaí an charcair sceach atá ann. Chuaigh sé rite liom mo bhealach a dhéanamh ann chor ar bith.
Tá carcaireacha draighin ann agus is maith an dícheall do dhuine a bhealach a dhéanamh thríothub chor ar bith. Casadh i dtreascairt ann mé an oíche faoi dheireadh agus níor fhága na sceacha liobar leathair ar aon láimh liom.
4.
ard géar, nó éirí sa talamh. An Charcair i gContae an Chláir, nó an Charcair atá in aice leis an gCaisleán i mBaile Átha Cliath.
+–
Is diabhlaí an charcair é — ard mór
Is mór an charcair d'ard é.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé ina charcair in t'aghaidh — an talamh, an bóthar srl.
Is maith géar an charcair atá ann. Ní bheadh a fhios agat é go dtéiteá ina aghaidh ar bhicycle
Carcair dhiabhalta d'ard é T. na gC.
Tá bóthar an tsléibhe sin faoi arda agus faoi charcaireachaí as éadan.
Ó bhaileos tú tigh Ph. Ch. suas, tá sé ag éirí ina charcair in t'aghaidh. Caithfidh tú an bhunáite a shiúl aríst go dtaga tú go dtí bóithrín Bh. an tS.
Níl aon chapall cruthaithe in ann tonna meáchain a thabhairt an charcair údan, agus ná creid thuas ó aon duine go bhfuil.
carcair in iontrálacha eile (7)
→
cora
Tá cora gearbóg ina cheann; tá a cheann ite le gearbógaí; tá ceann clamhach air; tá coirt nó carcair gearbóg ina chloigeann.
→
fonóid
Tá fonóid ar a aire anois sílim ó buaileadh síos é. Tá a chuid bainne sláinte ólta. Ní chuirfidh sé an chois siúd faoi lena ló. Nach bhfuil sí seacáilte ar fad agus an fhuil cruinnithe ina carcair taobh thuas dhá ghlúin
→
deachma
Ní bhainfidh muid an portachín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lomlán le dearglaoch agus an charcair bhán sin, agus sháródh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé ansin. Ní mór don deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabháil leis chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomaíodh dó mar nach dtugadh sé aon ghiollaíocht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aici fanacht ansin agus triomú uaithi féin. Nuair a bhíodh sí uileag ina scaradh ar an bportach aige i ndeireadh bliana, agus chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásaíodh duine an mhóin le S. Dh. 'sé an leathfhocal a bhíodh aige i gcónaí: 'ní mór don deachma rud eicínt.' Ba ghroí an duine é S. Dh.
Tá an donn réidh an-ghann ar ghualainn na giúsaí. Níl portach ar bith suas ansin nach bhfaightheá carcair ghiúsaí ann, ach do dhúshlán faigh maide donn réidh in áit ar bith thart anseo anois. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé aon cheo dhi
→
drúcht
Deir na seandaoine go mbeadh fad agus leithead an mhaide giúsaí gan aon drúcht ar maidin. Théidís amach nuair a bhíodh an ghrian ag éirí agus d'aithnídís ar an toirt cá mbeadh carcair, mar bhíodh cuisle gan aon drúcht ann. Tá an chomharthaíocht lena chois. Fuair mé féin agus M. dhá mhaide ansin thuas sna riascaigh maidin agus muid ag fiach
→
díocas
Tá díocas air chuig feamainn, ach m'anam go bhfuil a donacht féin sa bhfeamainn. Pléifidh an caladh seo thíos leis é, feicfidh tú féin air. Má thagann carcair mhór di agus drochuair, dar an leabhar, ní mórán díocais a fhágfas seachtain di air