Carcair
—ainm-fhocal: firinscneach (ach bíonn sé baininscneach amanntaí de réir an rud atá igceist)
—Uimhir iolraidh carcaireachaí
—tuiseal gein. aonda — carcaireach (carcrach) ach ní h-iondamhail a' claochlodh seo a theacht air anois.
1.
smután nó maide giumhasaighe.
+–
Tá carcair giumhasaighe sa mbruach.
Diabhal mé go mbíodh neart carcaireachaí giumhasaighe, a's maidí dubha suas annsin fadó, ach ní fheicfeá ceann a' bith anois.
TUILLEADH (16) ▼
Is gearr a bhí mé a' baint, gur nocht mé carcair dhiabhalta ghiumhasaighe imbruach a' phortaigh.
Tá'n oiread sa gcarcair siúd, as a chuirfeas taobháin a's ceann ar a' gcró dhó.
Má tá carcair ghiumhasaighe ann, coinnigh fascadh air, nó ní leat féin í = goidfidhear uait í, má labhrann tú air.
Dheamhan carcair ná mítheán ná sliseog a d'fheicfeá ar a' saoghal seo.
Cuirfe an charcair sin teas 'sna luirgní anois ag Nell.
Ba bhreagh an rud carcair bhreagh ghiumhasaighe anois in aice na móna sin.
Dheamhan carcair ná sliseog ghiumhasaighe a fágadh sa tír, nár dóghadh bliadhain a' bhrosna (droch-bhliadhain — níor thiormuigh aon-fhód móna — 1905 nó '06 sílim).
Dheamhan fód a' bith móna a dhógha(nn)s siad sin, ach carcaireachaí giúmhasaighe, a's brosna as a' ros-choill.
Bhí mé 'déanamh amach gur carcair ghiumhasaighe a bhí ann idtosach, ach níorbh eadh ach donn-réidh.
Dheamhan deichneabhar fear indon a' charcair siúd a thabhairt abhaile. Caithfear í 'scoilteadh 'san áit a bhfuil sí, a's í iomchur ina cuideannaí.
Dhá mbeitheá amuigh ar a' gcriathrach ar maidin, d'aithneochthá an áit a mbeadh carcair ghiumhasaighe arae ní bhíonn deoir drúchta as a cionn. Nach (h-)aisteach a' t-adhmad í! (Sin é adeirtear).
Bhí Eire faoi choill uileag fadó: nach bhfuil a chomharthaidheacht le na chois! Feacha a bhfuil de charcaireachaí giumhasaighe 'sna portaigh fós. Nach bhfuil an áit sin suas druidthe le giumhasa(igh)?
Chreidfinn go raibh coill le bruach na fairrge fadó. Is minic a d'fheicfeá mion-charcaireacha, a's maidí giúmhasaighe i mbarr na trághadh, ach a dhul síos buille domhain.
Níl ughdar teine a' bith is fhearr ná's buaine ach an oiread, ná carcair mhaith ghiumhasaighe. Nar bhreagh í ar an aimsir seo, fharras a bheith i gcleitheamhnas na sean-spairtighe sin, nach bhfuil sponnc ná teas innte!
Dhóghfad sí ceart, dhá dhonacht í, dhá mbeadh carcair ghiúmhasaighe agad in a teannta.
Is geall le carcair ghiumhasaighe é.
2.
duine nó rud mór liopastach, mío-stuama.
+–
Nach hé an charcair d'fhear é = fear mór liopastach mío-stuama borb.
Sin é an droch-charcair.
TUILLEADH (12) ▼
Tá sé in aon-charcair amháin agad = duine mór mío-stuama.
Is áidhbhéil a' charcair de bhean í, bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre.
Bhí sé in a charcair sa mbealach orm, a's gan aon-ghoir agam a dhul thairis.
Is tú an charcair, nach bhféadfadh corruighe anonn ná anall, ach thú annsin imbéal a' tseoil.
Tá carcair de chailli(gh) annsiúd, a's chuirfeadh sí cosa beaga faoi na glasógaí le cainnt.
Sin í an charcair, agus an charcair olc.
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag iarraidh feannc' a bhaint as binn shléibhe le aon-fheannc a bhaint as a' gcarcair siúd. Tá sé in aon-lota amháin.
Bhí carcair mhór de shean-fhear thiar ag a' dorus iadhta, a's é gnúsacht aniar as, in áit nach raibh sé 'faghail cead aon-amhrán a rádh. Badh é an droch-pheata é, leabharsa!
'Bhfuil fhios agad an charcair mhór de bhean a d'fheicfeá ag dul síos teach a' phobail, ag a' dárna h-Aifreann 'chuile Dhomhnach? Sin í í.
Is furast 'aithne dhuit í: carcair mhór dhiabhalta, a's í rosach, bláth-bhuidhe as a ceann-aghaidh.
Tá sé in am aige, feasta an charcair mhór d'inghin sin aige, a chur i gcrích, ach chuile sheans, go bhfuil sé 'cínnt air aon-fhear a dheanamh amach di. Tá'n dream siúd mór ionnta(b) fhéin.
'Sé díol a' diabhail aon-cheart a bhaint de'n charcair sin. Tá sé beo droch-mhúinte, a's ar bheagán spleadhchais le chuile dhuine.
3.
carra nó breacadh achrannach de chineál ar bith — clocha, faithneadhachaí.
+–
Tá'n áit in a charcair le droighean.
Tá carcair fhaithneadhacha ar a láimh = carra nó breacadh garbh faithneadhachaí.
TUILLEADH (10) ▼
Cuir cubhar uisce na bhfataí ar do láimh, a's b'fhéidir go mbainfeadh sé an charcair fhaithneadhachaí sin di.
Tá carcair ghoin-adharca ar a éadan. Rud an-tógáileach iad na goin-adharca céadna.
Tá carcair mhealltrachaí ar chúl mo chinn, a's tá sé 'cínnt orm rud a' bith a fhághail le caitheamh, a chuirfeadh ar gcúl iad.
Tá carcair mhór ghearbóg i gcloigeann a' pháiste sin. Dheamhan maith a bheith a' cur chomhairle air: scríobfa sé de do bhuidheachas iad.
Tá an-charcair chloch ann = an áit breactha le clocha sa talamh a's gan iad i bhfad ó chéile.
Seachain a' leagfaí sa gcarcair chloch siúd thú.
Fan amach as a' gcarcair chloch sin, nó bascfa siad thú.
D'imthigh sé uaim sa gcarcair dhriseachaí atá thiar údan.
Is diabhluidhe an charcair sceach atá ann. Chuaidh sé righte liom mo bhealach a dhéanamh ann, chor a' bith.
Tá carcaireacha droighin ann, a's is maith an dicheall do dhuine, a bhealach a dhéanamh thríotha(b) chor a' bith. Casadh i dtreascairt ann mé an oidhche faoi dheire, a's níor fhága na sceacha liobar leathair ar aon-láimh liom.
4.
árd géar, nó eirghe 'sa talamh. An Charcair i gConndae an Chláir, nó an Charcair atá in aice leis a' gCaisleán i mBaile Átha Cliath.
+–
Is diabhluidhe an charcair é = árd mór.
Is mór a' charcair d'árd é.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé in a charcair in t'aghaidh = an talamh, an bóthar etc.
Is maith géar a' charcair atá ann. Ní bheadh fios agad é, go dteightheá in aghaidh ar 'bhicycle'.
Carcair dhiabhalta d'árd é T. na gC.
Tá bóthar a' tsléibhe sin faoi árda a's faoi charcaireachaí as éadan.
Ó bhaileochas tú tigh Ph. Ch. suas, tá sé ag eirghe in a charcair in t'aghaidh. Caithfe tú an bhunáite a shiubhal aríst, go dtaga tú go dtí bóithrín Bh. an tS.
Níl aon-chapall cruthuighthe indon tonna meadhchain a thabhairt a' charcair údan, a's ná creid thuas ó aonduine go bhfuil.
Carcair in iontrálacha eile (7)
→
cora
Tá carra gearbóg in a cheann; tá a cheann ithte le gearbógaí; tá ceann clamhach air; tá cairt nó carcair gearbóg in a chloigeann.
→
fonóid
Tá funóid ar a aire anois sílim, ó a buaileadh síos é. Tá a chuid bainne slainte ólta. Ní chuirfidh sé an chois siúd faoi len a ló. Nach bhfuil sí seacáilte ar fad, agus an fhuil cruinnithe in a carcair taobh thuas dhá ghlúin
→
deachma
Ní bhainfidh muid an portaichín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lom-lán le dearg-laoch agus an charcair bhán sin, agus sháróchadh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé annsin. Ní mór do'n deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabhail leis 'chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomuigheadh dó mar nach dtugadh sé aon-ghiollaidheacht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aice fanacht annsin agus triomú uaithe féin. An uair a bhíodh sí uiliog in a scaradh ar an bportach aige indeireadh bliana, agus 'chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásuigheadh duine an mhóin le S. Dh. 'sé'n leath-fhocal a bhíodh aige i gcomhnuí: "ní mór do'n deachma rud eicínt". Ba ghroidhe an duine é S. Dh.
Tá an donn-réidh an-ghann ar ghualainn na giumhasaighe. Níl portach ar bith suas annsin nach bhfuightheá carcair ghiumhasaighe ann, ach do dhubhshlán fagh maide donn-réidh in áit ar bith thart annseo anois. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé aon cheo dhi
→
drúcht
Deir na sean-daoine go mbeadh fad agus leithead an mhaide giúsaí gan aon-drúcht ar maidin. Theighidís amach nuair a bhíodh an ghrian ag eirghe agus d'aithnídís ar an toirt cá mbeadh carcair, mar bhíodh cuisle gan aon-drúcht ann. Tá an chomhraíocht len a chois. Fuair mé féin agus M. dhá mhaide annsin thuas sna riasca maidin, agus muid ag fiach
→
díocas
Tá díocas air chuig feamuinn, ach m'anam go bhfuil a donacht féin ins an bhfeamuinn. Pléidhfidh an caladh seo thíos leis é, feicfidh tú féin air. Má thagann carcair mhór di agus droch-uair, dar an leabhar ní mórán díocais a fhágfas seachtain di air