Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cleite
ainmfhocal, firinscneach
uimhir iolra: cleitiúchaí
1.
lorga nó fochann a mbíonn clúmhach air.
+
"Bainne cíoch circe agus é a bhleán as adhairc muice agus cleite cait a chur dhá mheascadh" — sin é an leigheas a thug fear an chapaill bháin don bhean a raibh a clann buailte síos leis an triuch. Ba leigheas dofhaighte é!
"Dhá mba páipéar é an talamh glas, cleitiúchaí na n-éan a bheith ina bpeann; Clann Aoibhinn uilig a bheith ina gcléir: dúshlán a n-iomlán; An drullán is lú de phianta ifrinn a chur i gcéill" (Pádraig adúirt le Oisín)
TUILLEADH (7) ▼
Tá an chearc sin an-ghiobach ó thit na cleitiúchaí di.
Nach í an eireoigín sin atá cuileach ó thosaigh na cleitiúchaí ag titim di
Níl cleite ar a cruit nach bhfuil tite dhi le seachtain (cearc)
Peann cleite atá aige — peann a déanfaí as cleite.
Dhá gcuirtheá i gcleite é, d'fhéadfá foghairt a chur faoi shúil an chapaill.
Níl an oiread agam anois agus a shílfeadh i gcleite circe (shílfeadh: thoillfeadh)
Coinnigh cleitiúchaí na ngéabha.
+
Sin iad an cleite is fhearr in do sciathán fhéin (nó in do hata) — 'siad na daoine sin an dream is mó a ghníos sochar duit, nó 'siad is uaisle nó is deisiúla dá mbaineann leat.
Nach é Maitias an cleite is fhearr in do sciathán, agus cén fáth a mbeifeá ag caitheamh agus ag cáineadh air.
TUILLEADH (5) ▼
Nach bocht nach mbeadh sé ag déanamh gaisce as na Céidigh agus gurb iad an cleite is fhearr ina sciathán fhéin iad.
Is mór an t-ionadh dhó a dhul ag coiriúint ar Nóra muise, ós í an cleite is fearr ina sciathán fhéin í. Ach is cosúil go bhfuil an brachán dóirtithe!
A Dhia dhá tharrtháil muis! Is iontas é a bheith díbliú ar mhac A. Uí Ch. Séard deir sé i gcónaí gurb in é an cleite is fhearr ina sciathán fhéin.
Tá stróic mhór leithid ann. Is maith leis i gcónaí a bheith ag cuimilt leis an uaisle. Théis gur fearr atá na Br. faoi dhó dhó, déarfaidh sé i gcónaí ina dhiaidh gurb iad muintir na máthar an cleite is fhearr ina sciathán.
Dheamhan luach leithphínne de mhaith a rinne a deartháir ariamh di, agus más fíor di fhéin ina dhiaidh sin, 'sé an cleite is fhearr ina hata é.
+
Rug sé air, idir chorp chleite is sciathán, gur thug sé an tsráid amach dhó — rug sé air mar bhéarfadh sé ina ghabháil air; rug sé air ar fad
Chaith sé amach é idir chorp chleite is sciathán.
TUILLEADH (12) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh. idir chorp chleite is sciathán, agus é a leagan istigh sa gcarr.
Béarfaidh mé idir chorp chleite is sciathán ort, mura ndúna tú do bhéal, agus caithfidh mé amach sa bhfarraige thú.
Chuaigh sé faoi gur ardaigh sé suas é idir chorp chleite is sciathán.
Dheamhan easna dhó nach mbeireann ar an gcapall idir chorp chleite is sciathán, agus nach gcaitheann sé amach thar sconsa an gharraí gabhann í. Tabhair fear air sin! (Maitias Ó Dubháin — an fireannach lúfar — a bhí in ainm is é seo a dhéanamh)
Bhí sé meata ag an ngamhain an áit nach ngabhfadh sé amach an bhearna dhó, agus ná raibh ann mura mbeireann sé chuige ar an ngamhain, idir chorp chleite is sciathán, agus nach gcaitheann sé amach thar an gclaí é.
Dheamhan mac an éin a d'fhága sé sa teach,nár chaith sé amach idir chorp chleite is sciathán. 'Sé nach raibh i bhfad ag bánú an tí.
Chuir sé triúr póilíos leis fhéin glanoscartha thar shlat an droichid, idir chorp chleite is sciathán. Cá'il an té a dhéanfadh anois é?
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonaic mise é lá an t-am a raibh an motorbicycle aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. agus bhí sé dhá shá anoir chomh fada leis an teach seo. Ba mheata leis an sá, agus dheamhan ceo a rinne sé, ach é a ardú faoin ascaill, idir chorp chleite is sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár anseo é!
Ardaigh leat é, idir chorp chleite is sciathán as seo.
Fuair sé greim cúl cinn air agus thom sé sa lochán é, idir chorp chleite is sciathán.
Má chloisimse mórán eile sceaimhínteachta agat, béarfaidh mé ort idir chorp chleite is sciathán agus buailfidh mé do smut amuigh faoin tsráid.
Ba liopastach an píle mná í ach rug mé uirthi idir chorp chleite is sciathán gur thug mé anall trasna na cora í. Is maith a chruthaigh mé uirthi agus a theacht tirim.
·
"Cleite, cnáimh agus bí in do thost" (seoraí as seanscéal. Is minic a chloisfeá é mar leathfhocal)
·
Bunchleite isteach (fc. bun)
2.
ladar; scéal.
a.
+
Nach maith a chaithfeá do chleite a chur ann? — nach maith a chaithfeá do ladar a chur sa gcaint?
Níor iarr duine ar bith ort do chleite a chur sa gcaint. Eadrainn fhéin a bhí sé ó thús deireadh go tosaigh.
TUILLEADH (4) ▼
Múinfidh sin thú! Breá ar chuir tú do chleite ann.
An gcloiseann tú an cleite atá sé a chur ann anois? — agús i gcaint; leagan eile ar chaint; luí na bréige a chur ar chaint; sleid, glis, nó streille eile a chur ar scéal
Tuilleadh ghéar den mhí-ádh aige! Is beag a hiarradh air a chleite a chur ann, luath ná mall, murach é a bheith cunórach é fhéin.
Dheamhan a raibh an scéal ceart nó go ndeachaigh tusa ag cur do chleite ann — ag cur bisigh nó leagan air
+
Ní cleite deas é sin le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abrófá fiú is i gcead don chomhluadar, agus fios agat na daoine gnaíúla a bhí ann!
Ní minic cleite gnaíúil tarraingthe anuas ag an gceann céanna. Bheadh sé sin beo ag gráiscínteacht agus ag radaireacht mar sin.
TUILLEADH (4) ▼
Níor thaitnigh an cleite liom a tharraing sé chugam chor ar bith. B'fhurasta a aithinte go raibh fleasc eicínt dhá bhualadh.
Bíodh an scéal ar a rogha caoi anois, ach ní leasóidh do chleitese mórán é
Dúirt mé leat gan do chleite a chur ann beag ná mór nó go bé (gurb é) an chaoi a millfeá an scéal ar fad, ach chaithfeá do chomhairle fhéin a dhéanamh ina dhiaidh sin.
Ó chuaigh tú ag cur do chleite chor ar bith sa gcomhrá, go deimhin ní slachtmhar an cleite a chuir tú ann. Ní minic le tada ach leis an tútaíl a theacht as do bhéal.
b.
cleite comhrá, cleite cainte: údar cainte; an chaint a bheadh dá scoilteadh, nó an scéal a bheadh tarraingthe anuas nó idir chamánaí; caschaint thláth; ladar; údar sáraíochta.
+
Cén cleite cainte atá tarraingthe anuas anocht? — cén scéal atá dhá phlé.
Bheannaíomar dhá chéile agus tharraingeamar anuas cleite comhrá, agus níor airíomar an tráthnóna dhá chaitheamh mar sin.
TUILLEADH (11) ▼
Dhá gcloisteá an cleite comhrá a bhí ag an mbeirt ar an teallach aréir, ní dhéanfá aon mhaith go ceann bliana le gáirí.
Sin é an cleite cainte muise, ab áil leis a tharraingt anuas chugam i lár mo chruóige.
Caithidh tharaibh é, agus tarraingidh cleite cainte eicínt eile anuas — caint eicínt a mbeidh éirim inti.
I nDomhnach is gnaíúil an cleite comhrá atá agaibh gan bhréig. Cén bhrí ach go raibh sibh ar faoistin tá seachtain ó shin!
Nach sílfeá gur seafóideach an cleite comhrá é sin do bheirt mar iad. Is mór adéarfá le gasúir dhícéillí.
Ó chuala mé an cleite comhrá a bhí istigh ar a theacht faoin doras dom, ghread liom aríst. Is beag a bheadh le déanamh ag duine oíche airneáin a chaitheamh ag éisteacht le spruschaint den tsórt sin.
Tá sé ag cinnt orm abhras ar bith a bhaint as an gcleite cainte atá oraibh. Breá nach ag caint ar fheamainn dearg, nó ar phósaíochaí, nó ar earrach a bheadh sibh?
Ní hin é muis an cleite comhrá is mó a thaitneodh le A. B'fhearr leis sin ag nathaíocht ná ag caint ar bheannaíocht.
Nach é an saol a d'imigh agus a liachtaí cleite comhrá a tarraingeadh anuas ariamh istigh ann (i dteach). Is fuar na ballaí atá ann anois.
Is mór an feall gur thug lucht cuarta cúl uileag don teach sin, arae is iomaí cleite comhrá agus greann a bhíodh ann. Ach ó phós M. héiríodh as an obair sin.
Ní mór dhuit a bheith ar do shon fhéin. Má chloiseann t'athair an cleite comhrá seo, spréachfaidh sé, agus dar fia, ní milleán sin air. Do leithide de ghrabairín a bheith ar chaint den tsórt sin!

cleite in iontrálacha eile (25)

 
fios
Go gcuire Dia an t-ádh ort agus lig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoina chuid cúrsaí. Muise nach aisteach an cleite comhrá a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
 
'D'fhága an chearc cleite ina diaidh agus tá an camán luatha sin sa tine.' Sin é adeireadh S., go ndéana Dia grásta air, i gcónaí nuair a bhíodh drochuair air.
 
Ní comaoin duit a bheith míchuntanósach ná doghrainneach le muintir do mháthar. Sin iad an cleite is fhearr in do sciathán fhéin a mhic ó.
 
cora
Sciorr mé sa gcora agus crochadh mé idir chorp, chleite is sciathán gur thit mé i ndiaidh mo mhullaigh san abhainn. I nDomhnach, shíl mé go raibh mé báite.
 
coiric
Bhí cleite i gcoiric an hata aici.
 
Bíonn sé ag imeacht chomh cunórach ar aontaí, agus a chleite istigh aige i chuile mhargadh, ag tnúthán le béiréistí.
+
Nach maith a chaithfeadh sé a chleite fhéin a bhualadh isteach sa gcomhrá — rud eicínt a rá é fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail sé a chleite fhéin isteach sa gcomhrá, ionann is dhá mba duine foghlamtha é fearacht an chuid eile — bhuail sé a ladar fhéin ann
 
"Bhuail sé roimhe nó go raibh neoin bheag agus deireadh lae ann, an capall ag gabháil ar scáth na copóige, agus an chopóg ag gabháil don Domhan Soir. Chonaic sé i bhfad uaidh agus ní i ngar dó; botháinín beag nach raibh bunchleite isteach ná barrchleite amach air, ach aon chleite amháin ag déanamh foscaidh agus dídin dó" (as seanscéal — An Fear Gearr Glas)
 
Dhá mbeadh aon cheo ar shúil capaill nó bó, cuirtear foghairt fúithi: bun sailí (slat shailí) a dhó, agus a mheilt ansin, nó go ndéanfaí chomh mion le snaoisín é; slám salainn a fháil agus é a chruachan, agus an salann agus mionbhas na sailí a shuaitheadh go maith; cleite a fháil ansin agus an meascán sin a chur isteach i dhá cheann an chleite; ansin é a chur faoi shúil an chapaill nó na bó leis an gcleite. Má bhíonn salachar faoin tsúil, nó scamall nó fionn nó péarla uirthi, is leo sin a chuirtear foghairt ina súil
 
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mórmhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneodh corp théis luí fada go deo mar ní bhíonn bior eanga orthu. Bhí corp sheanN. chomh héadrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirthi!
 
ith
Fhóbair gur ith sé idir chorp chleite agus sciathán mé — thug sé farrach chomh mór sin fúm agus gur beag nár ith sé mé i dteannta mé a bhualadh
+
Fan anois go bhfeice muid an bhfuil Gaeilge ag fear Chonamara… Céard é fionna feanna? … Dar príostaí, tá sé agat: an rud a bhíos istigh sa gcleite. Is deacair muintir Chonamara a shárú
TUILLEADH (1) ▼
Faigh cleite gé agus bain an fionna feanna amach as, agus cuir an salann agus an tsail isteach ann, agus cuir faoi shúil an chapaill é — le foghairt a chur faoi shúil rud (fc. foghairt)
 
Tuilleadh diabhail aici anois muis mura bhfuil deannach ag éirí den sprémhóin inniu. Ní bheidh na sreanganna féin fágtha i bportach móin bhán Mh. Fuadóidh na soinneáin seo léithe uileag í idir chorp chleite is sciathán
 
Is diachta dhó a dhul ag coiriúint uirthi siúd agus gurb í an cleite is fearr ina sciathán í. Murach a fheabhas agus a chaith sí siúd leis féin agus lena theach, caillte leis an amhgar agus leis an ocras a bheidís. Ach ní bhíonn aon chuimhne ar an arán a hitear arsa tusa
 
Istigh ag bearradh agus ag diogáil chearc a bhí sí romham. 'Sí atá pointeáilte más fíor di féin. Bheadh chuile chleite ag gabháil leo ar sliobarna ar an gcuid s'againne, agus dheamhan diogáil a dhéanfaí orthu muis
 
Casadh isteach tigh T. Mh. mé agus an bhfuil a fhios agat cén cheird a bhí air: ag dlaoitheachan bhroibh. Má bhí féin, ní raibh sé ag fágáil bunchleite isteach ná barr chleite amach ina ghnaithí
 
Ní bheadh aon mhaith dhuit a dhul a (do?) chorchoraíocht leis. Chinnfeadh ort a leagan go Lá Philip an Chleite. Tá sé in aon drománach amháin agat agus a dhroim siar as i gcónaí. Ní fhéadfá feanc a bhaint as
 
dáimh
Nach iad an chuid eile dhíot fhéin iad sin: an cleite is fhearr in do hata. I nDomhnach tá na dáimheannaí ann, ach a gcomhaireamh
 
Is díbeartha an áit a bhfuil sé ag cur a iníne: isteach ar an mbáinseoigín luachra sin idir dhá chíocra, agus nach síon dá séidfidh nach mbainfidh cleite aisti (fuadóidh sí an teach uirthi)
 
díol 1
Tá sé sin ina chreagaire chomh mór agus atá as seo go Breatain. Dhá mbeadh sé in éindí leat go Lá Philip an Chleite, ní thairgfeadh sé aon deoir a ghlaoch, ach d'ólfadh sé go súite é. Is mór leis atá amhlaidh. Ach chreidim gurb iomaí duine a bheadh ar meisce mura mbeadh aon díol air
 
díol 2
Ní díol náire dhuit chor ar bith iad. 'Siad an cleite is fhearr in do hata iad a mhic ó. An bhfuil tú ag séanadh an ghaoil? Nach bhfuil a fhios agat gurb in iad an chuid eile dhíot fhéin
 
díon 1
Ar chuala tú faoin teach sin ar inis S. Ó. C. dúinn faoi sa scéal. Díon de chlúmhach na n-éan a bhí air. Dar mo choinsias muise, is fada go mbeadh dóthain tí de dhíon agat óna bhfuil d'éanlaith ar an mbaile seo anois. Dheamhan é go dtí Lá Philip an Chleite. B'fhéidir dá dtóraíodh duine brocachaí na sionnaigh go mba mhór an chúnamh dhó é. Is acu atá clúmhach an bhaile ar aon chor
 
dúid
Ná fág cleite amach ón dúid uirthi nach mbearrfaidh tú. Bíonn sí chuile lá ag cartadh istigh i bhfataí T. Mh. agus is gearr go spréachfaidh sé nuair a fheicfeas sé an millteanas