Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cleite
ainm-fhocal, firinscneach
uimhir iolraidh — cleiteadhachaí (cleitiúchaí)
1.
lorga nó fochann a mbíonn clumhach air.
+
'Bainne cíoch circe, a's é 'bhleaghan as adhairc muice a's cleite cuit a chur dhá mheascadh' = sin é an leigheas a thug fear a' chapaill bháin do'n bhean a raibh a clann buailte síos leis a' treoch. Ba leigheas do-fhaighte é!
'Dhá mbadh páipéar é an talamh glas, cleiteadhachaí na n-éan a bheith in a bpeann; Clann Aoibhinn uilig a bheith in a gcléir: dubhshlán a n-iomlán; An drúllán is lugha de phianta Ifrinn a chuir igcéill' (Pádraig adubhairt le Oisín).
TUILLEADH (7) ▼
Tá an chearc sin an-ghiobach ó thuit na cleiteadhachaí di.
Nach hí an eireoigín sin atá cuiltheach ó thosuigh na cleiteadhachaí a' tuitim di
Níl cleite ar a cruit nach bhfuil tuithte dhi le seachtmhain (cearc).
Peann cleite atá aige = peann a déanfaidhe as cleite.
Dhá gcuirtheá i gcleite é, d'fhéadfá fabhairt a chuir faoi shúil a' chapaill.
Níl an oiread agom anois a's a shílfeadh i gcleite circe (shílfeadh: thuillfeadh).
Coinnigh cleiteadhachaí na ngéadhbhadh.
+
Sin iad a' cleite is fhearr in do sciathán fhéin (nó in do hata) = 'siad na daoine sin an dream is mó a ghníos sochar duit, nó 'siad is uaisle nó is deiseamhla dá mbaineann leat.
Nach hé Maitias an cleite is fhearr in do sciathán, a's cé'n fáth a mbeitheá a' caitheamh a's a' cáineadh air.
TUILLEADH (5) ▼
Nach bocht nach mbeadh sé a' déanamh gaisce as na Céidigh, a's gurb iad an cleite is fhearr in a sciathán fhéin iad.
Is mór a' t-iongnadh dhó a dhul a' coireamhaint ar Nóra muise, ó's í an cleite is fearr in a sciathán fhéin í. Ach is cosamhail go bhfuil an brochán dóirtighthe!
A Dhia dhá thárrtháil muis! Is iongantas é 'bheith díbliú ar Mhac A. Uí Ch. 'Séard deir sé i gcomhnuidhe, gurb shin é an cleite is fhearr in a sciathán fhéin.
Tá stróic mhór leithid ann. Is maith leis i gcomhnuidhe a bheith 'cuimilt leis an uaisle. Th'éis gur fearr atá na Br. faoi dhó, dhó, déarfa sé i gcomhnuidhe 'na dheidh, gur b'iad muinntir na máthar an cleite is fhearr in a sciathán.
Dheamhan luach leithphighne 'mhaith a rinne a dearbhráthair ariamh di, a's má's fíor di fhéin 'na dheidh sin, sé'n cleite is fhearr in a hata é.
+
Rug sé air, idir chorp, chleite agus sciathán, gur thug sé an tsráid amach dhó = rug sé air mar bhéarfadh sé 'na ghabhail air; rug sé air "ar fad"
Chaith sé amach é, idir chorp, chleite agus sciathán.
TUILLEADH (12) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh., idir chorp, chleite agus sciathán, a's é 'leagan istigh sa gcarr.
Béarfa mé idir chorp, chleite agus sciathán ort, mara ndúine tú do bhéal, a's caithfe mé amach sa bhfairrge thú.
Chuaidh sé faoi gur árduigh sé suas é, idir chorp, chleite agus sciathán.
Dheamhan easna dhó, nach mbeireann ar a' gcapall idir chorp, chleite agus sciathán, a's nach gcaitheann sé amach thar sconnsa an gharrdha gabhann í. Tabhair fear ar sin! (Maitias Ó Dubháin — "an fireannach lúthmhar" — a bhí in ainm's é seo a dhéanamh).
Bhí sé meathta ag a' ngamhain 'n áit nach ngabhfad sé amach a' bhearna dhó, a's ná raibh ann mara mbeireann sé chuige ar a' ngamhain, idir chorp, chleite agus sciathán, a's nach gcaitheann sé amach thar a' gclaidhe é.
Dheamhan mac an éin a d'fhága sé sa teach, 'nar chaith sé amach idir chorp, chleite agus sciathán. 'Sé nach raibh i bhfad a' bánú an tighe.
Chuir sé triúr póilíos leis fhéin glan-ascartha thar shlat a' droichid, idir chorp, chleite agus sciathán. Cá'il a' té a dhéanfadh anois é?
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonnaic mise é lá an t-am a raibh an 'motor-bicycle' aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. a's bhí sé dhá sháthadh anoir chomh fada leis a' teach seo. Ba mheathta leis an sáthadh, a's dheamhan ceo a rinne sé, ach é 'árdú faoi'n ascaill, idir chorp, chleite a's sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár annseo é!
Árduigh leat é, idir chorp, chleite agus sciathán as seo.
Fuair sé greim cúl cinn air, a's thom sé sa lochán é, idir chorp, chleite agus sciathán.
Má chloisimse mórán eile sceaimhínteacht' agad, béarfa mé ort idir chorp chleite agus sciathán, a's buailfe mé do smut amuigh faoi'n tsráid.
Ba liopastach a' píle mná í, ach rug mé uirre idir chorp, chleite agus sciathán gur thug mé anall treasna na carra í. Is maith a chruthuigh mé uirre, a's a theacht tirm.
·
'Cleite, cnáimh a's bí in do thost' (seoruidhe as sean-scéal. Is minic a chloisfeá é mar leath-fhocal)
·
Bun chleite isteach (féach bun).
2.
ladar; scéal.
a.
+
Nach maith a chaithfeá do chleite a chuir ann? = nach maith a chaithfeá do ladar a chur sa gcainnt?
Níor iarr duine 'bith ort do chleite a chur sa gcainnt. Eatorrainn fhéin a bhí sé ó thús, deire, go tosuigh.
TUILLEADH (4) ▼
Múinfe sin thú! Breagh ar chuir tú do chleite ann.
A' gcloiseann tú an cleite atá sé chuir ann anois? = agús i gcainnt; leagan eile ar chainnt; luighe na bréige a chur ar chainnt; sleid, glis, nó streille eile a chur ar scéal.
Tuilleadh ghéar do'n mhíádh aige! Is beag a h-iarradh air a chleite a chur ann, luath ná mall, marach é 'bheith conórach, é fhéin.
Dheamhan a' raibh an scéal ceart, nó go ndeacha tusa cur do chleite ann = a' cur bisigh nó leagan air.
+
Ní cleite deas é sin, le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abró(chth)á fiú's a's ''gcead do'n chomhluadar', a's fios aghad na daoine gnaoidheamhla a bhí ann!
Ní minic cleite gnaoidheamhail tarraingthe anuas ag a' gceann céadna. Bheadh sé sin beo a' gráiscínteacht, a's a' radaireacht mar sin.
TUILLEADH (4) ▼
Níor thaithnigh an cleite liom a tharraing sé chugam chor a' bith. B'fhurast 'aithinte go raibh fleasc eicínt dhá bhualadh.
Bíodh an scéal ar a rogha caoi anois, ach ní leasócha do chleite-sa mórán é
Dubhairt mé leat gan do chleite a chuir ann beag ná mór, nó go bé (gurb é) an chaoi a millfeá an scéal ar fad, ach chaithfeá do chomhairle fhéin a dhéanamh in a dheidh sin.
Ó chuaidh tú 'cur do chleite chor ar bith sa gcomhrádh, go deimhin ní slachtmhar a' cleite a chuir tú ann. Ní minic le tada ach leis a' tútaighil a theacht as do bhéal.
b.
Cleite cómhrádha, cleite cainnte = ughdar cainnte; an chainnt a bheadh dá scoilteadh, nó an scéal a bheadh tarraingthe anuas nó idir-chamánuidhthe; cas-chainnt thláth; ladar; ughdar sáruightheachta.
+
Cé'n cleite cainnte atá tarraingthe anuas anocht? = cé'n scéal atá dhá phléidh.
Bheannuigheamar dhá chéile a's tharraingeamar anuas cleite comhrádha, a's níor airigheamar a' trathnóna dhá chaitheamh mar sin.
TUILLEADH (11) ▼
Dhá gcloisteá an cleite comhrádha a bhí ag an mbeirt ar a' teallach aréir, ní dhéanfá aon-mhaith go ceann bliadhna le gáiridhe.
Sin é an cleite cainnte muise, ab áil leis a tharraingt anuas chugam i lár mo chruadhóige.
Caithighidh tharaibh é, a's tarraingighidh cleite cainnte eicínt eile anuas — cainnt eicínt a mbeidh éirim innte.
InDomhnach is gnaoidheamhail an cleite comhrádha atá agaibh gan bhréig. Cé'n bhrigh ach go raibh sib ar faoistean tá seachtmhain ó shoin!
Nach sílfeá gur seafóideach an cleite comhrádha é sin do bheirt mar iad. Is mór adéarfá le gasúir dhíthcéillidhe.
Ó 'chuala mé an cleite comhrádha 'bhí istigh ar a theacht faoi'n dorus dom, ghread liom aríst. Is beag a bheadh le deanamh ag duine oidhche áirneáin a chaitheamh ag éisteacht le sprus-chainnt de'n tsórt sin.
Tá sé 'cínnt orm abhras a' bith a bhaint as a' gcleite cainnte atá oraibh. Breagh nach a' cainnt ar fheamuinn dearg, nó ar phósaidheachaí, nó ar earrach a bheadh sib?
Ní shin é muis an cleite comhrádha is mó 'thaithneochadh le A. B'fhearr leis sin a' nathuidheacht ná a' cainnt ar bheannuightheacht.
Nach hé an saoghal a d'imthigh, a's a liachtaighe cleite comhrádha a tarraingeadh anuas ariamh istigh ann (idteach). Is fuar na ballaí atá ann anois.
Is mór a' feall gur thug lucht cuarta cúl uileag do'n teach sin, arae is iomdha cleite comhrádha, a's greánn a bhíodh ann. Ach ó phós M. h-eirigheadh as an obair sin.
Ní mór dhuit a bheith ar do shon fhéin. Má chloiseann t'athair a' cleite comhrádha seo, spréachfa sé, a's dar fiadh ní milleán sin air. Do leithide de ghrabairín a bheith ar chainnt de'n tsórt sin!

Cleite in iontrálacha eile (27)

 
fios
'Gcuire Dia an t-ádh ort agus leig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoin a chuid cúrsaí. Muise nach haisteach an cleite cómhrádha a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
 
'D'fhága an chearc cleite in a diaidh a's tá an camán luaithe sin sa teine'. Sin é adeireadh S. 'ndéana Dia grásta air i gcomhnuidhe, nuair a bhíodh droch-uair air.
 
Ní cumaoin duit a bheith mío-chontanásach ná dóroinneach (dóghrainneach?) le muinntir do mháthar. Sin iad an cleite is fhearr in do sciathán fhéin a mhic ó.
 
cora
Sciorr mé sa gcarra, a's crochadh mé idir chorp, chleite agus sciathán gur thuit mé indiaidh mo mhullaigh 'san abhainn. InDomhnach shíl mé go raibh mé báithte.
 
coiric
Bhí cleite i gcoirric an hata aice.
 
Bíonn sé ag imtheacht chomh conórach ar aontaighe, a's a chleite istigh aige is 'chuile mhargadh, a' tnúthán le béiréistí.
+
Nach maith a chaithfeadh sé a chleite fhéin a bhualadh isteach sa gcomhrádh = rud eicínt a rádh é fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail sé a chleite fhéin isteach sa gcomhrádh, ionnann's dhá mbadh duine foghlumta é, fearacht a' chuid eile = bhuail sé a ladar fhéin ann.
 
Bhuail sé roimhe, nó go raibh neoin bheag, a's deire lae ann, an capall ag gabhail ar scáth na cupóige, a's an chupóg a' gabhail do'n Domhan Soir. Chonnaic sé i bhfad uaidh a's ní ingar dó; botháinín beag, nach raibh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach air, ach aon-chleite amháin a' déanamh fasca a's dídin dó (as sean-scéal — "An fear gearr glas")
 
Dhá mbeadh aon-cheo ar shúil capaill nó bó, cuirtear foghairt fúithe: bun sailí (slat shailí) a dhóghadh, agus a mheilt annsin, nó go ndéanfaí cho mion le snaoisín é; slam salainn a fháil, agus é a chruachan, agus an salann agus mionús na sailí a shuathadh go maith; cleite a fháil annsin agus an mioscán sin a chur isteach i dhá cheann an chleite; annsin é a chur faoi shúil an chapaill nó na bó leis an gcleite. Má bhíonn salachar faoin tsúil, nó scamall nó fionn nó péarla uirre, is leo sin a chuirtear foghairt in a súil
 
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mór-mhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneódh corp th'éis luighe fada go deó, mar ní bhíonn bioreanga orra. Bhí corp shean-N. cho héadtrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirre!
 
ith
Fhobair gur ith sé idir chorp, chleite agus sgiathán mé = thug sé farrach chomh mór sin fúm, agus gur beag nar ith sé mé idteannta mé a bhualadh.
+
Fan anois go bhfeiceamuid a bhfuil Gaeilge ag fear Chonamara… Céard é fionna feanna? … Dar príostaí, tá sé ugad: an rud a bhíos istigh san gcleite. Is deacair muinntir Chonamara a shárú
TUILLEADH (1) ▼
Fagh cleite gé agus bain an fionna feanna amach as, agus cuir an salann agus an tsail isteach ann, agus cuir faoi shúil an chapaill é = le foghairt a chur faoi shúil rud (fc. foghairt)
 
Tuilleadh diabhail aice anois muis mara bhfuil deannach ag eirghe de'n sprémhóin indiu. Ní bheidh na sreanganna féin fágtha i bportach móin bhán Mh. Fuadóchaidh na sinneáin seo léithe uiliog í idir chorp chleite agus sciathán
 
Is diachta dhó a dhul ag coireamhaint uirre siúd agus gurb í an cleite is fearr in a sciathán í. Marach a fheabhas agus a chaith sí siúd leis féin agus len a theach, caillte leis an amhgar agus leis an ocras a bheidís. Ach ní bhíonn aon-chuimne ar an arán a h-ithtear arsa tusa
+
Caitheann na saighdiúir sin an-ghíogáil a choinneál ar a gcuid éadaigh i gcomhnuí. Breathnuighthear orra 'chuile mhaidin, agus má bhíonn bun-chleite isteach ná barr-chleite amach ionnta, faghann siad garbh é. Níl aon-fhear in do thír narb é a leas seal a chaitheamh ins an arm. Bhainfeadh sé an mío-stuamacht asta ar chuma ar bith, baineadh sé tada eile asta nó ná baineadh
TUILLEADH (2) ▼
Níl fear ar bith is puinnteáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá díogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach innte! Sé a chuaidh le P. Ch. ceart. 'Séard a bhí a dhéanamh anois an uair a bheadh sé réidh agus na claidhtheachaí biorruighthe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach innte. Bheadh ath-obair air annsin ag díogáil aríst
Istigh ag bearradh agus ag díogáil chearc a bhí sí romham. 'Sí atá puinteáilte má's fíor di féin. Bheadh 'chuile chleite ag gabhail leo ar sliobarna ar an gcuid se'aghainne, agus dheamhan díogáil a dhéan(f)aí orra muis
 
Casadh isteach tigh T. Mh. mé agus an bhfuil a fhios agad cé'n cheird a bhí air: ag dlaoitheachan bhruibh. Má bhí féin ní raibh sé ag fágáil bun-chleite isteach ná barr-chleite amach in a ghnaithí
 
Ní bheadh aon-mhaith dhuit a dhul a (do?) chor-charaidheacht leis. Chinnfeadh ort a leagan go lá Philip an Chleite. Tá sé in aon-drománach amháin agad, agus a dhruim siar as i gcomhnaí. Ní fhéadfá feanc a bhaint as
 
dáimh
Nach h-iad an chuid eile dhíot fhéin iad sin: an cleite is fhearr in do hata. In Domhnach tá na dáimheannaí ann, ach a gcomhaireamh
 
Is díbeartha an áit a bhfuil sé ag cur a inghine: isteach ar an mbáinseoigín luachra sin idir dhá chíocra, agus nach síon dá séidfidh nach mbainfidh cleite aisti (fuadóchaidh sí an teach uirre)
 
díol 1
Tá sé sin in a chneagaire cho mór agus atá as seo go Breatain. Dhá mbeadh sé in éindigh leat go lá Philip an Chleite, ní thairgfeadh sé aon-deoir a ghlaodhach, ach d'ólfadh sé go súighte é. Is mór leis atá amhlaidh. Ach chreidim gurb iomdha duine a bheadh ar meisce mara mbeadh aon-díol air
 
díol 2
Ní díol náire dhuit chor ar bith iad. 'Siad an cleite is fhearr in do hata iad a mhic ó. An bhfuil tú ag séanadh an ghaoil? Nach bhfuil a fhios agad gurb shin iad an chuid eile dhíot fhéin
 
díon 1
Ar chuala tú faoi'n teach sin ar innis S. Ó. C. duinn faoi ins an scéal. Díon de chlumhach na n-éan a bhí air. Dar mo choinsias muise is fada go mbeadh dóthain tighe de dhíon agad ó'n a bhfuil d'éanlaith ar an mbaile seo anois. Dheamhan é go dtí lá Philip an Chleite. B'fhéidir dá dtóruigheadh duine brocachaí na sionnaigh go mba mhór an chongnamh dhó é. Is aca atá clúmhach an bhaile ar aon-chor
 
dúid
Ná fág cleite amach ó'n dúid uirre nach mbearrfaidh tú. Bíonn sí 'chuile lá ag cartadh istigh i bhfataí T. Mh. agus is gearr go spréachfaidh sé nuair a fheicfeas sé an míllteanas