1.
tír, talamh, bólaí, limistéar, réigiún, réim, ruta. crígh adeirtear.
·
Crígh Fódla, Crígh Banbhan, Crígh Mhuire, Dhá Chrígh Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur 6 atá i gceist anseo. Tá neart acu ann, ar aon nós!)
+–
Dhá mbeadh airgead Chríghe Fódla aici, dheamhan a cos a phósfainnse, ná cuid dhá cos.
Dhá mbeadh airgead Chríghe Fódla ag duine, cén mhaith dhó é ó cuirfear é. Ní fhéadfaidh sé aon phínn di a thabhairt san uaigh leis.
TUILLEADH (12) ▼
Dhá mbeadh a bhfuil de fuisce i gCrígh Fódla agat anois, is aon chás amháin liomsa é. Níl mo phlé leis.
Is uirthi a rinne sé roghain thar mhná Chríghe Fódla — is di a thug sé taitneamh thar mhná na hÉireann.
Dúirt sé nach bpósfadh sé aon duine de mhná Chríghe Fódla mura bpósadh sise é, agus nach breá gur phós ina dhiaidh sin.
Dochtúirí Chríghe Fódla agus ní dhéanfaidís aon mhaith do dhuine má bhíonn an bás air. Nuair a bheas do lá caite, caithfidh tú imeacht.
"Dochtúirí Chríghe Fódla, agus ní leigheasfaidís mo chás, go dtáinig Péarla an bhrollaigh ghléigil, agus gur rug sí ar mo láimh" (as amhrán)
Is beag an mhaith a dhéanfadh talamh Chríghe Fódla dhó anois. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh.
Dhá mbeadh arán Chríghe Fódla bruite agat anois, ní íosfainnse tíos (níos) mó. Tá mé díreach leis.
Níl aon fhear i gCrígh Banbhan inniu is measa ná is oilce ná é.
Dheamhan bean i gCrígh Banbhan is lú ciall ná í agus a dhul ag déanamh cleas den tsórt sin.
Ní chuirfeadh a bhfuil de mháistrí scoile i gCrígh Fáil aon cheo foghlama isteach ina cheann sin. B'fhearr ligean dó ar fad.
Tá sé ina chónaí ar an gCrígh Dhuibh (ainm baile fearann)
Casadh liom é ag ceann bóithrín na Críghe Duibhe (an áit chéanna)
+–
Chuirfeadh sé dhá Chrígh Mhuire thrína chéile lena chuid cumadóireachta — chuirfeadh sé an baile, nó an tír ag troid; dhéanfadh sé dhá mhuintir d'aon dream lena chuid bréag.
Níl guth ar bith againn ar an nathaíodóirín sin. Tá an oiread gnaithí aige agus go gcuirfeadh sé dhá Chrígh Mhuire in árachaigh a chéile, agus thiocfadh sé féin saor as an tromásc.
TUILLEADH (8) ▼
Dheamhan ríochan ar bith le M. Dhá dtugtaí aon aird ar a chuid cíble, chuirfeadh sé dhá Chrígh Mhuire in oighear an chochaill, de ghrá magadh agus gáirí a dhéanamh fúthub aríst é fhéin.
M'anam muise go bhfuil ceann an réitigh istigh anois, ceann a chuirfeadh Crígh Mhuire de dhroim seoil in achar gearr — fear cothaithe achrainn críochnaithe é an té atá istigh anois.
Chuirfeá Crígh Mhuire thrína chéile le do chuid ealaíne agus cainte. Breá nach bhféadfá foras a dhéanamh uair eicínt, agus gan a bheith ar aon táirm amháin i gcónaí.
Chuirfeadh an ceann céanna Crígh Mhuire thrína chéile le neart bréag, agus mhionnofá ina dhiaidh sin, mura mbeadh aithne agat air, gurb í clár na fírinne a bheadh aige le chuile fhocal.
Ní sa gcaint a chaill sé sin é ar chuma ar bith. Tá an oiread cainte aige agus a chuirfeadh dhá Chrígh Mhuire thrína chéile.
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air nach baile reicthe é. Tá sí in ann Crígh Mhuire a chur thrína chéile, ag seadú scéalta agus ag tarraingt anuas seansíomálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar an mbaile seo nach ag maslú a chéile atá, chuile ré solais, agus is ise is ciontach leis ó thús deireadh go tosaigh.
Sin é a mbeadh sé sin a iarraidh — dhá Chrígh Mhuire a chur in árachaigh a chéile dá bhféadadh sé é.
M'anam muise, má thagann, gur beag an ghairm a bheas anseo roimhe. Ní éadáil mhór ar bith é sin a bheith i bhfad ar an mbaile. Chuirfeadh sé Crígh Mhuire in árachaigh a chéile.
2.
deireadh, ceann, teorainn, corr, ciumhais, bord, bruach. Críoch an iarainn (Maigh Cuilinn) — scríb idir dhá ucht; scríb ceann uicht; an scríb ag éadan uicht treafa.
+–
Sin í an críoch.
Sin í críoch an iarainn.
TUILLEADH (3) ▼
Ná lig an céachta as do láimh inniu go dté tú go críoch.
Is fada uait críoch fós.
An bhfuil tú ag brath ar críoch a fhágáil ansin?
3.
i gcion; i bhfeidhm, críochnú faoi shlacht.
+–
Ar chuir tú do chúis i gcrích? — i gcion; ar éirigh leat? An bhfuair tú an rud a bhí tú a iarraidh?
Théis a bhfuil faighte d'easonóir agam uaidh, chinn orm mo chúis a chur i gcrích ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
'Bhris an bhodaíl thríd an mbodach théis a chúis a chur i gcrích' (leathrann filíochta atá ag na daoine)
·
Ar bharr na binne a bhíonns críoch (seanfhocal) — ní bhíonn teach críochnaithe go mbí an chloch spideoige air. Is amhlaidh le chuile rud eile é: má fágtar oiread na fríde fhéin de rud gan chríochnú, beidh athshaothar agus tuilleadh anró air. Uime sin, má téitear ag déanamh an rud, is cóir bailchríoch a chur amach agus amach air, nó gan aon lúb ar lár a fhágáil ann.
Tá an méid sin déanta, go lige Dia slán na daoine. Ar bharr na binne a bhíonns críoch, sea sin.
·
Beidh sé ag imeacht mar sin gan críoch gan rath, go deo.
4.
pósadh.
+–
Tá a chlann iníon fré chéile i gcrích aige.
Is maith atá an saol ag féithiú leis, má tá a chlann i gcrích fré chéile aige — pósta.
TUILLEADH (6) ▼
Má tá a chlann iníon i gcrích aige, bíodh sé buíoch do mhuintir Mheiriceá a choinnigh airgead spré leis. Murach sin dheamhan brat pósta a thiocfadh ar aon duine acub lena marthain — in Éirinn ar chaoi ar bith.
Fágadh ina baintreabhaigh í agus a háilín ar fad ar aon chéill, agus i nDomhnach, is maith a chruthaigh sí agus iad uilig a chur i gcrích — agus i gcrích faoi shlacht!
M'anam má tá siad i gcrích nach aon spré a bhí an t-athair in ann a thabhairt dóibh a d'fhága i gcrích iad, nach é sin. Dheamhan luach a bhéilí a chonaic muide ariamh aige. Ach ba mná piocúla treallúsacha na gearrchailí fhéin, agus níor mhór dhóibh sin, ar shon an leadaí is athair dóibh.
Tá comaoin in áirid duit sa teach sin muis, má théann tú ann. Ach d'éireodh dhóibh. Nach bhfuil dís ban óg, mar adeir an t-amhrán, le cur i gcrích ann fós, agus cá bhfaigheadh duine acub fear is feiliúnaí ná is pointeáilte ná thú fhéin bail ó Dhia ort!
Níl ann anois ach M. siúd — croitheadh an tsacáin, agus tiocfaidh sí sin í fhéin i gcrích go gairid.
Tá siad i gcrích uileag aici anois, cé is moite den inín is óige, ach is deacair í sin a shásamh faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fháil.
+–
Chuaigh sí ó chrích — níor cuireadh i gcrích í; níor phós sí. Bíonn sé i gceist freisin leis, go dtiocfadh "cuileann gan dó" le bean; ach is annamh é. "Cuireadh ó chrích í", is mó adeirtear leis sin.
Mura bhfuil mé ag dul amú go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le fáil aici, ach níor thapaigh sí a deis. Ag dréim le boic mhóra a bhí sí i gcónaí, agus gan aon aird acub sin uirthi. Anois, tá sí fágtha ar an trá thirim.
TUILLEADH (4) ▼
Níl a fhios agam céard a bhain di chor ar bith a dhul ó chrích, mar a chuaigh sí. Deir siad go mba bean óg chomh breá í agus a d'fheicfeá in do shiúl lae. Tá a chomharthaíocht lena cois freisin. Tá sí inniu agus an lá sin amhlaidh.
Níl sí ó chrích fós, ainneoin go bhfuil sí amach go maith sna déaga is fiche. Gheobhaidh sí crannfhear mór Achréidh; gan aon choisméig siúil, a gcinnfidh air aon bhean a fháil sna bólaí s'aige fhéin.
A cuid leithid agus postúlachta fhéin a d'fhága ó chrích í agus ní hé a mhalrait.
Is maith a chruthós sí nó tiocfaidh sí ó chrích. Ní hé a mhalrait dhe chosúlacht atá uirthi anois. Tá an ghrian ag dul siar agus gan aon fhear dhá hiarraidh.
+–
Chuir sé ó chrích í — chiontaigh sé léithe, agus níor phós sé í.
"Níor chlú dhuit mé a chur ó chrích" (líne d'amhrán)
TUILLEADH (10) ▼
Ní clú ar bith do dhuine gearrchaile mar sin a chur ó chrích.
Tá sí curtha ó chrích go brách aige anois, an scabhaitéara.
Tá ceann eile ann a cuireadh ó chrích fadó an lá. Fear as G. a bhí tugtha síos léithe.
Ní fhéadfadh an t-ádh a bheith ar aon duine mar sin a chuirfeadh gearrchaile bocht ar bith ó chrích.
Chiontaigh sé léithe, agus chuir sé ó chrích í.
Tá sí curtha ó chrích anois ar chuma ar bith. I nDomhnach chuaigh cuileann gan dó léithe, ní dhá roinnt léithe é!
Shílfeá go mbeadh náire air é fhéin a thabhairt le taispeánadh os comhair duine ar bith, théis bean a chur ó chrích.
Dhá ba aon duine eile a chuirfeadh bean ó chrích mar sin, d'imeodh sé i ndiaidh a chinn roimhe agus dheamhan a chos a thaobhódh an baile go deo aríst. Ach dheamhan a dhath náire ar siúd.
Nuair nach bhfuil sé sin leáite le eascainí, agus a liachtaí bean ó chrích aige, ní dhá roinnt leis é! — is iontach nach bhfuil sé leáite ag eascainí a liacht bean agus a chur sé le fán an tsaoil.
Séard a bhí le déanamh lena leithide sin, a chuirfeadh bean ó chrích agus ó rath, breith air agus bró mhuilinn a chur faoina mhuineál, agus é a chaitheamh amuigh ar an meath mhóir. Bheadh sé sách maith aige, agus rómhaith — an bithiúnach.
+–
Nár thé ó chrích ach í! (eascainí)
Nár thé ó chrích ach í gan dochar gan díobháil dúinne, ná dhár nduine fhéin!
TUILLEADH (2) ▼
Bhí a fhios agam gur ó chrích a cuirfí í sa deireadh agus an súnás a bhí uirthi. 'Sí a bhí ligthe léithe fhéin, gan ceannús ceann ar bith!
Ba bheag an aird a bhí aici sin ar chomhairle athar ná máthar, ach déanamh mar a thogair sí fhéin. Beidh a shliocht uirthi anois. I nDomhnach, b'fhéidir go gcaoinfeadh sí fhéin sin anois agus í ó chrích go brách.
5.
a.
neithe deireanacha an tsaoil.
·
Na críocha déanacha — bás, breithiúnas, ifreann, agus flaitheas.
Dhá gcuimhníodh duine ar na Críocha Déanacha sách minic, is beag an pheaca a dhéanfadh sé, arae ní ligfeadh an faitíos dó. (Tá dán diaga fada ann a dtugtar na Críocha Déanacha air, agus tá sé ag roinnt mhaith de na seanfhondúirí: tosaíonn sé mar seo: — "A Dhuine ná smaoinigh ar ní gan éifeacht, ach smaoinigh go minic ar na Críocha Déanacha; Mar 'siad is faide a rachas i bhfeidhm dúinn, agus a bhéarfas ár n-anam go Cathair na Naomh Geal")
b.
bás.
+–
Is olc an chríoch a bheas air sin fós, tús na breithe ag Mac Dé. Dheamhan duine dhá ndéanfaidh an éagóir nach bhfoilseoidh Dia é fhéin air, luath nó mall — is olc an deireadh a bheas aige sin fós (gheobha sé anbhás, bás le drochthinneas, déanfaidh sé dubhní air fhéin, tabharfaidh sé droch-chor dó fhéin, beidh an anachain ar a thí, go ngiorraí sí leis srl.), ach níl muide ag dul i mbarr a bhreithiúnas ar Dhia. Nár lige Dia go rachadh! An té a ghníos éagóir, titeann díoltas Dé air más fad gearr go dtí é.
Ní fhéadfadh aon chríoch ar fónamh a bheith ar an gceann céanna, arae ba holc é fhéin agus is iomaí créatúlacht a rinne sé ar bhoicht na tíre.
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé an tsíoraíocht ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe i Meiriceá. Dheamhan a fhios agam cén chríoch a bhí air faoi dheireadh, ach measaim nach é an dea-chríoch í ar chuma ar bith.
críoch in iontrálacha eile (36)
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Éiríodh sé as agus iarradh sé an dole. Ba é ba somhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
→
bealach
Droch-chríoch air le bealach a dhul! Caithfidh sé a dhul an bealach contráilte i gcónaí! — dá mbeadh aon bhealach ní ba dainséaraí ann, is air a thiocfadh sé.
+
Droch-chríoch ort! (eascainí: bíonn sí an-choitianta in áiteachaí faoi Chonamara siar, ach níl mórán gangaide fanta inti) — léanscrios ort!; scread mhaidne ort (uait)!
TUILLEADH (9) ▼
Droch-chríoch ort le caoi a bheith ort, nach ndéanfadh suaimhneas in áit eicínt!
Droch-chríoch air, murab é a chaithfeadh an bhail a chur air fhéin! (le ól)
Droch-chríoch orthub (bréagáin ag páiste, agus é ag déanamh torainn leo; agus ag bodhrú a raibh istigh) agat, nach n-éisteann leob uair eicínt agus suaimhneas a thabhairt do na daoine.
Droch-chríoch air fhéin agus ar a chuid asal, nach gceanglaíonn nó nach gceansaíonn iad, tharas iad a bheith ag imeacht faoin scoir mar sin chuile lá sa mbliain.
Droch-chríoch ar a sheanbhicycle aige! Dheamhan ceo le go dtabharfadh sé chuig an siopa thú le cruóig, agus diabhal aithne air ina dhiaidh sin nach fiú ór é.
Droch-chríoch orthub fhéin agus ar a gcuid dlí, mura deas an chaoi ar aos óg é nach bhféadfaidh siad cois a bhualadh ar phort aon oíche Domhnaigh sa mbliain, muran leob póilíos a bheith ar a dtí.
Ara droch-chríoch orthub mar mhná. Ná déan a samhailt chor ar bith liom. Ní beag dhóibh a bhfuil thar bharr a gcéille acub cheana, agus gan an cleas céanna a dhéanamh liomsa — shoraidh dhaob (díobh) mar mhná.
Droch-chríoch uirthi mar scillingín ghágach, murach leisce a dhul dhá caitheamh suas, ní thiocfainn ina coinne chor ar bith ('sé a raibh sé a fháil, scilling dole)
Droch-chríoch air agat. Breá nár lom tú in am é tharas a bheith dhá choinneáil ag seadachan ansin in do ghlaic! (cíonán nár tugadh in am)
→
aibéis
Tá mé in m'aibéis críochnaithe ag gabhair na Críche Duibhe, atá ag dul i mbradaíl orm i mbarr an bhaile.
→
ainm
Ní fhéadfadh sé aon dea-chríoch a bheith air, tús na breithe ag Mac Dé, agus a liachtaí uair a bhfuil a ainm tugtha síos le chuile mhí-ádh.
→
flaisc
Bhí coinín istigh sa gcrígh, ach ní raibh aon ghair a dhul chomh fada leis agus chomh hachrannach agus atá flaisc na críche
→
dairt
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
+
Go gcuire Dia dea-chríoch ort! (beannacht) — go bhfaighe tú dea-bhás; go ndéana tú do leas; go bpósa tú faoi rathúnas
TUILLEADH (14) ▼
Dea-chríoch orainn uileag!
Dea-chríoch ó Dhia orainn!
Tá súil agam go gcuire Dia dea-chríoch ort
Duine ar bith a dhéanfadh a mhacasamhail sin de rud, ní dea-chríoch a d'fhéadfadh a bheith air; tús na breithe ag Mac Dé
Dea-chríoch go gcuire Dia ort, agus nár fheice sé an fhad sin de luí bliana ort choíchin!
Dea-chríoch ó Dhia ort!
Dea-chríoch go raibh orainn (againn) ar fad! — nár éirí aon dubhní dhúinn!
Dea-chríoch go raibh ar chuile chréatúr!
Ná raibh dea-chríoch ort le deis a bheith ort!
Dea-chríoch ort a mhic ó! (beannacht mar bhuíochas de bharr gar nó soilíosa a dhéanamh) — déarfaí go háirid é le duine nach mbeadh pósta fós
Dea-chríoch ort, agus go dtuga Dia fear mór maith dhuit!
Ní dea-chríoch a chuaigh uirthi an dílleachta bocht — cuireadh ó chrích í; bhí clann thabhartanais aici
Ní raibh aon cheann comhairle aici mar bhí a hathair agus a máthair básaithe, agus ní dheachaigh aon dhea-chríoch uirthi ní dhá roinnt léithe é
Mura n-athraí tú béasa, tá faitíos orm, sábhála Dia sinn, nach í an dea-chríoch a bheas ort. Ná bac le inín ar bith a ghabhfas thar chomhairle a hathar agus a máthar. Ní hé bara a leasa atá fúithi
→
dícéillí
Gearrchaile dícéillí a bhí inti nár thapaigh é nuair a bhí deis phósta aici leis sin thiar ar an bP. Dheamhan a ngabhfaidh críoch uirthi le aon fhear go brách ab fhearr di ná é
→
téigh ar
Gabhfaidh droch-chríoch air sin, cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat. Ní hé a mhalrait a thuilleas sé