1.
tír, talamh, bólaí, límistéar, réigiún, réim, ruta. ("Crígh" a deirtear).
·
Crígh Fódla, Crígh Banban, Crígh Mhuire, Dhá Chrích Mhuire, Crígh Fáil, An Chrígh Dhubh (ainm baile fearainn, ach b'fhéidir gur (v) réamhráidhte atá i gceist annseo. Tá neart acu ann, ar aon-nós!).
+–
Dhá mbeadh airgead Chríche Fódla aice, dheamhan a cos a phósfainnse, ná cuid dhá cos.
Dhá mbeadh airgead Chríche Fódla ag duine, cé'n mhaith dhó é, ó cuirfidhear é. Ní fhéadfa sé aon-phighinn di a thabhairt 'san uaigh leis.
TUILLEADH (12) ▼
Dhá mbeadh a bhfuil de fuisce igCrígh Fódla agad anois, sé'n chás amháin liomsa é. Níl mo phlé leis.
Is uirre a rinne sé roghain thar mhná Chríghe Fódla = is di a thug sé taithneamh thar mhná na h-Éireann.
Dubhairt sé nach bpósfad sé aon-duine de mhná Chríghe Fódla, mara bpósadh sise é, a's nach breagh gur phós 'na dheidh sin.
Dochtúirí Chríghe Fódla, a's ní dhéanfaidís aon-mhaith do dhuine, má bhíonn a' bás air. Nuair a bheidheas do lá caithte, caithfe tú imeacht.
'Dochtúirí Chríghe Fódla, a's ní leigheasfaidís mo chás, go dtáinic Péarla an bhrollaigh ghléigil, a's gur rug sí ar mo láimh' (as amhrán).
Is beag a' mhaith a dhéanfadh talamh Chríghe Fódla dhó anois. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh.
Dhá mbeadh arán Chríghe Fódla bruithte aghad anois, ní íosfainnse (t)íos (níos) mó. Tá mé díreach leis.
Níl aon-fhear i gCrích Banban indiu is measa ná is uilce ná é.
Dheamhan bean i gCrígh Banban is lugha ciall ná í, a's a dhul a' déanamh cleas' de'n tsórt sin.
Ní chuirfeadh a bhfuil de mhaighistirí scoile i gCrích Fáil, aon-cheo foghluime isteach in a cheann-sin. B'fhearr leigean dó ar fad.
Tá sé in a chomhnuidhe ar an gCrígh Dhuibh (ainm baile fearann).
Casadh liom é ag ceann bóithrín na Críghe Duibhe (an áit chéadna).
+–
Chuirfeadh sé dhá Chrích Mhuire thrídh na chéile le na chuid cumadóireacht' = chuirfeadh sé an baile, nó'n tír a' troid; dhéanfad sé dhá mhuinntir d'aon-dream le na chuid bréag.
Níl guth 'bith aghainn ar a' nathuigheadóirín sin. Tá'n oiread gnaithí aige, a's go gcuirfead sé dhá Chrích Mhuire in árachaí a chéile, a's thiocfad sé féin saor as a' tromfhásc.
TUILLEADH (8) ▼
Dheamhan righeachan a' bith le M. Dhá dtugtaí aon-áird ar a chuid cíble, chuirfeadh sé dhá Chrích Mhuire in adhar a chochaill, de ghrádh magadh a's gáiridhe a dhéanamh fútha(b) aríst, é fhéin.
M'anam muise go bhfuil ceann a' réidhtigh istigh anois, ceann a chuirfeadh Crích Mhuire de dhruim seoil, in achar gearr. = fear cothuighthe achrainn críochnuighthe é an té atá istigh anois.
Chuirfeá Crígh Mhuire thrídh na chéile le do chuid ealadhaine a's cainnte. Breagh nach bhféadfá forus a dhéanamh uair eicínt, a's gan a bheith ar aon-táirm amháin i gcomhnuidhe.
Chuirfeadh an ceann céadna Crích Mhuire thrídh 'na chéile le neart bréag, a's mhionnochthá 'na dheidh sin, mara mbeadh aithne aghad air, gurab í clár na fírinne a bheadh aige le 'chuile fhocal.
Ní sa gcainnt a chaill sé sin é ar chuma ar bith. Tá'n oiread cainnte aige, a's a chuirfeadh dhá Chrích Mhuire thrídh na chéile.
Dheamhan baile a mbeidh an bhean sin istigh air, nach baile reicthe é. Tá sí indon Crígh Mhuire a chur thrídh na chéile, a' seadú scéalta, a's a' tarraingt anuas sean-síothmálachaí a bhí fadó an lá ann. Dheamhan beirt ar a' mbaile seo, nach a' maslú a chéile atá, 'chuile ré soluis, a's is ise is cionntach leis, ó thús deire go tosuigh.
Sin é a mbeadh sé sin a iarraidh — dhá Chrígh Mhuire a chur in árachaí 'chéile, dá bhféadad sé é.
M'anam muise, má thagann, gur beag a' ghairm a bheidheas annseo roimhe. Ní éadáil mhór a' bith é sin a bheith i bhfad ar a' mbaile. Chuirfead sé Crígh Mhuire in árachaí a chéile.
2.
deire, ceann, teorainn, corr, ciumhais, bord, bruach. Críoch (críoch an iarainn — Muigh Cuilinn) = scríb idir dhá ucht; scríb ceann uicht; an scríb ag éadan uicht treabhtha.
+–
Sin í an críoch.
Sin í críoch an iarainn.
TUILLEADH (3) ▼
Ná leig a' céachta as do láimh indiu, go dteighe tú go críoch.
Is fada uait críoch fós.
Bhfuil tú 'brath air críoch a fhágáil annsin?
3.
i gcion; i bhfeidhm, críochnú faoi shlacht.
+–
Ar chuir tú do chúis i gcrích? = i gcion; ar eirigh leat? a' bhfuair tú an rud a bhí tú a iarraidh?
Th'éis a bhfuil faighte d'easonóir agam uaidh, chinn orm mo chúis a chur igcrích 'na dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
'Bhris a' bhodaighil thríd a' mbodach, th'éis a chúis a chur igcrích' (leath-rann filidheachta, atá ag na daoine).
·
'Ar bharr na binne 'bhío(nn)s críoch' (sean-fhocal) = ní bhíonn teach críochnuighthe go mbí an chloch spideoige air. Is amhla le chuile rud eile é: má fágtar oiread na frighde fhéin de rud gan chríochnú, beidh ath-shaothar a's tuille anró air. Uime sin, má teightear a' déanamh an rud, is cóir bal chríoch a chur amach a's amach air, nó gan aon-lúb ar lár a fhágáil ann.
Tá an méid sin déanta, go leige Dia slán na daoine. 'Ar bharr na binne a bhío(nn)s críoch', seadh sin.
·
Beidh sé ag imtheacht mar sin gan críoch gan rath, go deo.
4.
pósadh.
+–
Tá a chlann inghean fré chéile i gcrích aige.
Is maith atá an saoghal a' féithiú leis, má tá a chlann igcrích fré chéile aige = pósta.
TUILLEADH (6) ▼
Má tá a chlann inghean igcrích aige, bíodh sé buidheach do mhuinntir Mheiriocá, a choinnigh airgead spré leis. Marach sin dheamhan brat pósta a thiocfadh ar aon-duine aca(b) le na marthainn — in Éirinn ar chaoi ar bith.
Fágadh in a baintreabhaigh í, a's a h-áilín ar fad ar aon-chéill, a's inDomhnach is maith a chruthuigh sí a's iad uilig a chuir i gcrích — a's igcrích faoi shlacht!
M'anam má tá siad i gcrích, nach aon-spré a bhí an t-athair indon a thabhairt dóibh a d'fhága igcrích iad, nach hé sin. Dheamhan luach a bhéilidhe a chonnaic muide ariamh aige. Ach ba mná piocamhla triollúsacha na gearrchaileadha fhéin, a's níor mhór dhóib sin, ar shon an leaduidhe is athair dóib.
Tá cumaoin in áithrid duit sa teach sin, muis, má theigheann tú ann. Ach d'eireochadh dhóib. Nach bhfuil 'dís ban óg', mar deir a' t-amhrán le cur i gcrích ann fós, a's cá bhfaigheadh duine aca(b) fear is feilmheanaighe ná's puinnteáilte, ná thú fhéin bail ó Dhia ort!
Níl ann anois ach M. siúd — craitheadh an tsacáin, a's tiocfa sí sin, í fhéin, i gcrích go goirid.
Tá siad i gcrích uileag aice anois, cé's moite de'n inghin is óige, ach is deacair í sin a shású faoi fhear. Ní mór léithe an togha a fhaghail.
+–
Chuaidh sí ó chrích = níor cuireadh i gcrích í; níor phós sí (bíonn sé igceist freisin leis, go dtiocfadh "cuileann gan dóghadh" le bean; ach is annamh é. "Cuireadh ó chrích í", is mó adeirtear leis sin).
Mara bhfuil mé ag dul amudha go mór, is bean í sin a thiocfas (rachas, ghabhfas) ó chrích. Bhí neart le faghail aice, ach níor thapuigh sí a deis. A' dréim le buic mhóra a bhí sí igcomhnuidhe, a's gan aon-áird aca(b) sin uirre. Anois, tá sí fágtha ar a' tráigh thirm.
TUILLEADH (4) ▼
Níl fhios agham céard a bhain di chor a' bith a dhul ó chrích, mar chuaidh sí. Deir siad, go mbadh bean óg chomh breagh í, a's a d'fheicfeá in do shiubhal lae. Tá a chomharthaidheacht le na cois, freisin. Tá sí indiu a's an lá sin amhla.
Níl sí ó chrích fós, aindeoin go bhfuil sí amach go maith 'sna déaga a's fiche. Gheobha sí cráinfhear mór Achréidh; gan aon-choisméig siubhail, a gcinnfe air aon-bhean 'fhaghail is na bólaí s'aige fhéin.
A cuid leithid a's postamhlacht' fhéin a d'fhága ó chrích í, a's ní hé a mhalrait.
Is maith a chruthóchas sí nó tiocfa sí ó chrích. Ní hé a mhalrait dhe chosamhlacht atá uirre anois. Tá'n ghrian a' dul siar a's gan aon-fhear dhá h-iarraidh.
+–
Chuir sé ó chrích í = chionntuigh sé léithe, a's níor phós sé í.
'Níor chliú dhuit mé a chur ó chrích' (líne d'amhrán).
TUILLEADH (10) ▼
Ní cliú a' bith de dhuine gearrchaile mar sin a chur ó chrích.
Tá sí curtha ó chrích go bráth aige anois, an scaibhtéara.
Tá ceann eile ann a cuireadh ó chrích fadó an lá. Fear as G. a bhí tugtha síos léithe.
Ní fhéadfadh a' t-ádh a bheith ar aonduine mar sin a chuirfeadh gearrchaile bocht a' bith ó chrích.
Chionntuigh sé léithe, a's chuir sé ó chrích í.
Tá sí curtha ó chrích anois ar chuma 'r bith. InDomhnach chuaidh cuileann gan dóghadh léithe, ní dhá roinnt léithe é!
Shílfeá go mbeadh náire air é fhéin a thabhairt le teasbánadh as comhair duine ar bith, th'éis bean a chur ó chrích.
Dhá ba aonduine eile a chuirfeadh bean ó chrích mar sin, d'imtheochad sé indiaidh a chinn roimhe, a's dheamhan a chos a thaobhóchadh an baile go deo aríst. Ach dheamhan a dhath náire ar siúd.
Nuair nach bhfuil sé sin leaighte le eascainidhe, a's a liachtaighe bean ó chrích aige, ní dhá roinnt leis é! = is iongantach nach bhfuil sé leaighte ag eascainidhe a liacht bean a's a chur sé le fán a' tsaoghail.
'Séard a bhí le deanamh le na leithide sin, a chuirfeadh bean ó chrích a's ó rath, breith air a's bró-mhuilinn a chur faoi na mhuineál, a's é 'chaitheamh amuigh ar a' bhfeath mhóir. Bheadh sé sáthach maith aige, a's ro-mhaith — an bitheamhnach.
+–
Nár theighe ó chrích ach í! (eascainidhe).
Nár theighe ó chrích ach í gan dochar gan díoghbhail dúinne, ná dhár nduine fhéin!
TUILLEADH (2) ▼
Bhí fhios agham, gur ó chrích a cuirfidhe í sa deire, a's an súnás a bhí uirre. 'Sí a bhí leigthe léithe fhéin, gan ceannús ceann a' bith!
Ba bheag an áird a bhí aice sin ar chomhairle athar ná máthar, ach deanamh mar a thogair sí fhéin. Beidh a shliocht uirre anois. InDomhnach b'fhéidir go gcaoinfead sí fhéin sin anois, a's í ó chrích go bráth.
5.
a.
neithe deireannacha an tsaoghail.
·
Na críocha déigheannacha — bás, breitheamhnas, ifreann, a's flaitheas.
Dhá gcuimnigheadh duine ar na Críocha Déigheannacha, sáthach minic, is beag a' pheacadh a dhéanfad sé, arae ní leigfeadh a' faitchíos dó. (Tá dán diadha fada ann a dtugtar na Críocha Déigheannacha air, a's tá sé ag roinnt mhaith de na sean-anndúirí: tosuigheann sé mar seo: — "A Dhuine ná smaoinigh ar nidh gan éifeacht, ach smaoinigh go minic ar na Críocha Déigheannach'; Mar 'siad is fuide a rachas i bhféidhm dúinn, a's a bhéarfas ar n-anam go Cathair na Naemh Geal")
b.
bás.
+–
Is olc a' chríoch a' bheidheas air sin fós, tús na breithe ag Mac Dé. Dheamhan duine dhá ndéanfa an éagcóir nach bhfoillseocha Dia É Fhéin air, luath nó mall. = is olc a' deire a bheidheas aige sin fós (gheobhfa sé anbhás, bás le droch-thinneas, déanfa sé do-ní air fhéin, tiubharfa sé droch-chor dó fhéin, beidh an anachain ar a thí, go ngiorruighe sí leis etc.), ach níl muide ag dul imbarr A bhreitheamhnas ar Dhia. Nar leige Dia go rachadh! An té a ghníos eagcóir, tuiteann dioghaltas Dé air má's fad gearr go dtí é.
Ní fhéadfadh aon-chríoch ar foghnamh a bheith ar a' gceann céadna arae ba h-olc é fhéin, agus is iomdha créatúlacht a rinne sé ar bhoicht na tíre.
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé an tsíorruidheacht ag imtheacht indiaidh a chinn roimhe i Meriocá. Dheamhan fhios agham, cé'n chríoch a bhí air faoi dheire, ach measaim nach hé an deagh-chríoch í, ar chuma 'r bith.
6.
tom mhór dhriseachaí, nó áit a mbeadh droighean, catógaí nó sceacha geala cairighthe amach ar a' talamh ann; breaclach sceachach, thomach; muine. (Crígh adeirtear). (Ní móide go bhfuil aon-bhaint aige le "críoch" chor a' bith).
Críoch in iontrálacha eile (30)
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon-chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Eiríodh sé as agus iarradh sé an "dole". Ba é ba samhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
→
bealach
Droch-chríoch air, le bealach a dhul! Caithfe sé a dhul an bealach contráilte igcomhnuidhe! = dá mbeadh aon-bhealach ní ba dainnséaraighe ann, is air a thiocfad sé.
+
→
crígh
Tá brocach istigh i lár na críche sin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n coinicéar istigh i gceartlár na críche. Coinicéar dhubhshlánach í freisin. Do chumhachta cinn, ní thiubharfadh aon-choinín aiste.
+
Droch-chríoch ort! (eascainidhe: bíonn sí an-choitchiannta in áiteachaí faoi Chonamara siar, ach níl mórán gangaide fanta innte) = léanscrios ort!; scread-mhaidne ort (uait)!
TUILLEADH (9) ▼
Droch-chríoch ort, le caoi a bheith ort, nach ndéanfadh su(a)imneas in áit eicínt!
Droch-chríoch air, marab é a chaithfeadh an bhail a chur air fhéin! (le ól).
Droch-chríoch orrab (bréagáin ag páiste, a's é 'deanamh torainn leo; a's a' bodhrú a raibh istigh) agad, nach n-éisteann leo(b) uair eicínt, a's suaimneas a thabhairt do na daoine.
Droch-chríoch air fhéin, a's ar a chuid asal, nach gceangluigheann, nó nach gceannsuigheann iad, fharras iad a bheith ag imtheacht faoi'n scuir mar sin 'chuile lá 'sa mbliadhain.
Droch-chríoch ar a shean-'bhicycle' aige! Dheamhan ceo, le go dtiubhrad sé chuig an siopa thú le cruadhóig, a's diabhal aithne air 'na dheidh sin, nach fiú ór é.
Droch-chríoch orra(b) fhéin a's ar a gcuid dlighe, mara deas a' chaoi ar aos óg é, nach bhféadfa siad cois a bhualadh ar phort aon-oidhche Domhnaigh 'sa mbliadhain, maran leo(b) póilíos a bheith ar a dtí.
Ara droch-chríoch orra(b) mar mhná. Ná déan a samhailt chor 'bith liom. Ní beag dhóib a bhfuil thar bharr a gcéille aca(b) cheana, a's gan an cleas céadna a dheanamh liomsa = shoraidh dhaob (díob) mar mhná.
Droch-chríoch uirre mar scillingín ghágach, marach leisce a dhul dhá caitheamh suas, ní thiocfainn ina coinne chor ar bith ('sé a raibh sé a fhaghail scilling 'dole').
Droch-chríoch air aghad. Breagh nar lom tú in am é, fharras a bheith dhá choinneál a' seideachan annsin in do ghlaic! (cíonán nar tugadh in am).
→
aibéis
Tá mé in m'aibéis críochnuighthe ag gabhair na Críche Duibhe, atá 'dul i mbraduighil orm imbárr a' bhaile.
→
ainm
Ní fhéadfadh sé aon-deagh-chríoch a bheith air, tús na breithe ag Mac Dé, agus a liachtaighe uair a bhfuil 'ainm tugtha síos le chuile mhíádh.
→
flaisc
Bhí coinín istigh san gcrích, ach ní raibh aon-ghoir a dhul cho fada leis, agus cho hachrannach agus atá flaisc na críche
→
foscadh
Is fhearr a bheith ar thaobh an fhascadh ná ar aghaidh na doininne ar chaoi ar bith. Déanadh duine cho díreach agus is féidir leis, agus ní baol dó an lá deireadh = fear a bhí ag caint ar na Críocha Déannacha; bíodh anam duine glan
→
dairt
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh ins an rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha, le h-ais na gCogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleaghachaí agus le tuaightí. 'Ar ndú, dheamhan deichneabhar a bheadh marbhuighthe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh "bomb" amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoghail. Seo é deire an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos ins an Targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh ins an targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
+
Deagh-chríoch go gcuire Dia ort, a's nar fheice sé an fhad sin de luighe bliadhna ort choidhchin!
TUILLEADH (5) ▼
Deagh-chríoch ó Dhia ort!
Deagh-chríoch go raibh orainn (againn) ar fad! = nar eirighe aon-do-ní dhúinn!
Deagh-chríoch go raibh ar chuile chréatúr!
Deagh-chríoch ort a mhic ó! (beannacht mar bhuidheachas de bharr gar nó soighleasa a dhéanamh) = déarfaidhe go h-áithrid é le duine nach mbeadh pósta fós
Deagh-chríoch ort, agus go dtuga Dia fear mór maith dhuit!
→
dícheall
Droch-chríoch ar a dhichillín suarach! Is postamhail a laibhreochadh sé ins an áit a mbeadh fir!
→
dícéillí
Gearrchaile dícéillidhe a bhí innte nachar thapuigh é, nuair a bhí deis phósta aice leis sin thiar ar an bP. Dheamhan a ngabhfaidh críoch uirre le aon-fhear go bráth ab fhearr di ná é
→
téigh ar
Gabhfaidh droch-chríoch air sin, cuimnigh go bhfuil mise dhá rádh leat. Ní hé a mhalrait a thuilleas sé