Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dícéillidhe
aidiacht as dícéille
duine gan aon-chiall.
+
Duine dícéillidhe é
'Sé is dícéillidhe dhá bhfaca mise in mo shaoghal ariamh. Scaoil sé uaidh teach agus talamh ar amhrán. Dhá gcandáladh sé an áit siúd, ghabhfadh sé trí nó ceathair de chéadta punt
TUILLEADH (5) ▼
Nach dícéillidhe an duinín thú fanacht amuigh de do chailleadh féin a leitheid de lá agus breith mhaith ar an obair sin, ach a dteagaidh lá breagh
Is dícéillidhe an chaoi a bhfuil sé ag caitheamh a shaoghail: ag obair dhá dhearbhráthair annsiúd. 'M'anam ach a n-eirighidh na patairí siúd suas, gur beag é a n-omós dó. Is amhlaidh a chonnaic muid 'chuile lá ariamh é
Nach dícéillidhe an pleoitín thú a dhul ag tabhairt do bhicycle d'fhear nach raibh aithne ná eolas agad air. Níl leath-chirt leat mara bhfeicidh tú aon-dé le do ló aríst air
Gearrchaile dícéillidhe a bhí innte nachar thapuigh é, nuair a bhí deis phósta aice leis sin thiar ar an bP. Dheamhan a ngabhfaidh críoch uirre le aon-fhear go bráth ab fhearr di ná é
Is dícéillidhe an rud atá sé a dhéanamh anois muis, ag cur spray ar fhataí agus gan aon-lorga beo ag gabhail leo

Féach freisin

dí-

dícéillidhe in iontrálacha eile (2)

 
téigh
Is dícéillidhe an fear thú a dhul an abhainn (treasna na h-abhann, a dhul an chara) a leithide d'oíche. Beidh fuarloch (forloch) innte anocht, agus is fánach an chaoi a scuabfaí 'un bealaigh thú, i bhfad uainn an anachain!
 
Níl aon-dul thar an ngiúistís a mhic ó, nó má tá, is duine dícéillidhe a ghabhfadh thairis. Dhá dtugtása é sin go h-árd-chúirt agus dhá gcaithtí aríst thú, bheitheá dhe dhruim tighe. Is tú a bheadh