dícéillí
—
duine gan aon chiall.
+–
Duine dícéillí é
'Sé is dícéillí dhá bhfaca mise in mo shaol ariamh. Scaoil sé uaidh teach agus talamh ar amhrán. Dhá gcantáladh sé an áit siúd, ghabhfadh sé trí nó ceathair de chéadta punt
TUILLEADH (5) ▼
Nach dícéillí an duinín thú fanacht amuigh do do chailleadh féin a leithéid de lá agus breith mhaith ar an obair sin ach a dteaga lá breá
Is dícéillí an chaoi a bhfuil sé ag caitheamh a shaoil: ag obair dhá dheartháir ansiúd. M'anam ach a n-éirí na patairí siúd suas, gur beag é a n-ómós dó. Is amhlaidh a chonaic muid chuile lá ariamh é
Nach dícéillí an pleoitín thú a dhul ag tabhairt do bhicycle d'fhear nach raibh aithne ná eolas agat air. Níl leath an chirt leat mura bhfeice tú aon dé le do ló aríst air
Gearrchaile dícéillí a bhí inti nár thapaigh é nuair a bhí deis phósta aici leis sin thiar ar an bP. Dheamhan a ngabhfaidh críoch uirthi le aon fhear go brách ab fhearr di ná é
Is dícéillí an rud atá sé a dhéanamh anois muis, ag cur spray ar fhataí agus gan aon lorga beo ag gabháil leo
dícéillí in iontrálacha eile (2)
→
téigh
Is dícéillí an fear thú a dhul an abhainn (trasna na habhann, a dhul an chora) a leithide d'oíche. Beidh fuarlach (forloch) inti anocht, agus is fánach an chaoi a scuabfaí chun bealaigh thú, i bhfad uainn an anachain!
Níl aon dul thar an ngiúistís a mhic ó, nó má tá, is duine dícéillí a ghabhfadh thairis. Dhá dtugtása é sin go hardchúirt agus dhá gcaití aríst thú, bheifeá dhe dhroim tí. Is tú a bheadh