Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
céadfhómhar
+
Baineadh píosa den gharraí fataí sin sa gcéadfhómhar — ón uair a thosaítear ag baint na bhfataí nua (lár nó deireadh Iúil), go dtosaítear ag baint fhataí as eádan
Dheamhan fata ag gabháil léithe siúd le baint. Bhain sí sa gcéadfhómhar ar fad iad. B'fhurasta sin di ar scáth a raibh aici
TUILLEADH (2) ▼
Caithfidh mé tuar a chur le haghaidh an chéadfhómhair
Ag cur (fataí) cúilín le haghaidh an chéadfhómhair atá mé na laethantaí seo. Dheamhan a fhios agam má theagann sioc nach ndófadh sé iad
+
Níl fata céadfhómhair ar bith i mbliana againn — fataí a chuirfí luath le go mbeidís isteach luath
Is gearr go mba cheart d'fhataí céadfhómhair a bheith in alt a mbainte anois. Dhá bhfaigheadh an corrach sin thíos againne seachtain eile gréine, bheadh fataí ann. Ach is mór an carghas a dhul dhá mbaint nó go mbeidh siad méadaithe
TUILLEADH (1) ▼
Tá fataí céadfhómhair ar ghort an bhaile. Tharraing mé das ansin thiar inniu agus bhí cuasnóg faoi: chomh mór agus a bheas siad. D'fhéadfaí a bheith ag baint béilí astu anois chuile lá feasta. M'anam nach mór sin. Dheamhan an bhruithneog fhéin seanfhataí againne anois, hé brí céard a dhéanfas aon duine eile. Is dóigh go bhfuil chuile dhuine chomh sportha linn

céadfhómhar in iontrálacha eile (3)

 
Tá chuile fhata ar an bhfeadhain acu lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad bhéilí céadfhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad righnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
 
fuaid
Dhóigh an sioc na fataí céadfhómhair anuraidh orm. Níor tháinig ceann ar a bhfuaid. Dódh ar T. Sh. sa ngarraí sin thuas freisin iad. D'fhás ceann anonn is anall acu mar sin fhéin, ach má d'fhás agus gur fhás, dheamhan fata slán a bhí ar a bhfuaid
 
díbir
Cuir díbirt ar na cearca sin siar amach agus ná déanaidís cis ar easair de na cupla súileog céadfhómhair sin théis ár n-anró.