Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-aimsir
ainmfhocal
aimsir a bheadh go breá, tirim, cóiriúil nó freagrach.
+
Níor fhuagair Bun na hAbhann le dea-aimsir ariamh
Ní dea-aimsir ar bith atá air. Tá garraí ar an ngealaigh
TUILLEADH (1) ▼
B'fhéidir dhó a dhul ar chlaochmú agus ar dhea-aimsir as an nglasuair seo. Tá sinseáil eicínt ar an tráthnóna ar chaoi ar bith

Féach freisin

dea-aimsir in iontrálacha eile (5)

 
Dheamhan dea-chosúlacht ar bith ar an aimsir; is air atá an droch-chosúlacht.
 
fuacht
Tháinig an fuacht luath i mbliana. Diabhal mé go raibh laethantaí ann faoi Fhéil Michil agus sháraigh siad aimsir ar bith a thiocfadh amach i ndubhluachair na bliana. Ó tá sé le caitheamh aige is fhearr é a chaitheamh (an fuacht a chaitheamh) luath sa ngeimhreadh ná a bheith dhá bhuachailleacht go dteaga earrach. Is mairg earrach an dea-gheimhridh ar chuala tú ariamh é?
 
B'fhéidir go bhfaightheá dea-ana anois. Caithfidh cothromacan síne na haimsire a theacht uair eicínt. Ba mhór ab fhiú dhá n-éiríodh sé as an doininnse hé bí é.
 
Déarfá nach bhfuil aon dea-ghealladh faoin aimsir pé acu sin é. Diabhal a dtaitníonn na léasáin sin ó dheas liom. Ní fhaca mé ariamh iad nach ag cothú na huaire móire a bheidís
 
Murar phós daoine i mbliana, ná buailidís a mhilleán ar an aimsir. Dea-Inid a bhí inti